firstLine"; ?>

531. Creach Gaoidheal i reilg Rois $
Length: very long 65 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 488 (23/N/12) MmcP OLongain1763
  2. Mayn. M2 M. Og O Longain 1818
  3. RIA263(F/i/2)Pead.&Pol O Longain 1820
Prints:
  1. transl. Scot. Gael. Stud. viii, 30-52
Motifs:
  1. patron’s liberality to poets
  2. caithreim, list of triumphs
  3. nature mourns
  4. patron’s death exposes subjects to attack
  5. contrast btn former joys & present grief
  6. general grief for patron
  7. Keening women at graveside
  8. poet’s own mourning
  9. poet would like to visit grave
  10. importation of wine in ships
Poet Christian Names:
  1. Eoin Og (RIA 488)
Poet Surnames:
  1. O Muirgheasain (lit. ‘O Muireadhsain’)
Patron Christian Names:
  1. Ruaidhri mac Tormoid
Patron Surnames:
  1. MacLeoid d. 1626
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Creach Gaoidheal i reilig Rois


[John MacDonald, ‘An elegy for Ruaidhrí Mór’, Scottish Gaelic Studies 8, 27-52]


Eóin Óg Ó Muirgheasáin cct.


1 Creach Gaoidheal i reilig Rois

gan sgaoileadh geimhil a nglais;

bráighe gill cháich i gcrois

i ráith Rois ’s ní fhill tar ais.


2 Lá deabhtha ní dhírghid sluaigh

le mílidh dearbhtha ’na dhiaidh;

cia an t-aoinfhear is urra dhóibh,

cuma fóir Ghaoidheal i ngliaidh.


3 Fear tátha ar dtíri-ne téid,

brágha as a sínfidhe ar seóid;

mná gan snoighe a mbos ní bhíd

i Ros ar líg loighe í Leóid.


4 Mac Tormóid ó’d-chlos i gcriaidh

ba lomród ón chrodh gach cluain,

d’éis í Olbhair do dhol dín

do shín crodh fa cholbhaidh cuain.


5 Leasg déineamh san mbrugh-sa i mbíodh,

ní husa éisteacht a sgéal;

slán éinfhir ’s a dhol don dún

cúl do chor re déinimh déar.


6 Tearc ag mnaoi toirse nách tráigh

dom chaoi gion go gcoisgear féin;

do shearg cumha ban an bhróin;

lugha um nóin a gal san ghréin.


7 Mo ramhuirn-se ó ríoghraidh Sgí

le hatuirse íocfaidh mé;

cuirfead geall i gceardaibh caoi

nár bh’fhearr ó mhnaoi Ealgaigh é.


8 Sgol na Banbha go Ros róinn,

sgol Alban ag dol ’na dáil;

léigthear tós caoine don chléir,

a nós féin is daoire dháibh.


9 Atámaid gan triall dá fhios

mar bhrághaid do bhiadh i nglas;

cead linn mar do-ním a-nos,

bím i Ros agus inn as.


10 Dáileamh buair iomlatach óir,

fá thiodhlacadh níor thuair béim;

gus an gcomhraidh i bhfoil fúinn

níor dhúin soin comhlaidh re gcléir.


11 Críoch gach meadhair déineamh déar;

do-bhearair éimdheadh ’nar n-ól;

mionca reimhe é fá fhíon,

do líon mé an bleidhe do bhrón.


12 Le feadhain daoinigh ’na dhiaidh

ní sgaoiltir go mbearair buaidh;

ní mhaoidheabh gur daoineach dhóibh

fóir Ghaoidheal is aoinneach uain.


13 Iomdha tuirse éisttir uam,

ní héidir nách tuillte a dtnúdh;

muna bheith gul leam do lón

do b’fhearr clódh ná dul don dún.


14 Biodhbha le gceiltear a cháin

mionca do bheireadh a mbuaidh;

téid go cách dá gcomhthaibh féin

an réir ba gnáth orthaibh uain.


15 Bean nuailí ag caitheamh a clí

mar chaitheas Ruaidhrí mo ré,

créad asar gheall cur rem chaoi

gul ag mnaoi leis nár mheall mé?


16 Tig dod dhul go neimheadh naoimh

an t-eineach do chur fá chiaigh;

cia as urra ’na ndaoire dháibh

cuma do dháimh daoine id dhiaidh.


17 Ní fuighthear le féile nua

éinfhear do chuirfeadh id chló;

guais nách téid ó theasta tú

a clú feasta i méid is mó.


18 Guais do dheóradhaibh id dhiaidh

ar . . . duais daoir;

aithne cháigh ar a gcrodh féin

do bhéin do dháimh ar ndol daoibh.


