Poem in printable PDF format
Créad agaibh
aoidhigh a gcéin?
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 20]
1 Créd agaibh
aoidhigh a gcéin,
a ghiolla gusan
ngaillsgéimh,
a dhream
ghaoidhealta ghallda,
naoidheanta
sheang shaorchlannda?
2 An choinnimhsi
atá in bhur ttoigh,
ar dtoigheacht a
gcéin chugaibh,
do cleachtadh
dháibh fíon d’ibhe
do láimh ríogh nó
ridire.
3 Meinic do
chaithsead a gcuid
do láimh abadh nó
easbuig;
ní bhuaidhrid
gaillteach dá nglór,
nocha cainnteach
a gcomhól.
4 Meisi a
maighistir múinte,
minic mé a measg
ghallchúirte,
beag do charaibh
chuirim dhíom,
suidhim ar
aghaidh airdríogh.
5 Tárruim dá gach
rígh roineart,
aoibhinn damh ar
deóruigheacht,
uasal mo riocht
sa tír thoir,
ni bhínn gan
chniocht am chumaidh.
6 Ní dó sin
adtrásta atú,
a mheic Uilliam,
a onchú;
’s ná labhradh
sé, a fhlaith Laighean,
an té bhus maith
molfaidhear.
7 Fearr neach ele
iná he féin
dá mholadh, madh
maith eiséin;
neach féin go mór
dhá mholadh,
céim as lór dá
lochdughadh.
8 Ar teicheadh
tánag anos
chugad ón ló nár
lamhos
bheith fá
chosaibh chloinne Cuinn,
ar losaibh
dhoirre Domhnuill.
9 Domhnall Doire
is Droma Cliabh,
ná treig dhó mé,
a mheic Uilliam;
neach dá mbí go
cruaidh ad chionn,
an rí thuaidh
nocha tréigeann.
l0 Beag ar bhfala
risin bhfear,
bachlach do
bheith dom cháineadh,
mé do mharbhadh
an mhoghadh -
a Dhé, an adhbhar
anfholadh?
11 Rí Easa Ruaidh
do-rinne
bagar orm tré
aininne
do-ghén tréna
ngealltaibh dhamh
mo bhél ré
seabhcaibh Saxan.
12 Mé ar
h’eineach ’s ar eineach nGall,
’s gach aon
iomarchas iarann;
a nathair sheang
ghlan gharccsa,
gabh fád cheann
mo chonmharccsa.
13 Cá fios nach
tiucfadh ad theagh
aos dána na ccóig
ccóigeadh?
fiafraigh gach
aonuam as fhearr
do shaorshluagh
iarthair Éireann.
14 Ní saoi gach
file lé fios;
nocha n-ughdar
gach éigios;
do chneassa
ad-chiam gan ainimh;
dá dtrian feasa
fiafraighidh.
15 Ní comhfhad
bhíos barr na mér,
ní bhí uile cách
coimhthrén;
clár nocha bí gan
bhranán,
ní bhí ál gan
uachtarán.
16 Tusa ceann do
chinidh féin,
a mheic Uilliam
go n-óirnéimh;
an té as fhearr
dá gach aicme,
as hé as ceann
don chlannmhaicne.
17 Beag a fhios
agad, dar leam,
cia misi
d’fhearaibh Éireann;
spéis am dhánuibh
dhlighe dhe,
Ó Dálaigh Midhe
meise.
18 A Riocaird óig
an fhuinn ghloin,
ó nach mair
Uilliam t’athair,
do ghiall Clann
Uilliam uile
dod bharr
chruinnfhiar chróchbhuidhe.
19 As leat
Cruacha mhór Mheadhbha,
Teamhair, as tú a
tighearna;
ón ló as é do
theagh Teamhair,
as mo chean a
cóigeadhaigh!
20 As leatsa Múr
Mheic an Duinn,
dán hainm Caislén
Ui Chonuing;
as leat anoisi an
cladh clach
dár ghabh Mac
Coisi an cédrath.
21 Áluinn slios
an tighe thall
an tráth fá
dheóigh do dhéchsam;
ni fhacaidh súil
slios tighe
go bhfios dúin
budh daoinighe; -
22 Teagh budh
leabhra gile lámh,
teagh budh tana
troigh bhonnbhán,
teagh budh
connloighe cladhfholt,
’s budh
lonnraighe lámhanart; -
23 Teagh budh
gile guala is ucht,
is budh
bélchorcra banntracht,
teagh budh
cromghlanbhuidhe cúil
os gormabhruighe
glasshúil; -
24 Teagh budh lia
uscar órdha,
teagh budh lia
fear friothólmha,
teagh budh lia
dáileamh deighfhear, -
nár sáidheadh ’s
nach sáithfidhear!
25 A Riocaird
Bheinne Bladhma,
ná tréig an t-aos
ealadhna;
gibé oirbheart
do-né neach,
ni hoirdhearc é
gan eineach.
26 Ná beir
leithbhreith, a fhlaith Gall,
ná tréig ar thrén
an t-anbhfann;
sgél éithigh ná
hadhair dhe,
ná tabhair
bréithir mbréige.
27 Ná bí red
bhiodhbhaidh go min,
ná bí go huis ré
hairdrígh,
ná bí ar tí
chagaidh ar chlag,
ná bí ar abaidh
ná ar easbag.
28 Ná bí re
mílidh go meata,
ná bí ré mnaoi go
míleata,
ná bí ar filidh
go fortail,
a rí an chinidh
Chonnachtaigh.
29 Fá
neimhiongnadh uair eile
a Riocaird, a
ridire,
each luath ó
Gholl ’na[r] nglaicne
nó cuach corr go
gcubhairchre.