firstLine"; ?>

533. Cread a-nois fhuirgheas Eamonn? $
Length: long 39qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. Francis. A25 B. MagNiallghuis c. 1610-
  2. NLS Adv 72/1/44 17th cent.
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 18
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. harrying
  3. War with English
  4. Hostages
  5. prophecies
  6. proverbs qq 33-5
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (Francis.A 25)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Eamonn
Patron Surnames:
  1. a Burc
Apologue Subclasses:
  1. Eber & Eremon
  2. Conn & Mog Nuadat
  3. Pompey & Caesar
  4. Siege of Troy
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Créad a-nois fhuirgheas Éamonn?


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 18; with additions from Celtica 18, 70-71]


1 Créad anois fhuirgheas Éamonn?

eadamar ní fhuiléangam,

mar gach brághaid ar breith nGall,

bheith mar támaid re tamall.


2 Do bhí cách ’ga chor i suim,

fad an fhuirighsin Éamuinn,

suil do hadhnadh uaill an fhir,

suil fuair adhbhar far éirigh.


3 Ní fheadar créad do chongaibh

mac ríogh an fhóid Umhallaigh,

mar ghiall i ngeimhleachaibh Ghall,

riamh fa fheilbhreathaibh eachtrann.


4 Ní sgíos gliadh, ní guais troide,

ní díoth sluaigh ná sochroide

do bhí ag gabháil riamh roimhe

re triall bhranáin Bhóroimhe.


5 Ní laithe corra is ciontach

ris an éasgaidh n-aigiontach -

lámh re gcailltear Cró na bhFionn -

ní mó is dailtion nó doinionn.


6 Ní choisgfidis a chneas seang

d’argain nó d’fhoghail Éireann,

i dtráth imdheachta don fhior,

tinghealta fáth nó filiodh.


7 Aithnidh damhsa agus do féin

anos re haimsir n-imchéin -

ceann muirir chraobhAchaidh Chuinn -

aonachain fhuirigh Éamuinn.


8 Méad a mhaoineadh ’sa mhaithis,

ríoghamhlacht a rofhlaithis -

Clár tirmlíggeal na dTrí bhFionn -

do bhí ag imdhídean Éirionn.


9 Níor airigh féin ní fa nimh -

is í is ciall dó go deimhin

san fhuireachsoin dá dhreich dhuinn -

do bheith d’uireasbhaidh Éamuinn.


10 An fad do fuileóngthaoi dhó

bheith gan imneadh gan annró,

do bhiadh Éire ’na linn láin

ón bhinn go ’chéile i gcéadáir.


11­ Ón tráth do cuireadh ’na cheann

beid Goill is Gaoidhil Éireann

lomlán do cheilg fa ’chéile,

lomlán d’fheirg is d’aimhréidhe.


12 Ní nár fuilngeadh roimhe riamh

ná fuilngeadh mac Meic Uilliam,

cúis na teagmhála ó tá ann

ní lá eadrána d’Éamann.


13 Ó tá an easaonta ag adhaint,

ná cuireadh i gcontabhairt

go madh éadóigh d’onchoin Bhreagh

a n-éagóir orthoibh d’fhilleadh.


14 Air do cuireadh an cogadh

gan chead don óg abhradubh,

d’ursoin mhórthroide Chláir Chuirc

dóthchoide an dáil do dhíoghuilt.


15 Atá riamh ó ré na sean

an cogadh air dá fhilleadh

re fear a eadrána air,

fear na teagmhála ar tosaigh.


16 Cia an t-éanchogadh riamh roimhe

nách air féin do fillfidhe -

gi bé do thogaibh i dtús? -

na cogaidh is é a n-iomthús.


17 Ga beag dúin d’fhiadhnaise air

tionól Poimp, sluaigheadh Séasair?

d’ua na flatha ó chlár Chnodhbha

dál an Chatha Chathardha.


18 Poimp, más fhíor, is é do chuir

tús cogaidh i gceann Shéasoir,

gér chaithréimeach so re seal,

aithmhéileach dho fa dheireadh.


19 Do sgrios Séasair, is sé a chríoch,

Poimp, ar tús tug an t-eisíoth,

’sna sluaigh éachtmhara ón tír thoir,

do bhrígh céadchara an chogaidh.


20 Atáid riamh ’ga gcor ar gcúl

lucht na himreasna d’fhadúdh

do luagh a gcogaidh do chor,

obair nách dual gan díoghal.


21 Olc do-chuaidh do chath na Traoi

tógbháil cogaidh an chéadlaoi,

dream nár fhéag adhbhar cogaidh -

damhradh Ghréag do ghríosadair.