19 Gur lighis ar chearchaill chriadh

ní hibhthe acht dearbhchuirm san dún;

cuid dot fhoghlaibh ar ndol díon

fíon cobhlaigh dá chor ar gcúl.


20 Gul gacha fir ní caoi chiúin,

mar sin ag maoith do na mnáibh;

gion gur laoidheadh inn ar h’uaigh

do chuaidh sinn ós caoineadh cháigh.


21 Fine Conaire ó Chliaigh Mháil

gan rothoirse id dhiaidh níor dhóigh;

Muiligh ó fhéachain ar h’uaigh

déanaimh suain is duiligh dhóibh.


22 Ní frith leó do chora i gcriaidh,

náid a ngona a ngleó ’s a ngéill;

ní hí a ndiomdha is dochta dháibh;

folta cháigh is iomdha ar t’fhéin.


23 Sirthe biodhbhadh tar bord cuain,

ní hiongnadh gur trom an tóir;

a bhfríoth linn do cheanaibh cháigh

sinn dá dháil id dheaghaidh dhóibh.


24 Líon caoine ag teacht as gach tír,

ar ndaoine fán leacht nach léir;

slógh Fionnghall dot aithle ar h’uaigh

ní thiobhram uaidh aithne ar h’fhéin.


25 Mór is éigean d’aiseag uainn

aithreach an t-éigeart ’gat fhéin;

beanaid cách dar ndúthaigh dínn

an tír ba gnáth fúthaibh féin.


26 Do thréig gaoth a míne ar moirn,

fraoch san tír-se ar an dtuinn,

fiodh toraidh ní tharla i gcoill,

croinn fhalmha a bonaibh dá mbuing.


27 Ní choisg roineimh réallann reóidh,

na hoirir fa éanbharr smuail;

sí d’fhoghail níor aidhbhsigh tír

le bhfoghair tríbh d’aimsir fhuair.


28 Níor an ’na dheóidh sriobh ná sruth

a-niogh tre Mhac Leóid nár leath;

an feadh do shín moir a-mach

a bhrath soin ar thír is-teach.


29 Iothla brughadh ar bruach túir

is lugha ná luach a síl;

ní thig gort tre thalamh tuair

cuma uair ’s a thocht i dtír.


30 Siabhraid a ngníomha ’s a ngné

na síona ad-chiamaid dod chaoi;

do neól cumhadh ós clár Sgí

dubhadh do-ní i lár an laoi.


31 Táille an ghlasmhara is dá ghníomh

asnadha báirce do bhrúdh;

téid le confadh tonn i dtrágh

an long lán don orchradh úr.


32 Breac feasta ní foighthear ar lionn;

ó theasta ní toirtheach call;

ionann dó is do tharthaibh tonn

ní mó ar chronn san talmhain thall.


33 Do chruinnigh gach sgol do sgaoil

go Ros ina bhfuil-sean féin;

ar n-anadh d’ó Olbhair uainn

ón talamh thuaidh connmhaidh cléir.


34 Dá fhad uadha bhím a-bhos

bím ’na ghar ag bualadh bas;

gion go bhfuirghinn riamh i Ros

triall a-nos ní fhuilngim as.


35 Is é is fhochain deirge im dhéir

do-chonnairc mé a mheirge sróill;

do luathaigh ar dhéaraibh dhuinn

súil ar chuachaibh éanaigh óir.


36 Sgéal a bháis do dhearbhaigh dhamh

léim dearmhaid ar dháil na bhfleadh;

fáth as nach gabhaim fám ghul

cách ag dul tarainn is-teagh.


37 Ní racha tréar mbádhadh bróin

ar námha nó ar gcara i gcéin;

mór d’fhoghlaibh i gcuimhne cháigh,

duilghe dháibh an foghlaidh féin.


38 Cia shirfeas don fhaithche ionn

as a aithle i n-Insibh Gall;

ó nach mar an urra is fhearr

cuma leam gach ar an ann.


39 Cosg foiréigne ré bhfíoch cáigh

gníomh bhus doidhéinmhe ’na dhiaidh;

aoinfhear do chách mar do chóidh

sgáth ar fhóir Ghaoidheal le a ngliaidh.


40 Tús dá fhoghlaidh i n-iath Ír,

- nár ba foghlaidh Dia ’na dhiaidh -

do bhíodh ós cách in gach céim;

níor ghnáth béim dá ghníomh i ngliaidh.


41 Sliocht Bhriain Bhallaigh níor dhíon dóibh

a ngalaigh ar ghníomh a shluaigh;

’s níor bh’fheirrde i dtealaigh dá dtóir;

fóir Eilge um cheanaibh do chuaidh.


