firstLine"; ?>

530. Creach Gaoidheal eg enduine $
Length: long 40qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. Francis. Lib. A25 B. MagNiallghuis1610-
  2. Book of O’Conor Don 1631
Motifs:
  1. English conquest of Ireland
  2. withering landscape on ruler’s death
  3. plight of subjects after ruler’s death
  4. general grief
  5. symptoms of grief (wrung hands, red tears)
Patron Christian Names:
  1. Aodh (Feardorcha)
Patron Surnames:
  1. MagAonghusa d. 1595
Meter Vars:
  1. Casbhairdne
Poem:

Poem in printable PDF format

Creach Gaoidheal éag éanduine

[Franciscan Library A25, 111]

[Casbhairdne, Dán Díreach]


1 Creach Gaoidheal ég énduine

sgaoilead d’ég ar nAodhui-ne

siad dá ég gan áiridhe

is tréd iad gan aodhuire.

2 Síol Róigh fan ccrich Chonnlu-sa

ni bhidh re cóir chleamhnosa

do-chuaidh breth shil sheanRosa

le righ fan teach Teamhro-sa.

3 Mag Áonghasa innélaigh

daorbhasa le doinnndeóraibh

dioth riogh fola finnÉimhir

siogh gan chora coinneobaidh.

4 Frioth sgéla on fhod Eamhnu-sa

is fath dénta doilgheasa

do chuir Aodh siol seanRosa

tar ríomh a ccraobh ccoibhnesa.

5 Ni lean rádh in rirolla

re n-ágh ni ghabh ghéirreanna

ni fhuil fáoi ag féin ríBhanna

na náoi ngéill gan gheimheanna.

6 Slan feasda fion caolluinge

tre easgar riogh Raoilinne

ochd láoich a n-uchd úaraille

fa mhaoith re luchd laoidhinge.

7 Fuair bean d’orchra fhoilgheasa

tre Fhear nDorcha donnfrasa

do-chóidh fa chloinn seanRosa

gan roinn in chlair Chonnla-sa.

8 Teamhoir ’na tuinn commbáthoidh

meadhoir gach fuinn ammuchaidh

breath daor ar fonn bfinnFhiachaidh

bud trom le hAodh n-(d)anduthaigh.

9 Géill o Róigh fa roiri[a]ghoil

teid a ndoigh ar deaghfháidhibh

ni sgél ar siol seanEimhir

an síodh do ér d’fhoráilimh.

10 Ní gar aithne d’óiridhibh

aighthe bas ’na mbeóghonoibh

seal d’orchra gach énoirir

ar Fher nDorcha ag deóradhoibh.

11 Do-níad sgol ol inntleachda

da ccor tar bhron mbántochta

cuimhne ar Aodh nirbh iontugtha

re taobh bhruigne banntrochta.

12 Máoir Ghall d’íar[r]oidh ainndlighidh

mar riaghoil and ollmhoighidh

breath daor ar fiadh bfionnLughaidh

nar iar Aodh ar foghloidhibh.

13 Sé ar chrich Chuinn lé comhaighthibh [112]

a-rís tar tuinn tabhaighthir

fian Eamhna ni hionaibhthir

fa ndearna ar íath n-anaithnidh.

14 Cóir ag cach da comhíarroidh

’na fáth bróin ag banfháidhibh

beag d’orchra shíl sheinÉimhir

a ttír ortha d’falairimh.

15 La glíadh um cheann ccomhronna

ni dhearg siad a seanlanna

cosg tachoir d’fhoir fhionnBhanna

dóibh do dhathaigh dernanna.

16 Rath Eachaidh fa fhíoranshogh

sgáth ar sleasoibh saorroibher

tug raibhthe d’íath Éiriomhon

t’fían d’aithne in gach aonoilén.

17 A ccor o chlar finnMidhe

in mar so a-tá an tairngire

buain t’orchra d’fhuil Rugraidhe

do luigh ortha d’ainbhfine.

18 Teachd ribh fan ccrich Chonnlai-sin

do-bhir grís tre ghealbhosaibh

oile a n-úir fhear n-imriosoin

gan chlúimh fan teagh Teamhro-soin.