22 Níor mheas lucht na Traoi ar tosaigh

fan gcogadh ndúr ndíochrasoin -

gearr go bhfuair folaidh a n-uilc -

sluaigh an domhain dá ndíobuirt.


23 Gidh eadh ní hamhlaidh tharrla

sgriostar iad dá n-atharrdha

le féin móir ngníomhmolta [nGréag]

síorshompla is cóir do choimhéad.


24 An lucht do chuir an cogadh

Gréagaigh dóibh níor dhamhadar,

n­á duine dá síol ó soin,

do shuidhe dhíobh ’na dhúthoigh.


25 Cogadh a mhac samhla sin

ar Éireamhón mhac Mílidh,

fa chrích ródghlais bhféinneadh bhFáil,

fógrais Éibhear go héagáir.


26 Torchuir Éibhear dá aithle,

dob í críoch a gcathaighthe,

le hÉireamhón ’na mhóid mhir,

fa ghlémheadhón Fhóid Fhuinidh.


27 Mugh Nuadhad mór is Mugh Néid,

maith do híocadh leó a leithéid,

síodh do chéadobadh ar Chonn,

gníomh nár fhéadodar d’fhulong.


28 Do dhícheann Conn leath ar leath

Mugh Néid, Mugh Nuadhad neimhneach,

táinig re síol bhflatha Fáil

gan fhíor gcatha do chongbháil.


29 Díoth amhlaidh, ós air bristear,

go madh d’Éamann innistear,

gá cáil ’nar deimhnighthe a ndol

neimhdhlighthe cáigh i gcogadh.


30 Do rinn[eadh] an éagóir air

air do tógbhadh tús cogaidh

móid rodhaingean dar mhó [a mhodh]

dó níor comhoilledh connradh


31 Gan bhriseadh síth ná slána

’s a lot ar lár síothchána -

amharc súl glainfhréimhe Gall -

nách túr aimhréidhe d’Éamann.


32 Mín Connacht an gcéin do bhiadh

fúthaibh ó mhac Meic Uilliam,

dá lot níor ainnleanta air

gairbhghleannta cnoc is criathraigh.


33 Budh ceann i gcuithe leómhain

don druing uaibhrigh aimhdheónaigh

tír a shean d’fhaghail ón fhior,

nó is aghaidh ar teagh dteineadh.


34 Nó is lámh nocht i nead gríbhe

ar tí coillte a céidlíne

buain dá dhreich ghlórmhálla ghlain,

nó is beich óghlána d’argain.


35 Nó is cor catha tar comhaidh,

nó is buain shéad do shíothbhroghaibh -

mairg dan dán dol dá féaghain -

nó is crádh con fa a coiléanaibh.


36 Nó is bas fa fhaobhraibh arm nocht,

nó is beithir dearg do dhúsacht

don fhéin tirmleasaigh tar t[uinn]

béin fa imreasain Éamuinn.


37 Nó an saoileann duine ar domhan

tar éis Éamuinn d’fholmhoghadh -

clár dathchaoin na ndúinteadh slim -

go bhfúigfeadh athmhaoin Éireann?


38 Dá saoildis níor saoilte dháibh,

olc nách urusa d’eadráin -

fichidh díbheirge dá druim -

crithir fhírfheirge Éamuinn.


39 Ní lámh ar áirighe d’fhior

argoin laoich Locha hOirb[sean]

.................................

a corr a hairdibh Éireann.


From here down from Celtica 18, 71.


40 Same as q. 11


41 Fir Éirenn budh aithreach dáibh

gach aindlighedh, gach égáir,

dár imredar, druim ar druim,

ar fhinndreagan fhuinn Ubhoill.


42 Le méd an bhuaidhridh bhias ann

sáireóchthar orra ó Émann

taisi ríogh fhionnachaidh Fháil

líon a n-imachoir d’fhagháil.


43 Biaidh uidhi laoi eidir dá lios

ar fedh Éirionn ó uaignes,

biaidh gach aird a h-aithle an fhir

gan aithne aird tar íslibh.


44 Biaidh bos tinnedh tar gach tír

ad diaighsi, a mheic mheic Dháibhídh,,

bert nach ciallaidh ar chlár tTé

budh lán d’fhiaghaibh gach énchr[é].


45 Ní bhia Éire, ó thuinn go tuinn,

mar do bhí, iar n-argoin Émoinn,

tír na sruth bhfoirfe bhfos[aidh],

coidche fán chruth cédnasin.


46 Ní bhia innte as a h-aithle

acht bréid slatach sáraighthe;

biaid orl..............................

..........................................