firstLine"; ?>

532. Creacht gan leigheas lot Cruachan $
Length: long 35qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 540c (C/iv/1) O Maoilchonaire 17th c
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. Patron’s prowess in battle
  3. war with the Foreigners
  4. death of patron signals end to peace
  5. general grief for patron
  6. Classical allusions
  7. sickness
Poet Christian Names:
  1. Tomas (RIA540)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Feidhlim
Patron Surnames:
  1. MacDubhghaill d. 1643
Apologue Subclasses:
  1. German prince died in moment of victory
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Créacht gan leigheas lot Cruachan

[RIA 540 (C/iv/1), 176r]

Tomás Ó hUiginn cecinit

Dated to 1643 in final qt

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Créchd gan leighios lot Crúachan

teidhm da ttáinig díothrúathar

da roineimh gan chládh ó a ceas

doiligh lámh ina leighios.

2 Do-chúaidh a ccainnsior a-stoigh

goin tinn an ticne báoghluigh

sláinte mar sein ni dóigh dhi

don neimh do-chóidh ’na croidhe.

3 As easgar a mbél bhearna

crécht cainnsir clódh cinneamhna

no neimh áir núatuirsi a-nochd

táir an Chrúachuin-si Connachd.

4 Do lagadh loinne a brotha

tárruidh úathbhás n-égrotha

a slóighfhine ag égnach air

d’égcruth cróilighe a cúmpair.

5 Gidh mór lén do loit isi

da sníomh le sáoth n-aingceisi

a síorfpudhar fa sáimh dhi

go críochnughadh áir uirthe.

6 Ní ’na n-ám do Chrúachuin Chuinn

bás Fhéilim mac Meic Dubhghuill

láoich ghríbhfhearrdha fá gnáth seadh

a ttráth gnímhfheadhma Gáoidhiol.

7 Ní nár dhí dul as a cruth

Crúacha Chuinn na cceas ndocrach

a nglíaidh dá glé gan doirche

fa hé líaigh a leasoighthe.

8 Readhg tinn do tholl a croidhe

lot gan leighios n-eólchaire

creidhim as cás dá teasgadh

bás Fhéilim a héineasgar.

9 A tiomna as dénta dhi-si

beag dá hanáil innti-si

an úair-si le tol teadhma

fúair-si cor na cinneamhna.

10 Ní féidir a furtochd sin

do chaill sí seadh a gaisgidh

a coimheagar ní díon di

don roileagadh fíor fúair-si.

11 Ní guth do Chrúachain chladhuigh

a cnáoi dhá chrécht ndocamhuil

Gáoidheal do chráidh a croidhe

áoinfhear áir a heólchaire.

12 D’aimhdheóin Ghall na ngníomh bfrithir

líaigh ó a bfúair-si fóirithin

a senChrúacuin fá tuir thrén

leathbhúachail cruidh a chaithfhrém.

13 Mur cháoir bhruithnigh or bhrúchd goil

do bhíodh ar bearntaibh báoghail

ag súr comha ag corcradh sleagh

ag dortadh fola féinneadh.

14 Mar loinne an leómhain bhuidhe

mar Aichil da hionghuire

caithmhílidh gan ghuth a ngal

do aithmhínigh bruth biodhbhadh.

15 Creachóir Dhanar deargadh lann

seabhac lonn ag lot eachdronn

áoibhiol dab infheadhma rath

sáoirfher cridhfhearrdha cosgrach.

16 A n-ám seasda fá sail bhuinn [176v]

clíathuighe chloinne Dubhghuill

gríobh sáorchúanna nar shén rath

láochbhúanna trén san treaschath.

17 A cceann rúag don dara ruit

do-bheireadh sidhe seabhuic

lé háongha lé húathadh slúaigh

ag cáomhna Crúachan cladhfhúair.

18 A-tá mar chréchd Chrúachan Áoi

sgél lionmhur far leath dércháoi

feadh glíadh an fhíoroirir áigh

ar griobhoighir d’fíadh Almáin.

19 Tángadar thrá tuirthe glíadh

d’eachdrannuibh threibhe Tuirrían

fonn síothbhláithgheal nar thuill tár

do dhíothláithreadh fhuinn Almán.

20 Ní fhéchadh d’úathadh feaghna

oighir Almáin oireaghdha

ó thol gan tráigh dá ccomach

do chor áir na n-allmharrach.

21 Gach bráthghoimh dá mbíoth ’na cionn

gach gúais gach gábhadh coitchenn

’na ré dá raithgheall docra

fá hé a ccaithcheann cosanta.

22 Dá chonfadh a ccenn Danar

nir chronaigh a chrechtnughadh

súil lé síorchur a mbáire

dá ndíothchar d’úir Almháine.

23 An Almáin gerbh ordhairc sonn

d’ég a hoighir re leatróm

re bél cabhra dá cosgar

sén gan tarbha tárrthosdair.

24 Tainic dall cíach ós a cionn

do leath a turbhuidh tímchioll

táir cneasgoin thinn a tréda

d’easbhuigh cinn a coimhéda.

25 Goill Chrúachan na ccaithchleas ndían

láoich dhanardha treabh tTuirrian

créidhim dhoiligh na dáimhe

Féilím oighir Almháinne.

26 Olc an t-ám do thuit a ttres

a n-ám a lot do leigheas

núachar da foighéguibh féin

coimhéduigh Crúachan chloidhréigh.

27 Nir airigh áladh domhuin

dá bfuair sí a sáoth docamhail

’na béd búdh créidhim do chách

go hég d’Féilim a n-antráth.

28 Lé bithneimh ní ghabhadh gráin

dá díon mar oighir Almáin

ar gach doghruing thiar as toir

a ngrían chomhluinn do chosuin.

29 Bioth ar a son féin feasda

do chaill fear a fírsheasda

madhmanna a mhíanuigh do dhligh

d’fíaghain glanrolla an ghaisgidh.

30 Ní nár ó a-né gus a-niogh

mar tá Crúacha dá cháoineadh

do chaill sí seadh a hágha

as í an bhean gan bharána.

31 Caoinfidh fós a bfad a-nonn

go fóill ní léir a leatrom

níos foide ag faisgin deacra

oide an ghaisgidh Gháoidhealta.

32 [C]ía an dúil dá dhaingne croidhe

caidhe an sbiorad sbéiridhe

cía an foghluigh frómhtha láimh linn

náchar chráidh orchra Fhéilim.

33 Ní lugha lén na leanb mbáoth

mó ’s a chách ceas a bfíorlaoch

líonmhar gan tuilg a ttuirsi

fiorbhun uird na heaguilse.

34 Mar táid ó theadhmuibh docra

síabhradh na ndúl ndomhanta

a-tá ó dhligheadh drúagh na ndrécht

mo chineadh úadh fa éinchrécht. Cré...

35 Trí blíaghna cethrachad cruinn

áois Criosd se chéd dég dearbhuim

do Chrúachuin cheibhfhinn cás dhi

ar mbás d’Féilim san uair-se. [date 1643]

Do sgríobhas do réir úghdair an dána-sa féin