19 Fúair námha um Bóinn mbinnénaigh

cóig cána dod commáoinibh

tug th’fhala um iath fhinnÉimhir

fian chabha dod commáoidhimh.

20 An fonn Ír-si ag ainbhfine

’na dhírghe a ccronn chumhruidhe

cóig géill ar chraoi Chonnlai-ne

dot cháoi mar fhréimh Rughroidhe.

21 Siad dot éis san umhlai-sin

nach tíad géill a gealghlasaibh

ni bhaidh neart fear n-imriosain

do reachd fan tteagh tTeamhra-sain.

22 Géill tre fhogra n-ainneónaigh

da mbein d’Fhodla fondfhaoilidh

teacht ribh fa ráth bhfinnÉimhir

nir dhligh cach a commáoidhimh.

23 Clár Té ag teacht led tiomnu-sa

is reachd don fhein Eamhno-sa

síoth re cach do cheanglois-[s]ea

is tráth do shiol sheanRosa.

24 Gan reic nirbh áil t’orchra-sa

do-choidh tar cheilt bfoilcheasa

tuirsi mhna fhir th’iomthu-sa

ní as-tigh [a-tá] an toirrcheas-sa.

25 A suirdhe d’fhóir fhionnUladh [113]

ní chuimhnigh Bhoinn binniodhan

nar an tú ag cóir choilligeadh (?)

ar chrú Roigh do-rinniobhar.

26 Tug sibh an clar Connla-sa

fa rádh fhir an aimhleasa

coig rolla shíl seanRosa

tríbh gan orra n-áighneasa.

27 Fían Doire le doinnndeoraibh

cíall toirrsi ’na ttromfháoidhibh

sgribhne riogh fhuinn finnÉimhir

ag síol cCuinn dod commáoidhimh.

28 Brón órtha um fháoidh n-énloithe

dar sgaoil t’orchra t’fianlaithi

fath deór fúighle fírbheic[h]e

ag cúimhne ar ghleódh ngríanlaithi.

29 Snoighid clocha on coimhling-si

moighid srotha seingmhillsi

tonn tre Aod nacharbh ionloingsi

nir shaor an fond Feidhlim-si.

30 F(f)eadh féirge chúain cheoshrothaigh

ní feirde uaim aoneathair

tug Aodh fa íath righEochaidh

fiar na ccráobh a ccaoildethaigh.

31 D’éis chuingidh chlair sheinEnna

tráigh ’na cuisnibh comhfhúara

aibhne um Búais nar bháranna

do gluais dáirghe dobúana.

32 Siol Róigh gan múr Muiredhaigh

róid ’na cclumh do comhfhoiligh

dirge chraobh fhoid Fheradhaigh

’na chlaon a ccoig conairibh.

33 Cach uile ’na n-uirríodhaibh

’na thuirsi ar thrágh ttonnfháoilidh

breath daor ar fonn bhfhinnEimhir

tonn fan ccaol da commaoidimh.

34 Sriobh nach faghair infhéchaidh

d’fhior a faraimh foighénoidh

doigh dhí ni budh doidhenaimh

Bóin[n] is i ’na hoilenoibh.

35 Tug a bhoing dh’íath finnEimhir

nach bía coill ’na camánaibh

sál os chairt[h]e cuinneobhaidh

fádh gan aithne a n-annálaib[h].

36 Cnúas feadh san íath Eirni-sea

ni íar[r] fer a bhfírmheasa

cuimhne mhaor Meig Aonghusa

ag géig tar raon righleasa.

37 Báthadh ceirt clair seanMhacha [114]

do-bheir tráigh gan tiormshrotha

na righ nach iar ainbhretha

fa íath nÍr is (í) ionghotha.

38 Le loidhe chall cédtamhan

oirir Ghall do ghnáithtileadh

Banba Chuind da chúitiughadh

fuind fhalmha do áitigheadh.

39 Do brígh a dér ndénmhusa

nar fhéch sí na síthgheasa

nir sháor mhnáoi ar Mhág Aonghusa

a cháoi fa rod ríghleasa.

40 Fond Ír gan ghoil ghúallasaidh

do-ní muir do mhíneasoibh

lor d’fhís fan n-íath Énnai-sin

tríath a-rís ’na ríleasoibh.