42 Áird Uladh d’argain dá fhéin

curadh do árdaigh a n-uaill;

easbhaidh daoine a theacht don tóir

ó neart slóigh an taoibhe thuaidh.


43 . . . a chrodh do chuaidh

fá . . . ar ndul dáibh

ag dul ann ní bearar béim

d’fhéin na hEaradh i n-am áigh.


44 Tar Drobhaois tar Sligigh siar

gan shlighidh rochaoil ’na raon,

tug iarraidh ar ndíol na ndámh,

a lán díobh triallaidh re a thaobh.


45 Baile an Mhúta adhnaidh uaidh

gan adhbhaidh dúnta ’na dhiaidh;

comha is dá déanamh dhóibh

fóir Sgí ní ghéabhadh gan gliaidh.


46 Dún Mheic Fheórais airgthear uaidh;

- go ndaingne seólais tar sáil -

beag da bhfoghlaibh san tír thiar

is riar síl Olbhair an áigh.


47 Taibhgheóir a ndíola don dáimh

ó daighLeóid le díorma a shlóigh;

go bhfuair troimriar as gach taoibh

maoir uaidh fán gCoirrshliabh do chóidh.


48 Fir Chonnacht mar do an uaidh

a gcrodh ar sgolaibh do sgaoil;

lorg a fhaghla tré Áth Luain

sgáth uaidh mar tharla ar gach taoibh.


49 Tugsad dá gcreachaibh ar gclódh

curaidh ba deacair do dhíol;

fáth daingin níor bh’fheirrde uadh

sluagh Eilge ó Ghaillimh dá ghníomh.


50 Sé an tan-soin dá dtaobhadh tóir

dá ghasraidh níor bhaoghal béim;

Goill fá Eas Dara ’na dhiaidh

treas do ghliaidh nách rabha réidh.


51 Groighe ó Chonnachtaibh ar gcúl

- Conallaigh do roinne a ríomh -

tug do dháimh daoineallach uadh

’s buar Baoigheallach dháibh mar dhíol.


52 Crodh Bóghaineach d’éigsibh uaidh

dá óroineach ní hé a-mháin,

ní thug ar ais uatha féin

réir ’s na tuatha lais do láimh.


53 Crodh Fánad i ndíol na ndámh

síol nDálaigh do loc a luadh;

siris an deóraidh do dhíol

díon ag Inis Eóghain uadh.


54 A bhfuair riamh mun ráith-sin Ír

do riar buair nó d’fháinnibh óir

- gan áireamh ar chrodh do chléir -

ag réir sgol do dháileadh dhóibh.


55 Caithréim Mheic Leóid ceann i gceann

breith a eóil níor fhaisnéis ghann;

ní cheilim-se lorg a long

tar bord tonn geilInse Gall.


56 Tar éis teachta ó Tholaigh Ír

téid orthaibh le healta slóigh;

fine Domhnaill san taobh thuaidh

níor shaor buain dá dhoghraing dhóibh.


57 Sluagh go dTrontarnais ag triall uaidh

ag móirchreachadh . . .

a bhiodhbha tarla re a thaoibh,

raoin fhaghla is iomdha ar a húir.


58 Dún Tuilm dá cheanaibh ní chéal

deabhaidh a chuilg ar a chúl;

grís do chur don fhaithche uadh

smual dá aithle ag dul don dún.


59 Meinic a hUibheast le a fhéin

an bhuidhean le a mbeirthi buaidh,

creacha troma ag teacht i dtír;

tar neart síl gColla do chuaidh.


60 Ar éigin nochar ghon i ngleódh

as a los ní léigthi uadh

d’fhior eólais ar mbreith fán mbiadh;

do-chiam creich Leódhais gan bhuadh.


61 D’fhoiléim a ghasradh i ngliaidh

fá oiléan ealta bhiodh uaidh,

do chuir mar tharadh i dtráigh

fuil cháigh fá chaladh an chuain.


62 Sléibhte fá a gceanaibh do chuaidh,

ón gcéidchion ní dheachaidh dhíbh;

beag do sgíos fhaghla ar a fhéin,

fá a gcíos féin tarla ’na dtír.


63 Adhaint uatha ar lar an laoi

ar dtabhairt cuarta um chlár Sgí,

amhlaidh soin do b’fhuaire é

sé uaidhe gan bhoin do bhí.


64 A ruaig chobhlaigh ar Chloinn Eóin

ar tonnmhuir do bhoing dá mbrígh;

beag ba leanta líon a shlóigh

níor dhíon dóibh a dteachta i dtír.


65 Inse Gall fá guais a bhrath,

a shluaigh meisde an t-am do leath;

gur dheónaigh Dia an deadhail mhoch;

fá Loch Feabhail cia nár chreach.