firstLine"; ?>

535. Cread an t-uamhan-so ar fhein Ghall? $
Length: long 42qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA626 O’Curry transcr. of BOCD
  2. Book of O’Conor Don 1631
  3. RIA1 (23/D/14) 17th c. Co. Offaly?
  4. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. poet incites to war
  3. spartan life of warriors
  4. War with English
  5. destruction of foreigners prophesied
  6. the Highkingship of Ireland
  7. historical precedent
Poet Christian Names:
  1. Domhnall mac Daire BOCD
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach mac Donnchaidh
Patron Surnames:
  1. O Briain (executed Galway 1581)
Apologue Subclasses:
  1. Mathghamhain’s truce, Brian fights on
  2. Basilisk killed by seeing own reflection
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Créad an t-uamhan-so ar fhéin Ghall?

[O’Conor Don, 291b]

Domhnall mac Dáire Mhic Bruaidedha

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Créd an t-uamhan-so ar fhéin Gall

d’éis cosnuimh criche Fréumhonn

fan bféin síth ttiormslúaighigh ttigh

do-cím iomlúaigil éigin.

2 Ní bhíd lá gan lucht bfeithme

meince ag cách a cruinneighthe

gasradh fhionn greadhúaibhreac Gall

nemhsuaimhneach liom a labrann.

3 A-táid fós más fíor linne

a ccuan chathrach Doiblinne

foirne lúata long luchtmur

a-nonn úatha ag iomluchtadh.

4 An tasg ríogh nó an rabadh slúaigh [292a]

thug an láochradh lán d’anbhúain

d’íath glainMhidhe do bhí a mbroid

nó an (n)í an tairrngire tánoig.

5 Do geallsat fáidhe fada ó shoins

sgrios cniochtGhall criche Fionntain

maidm ré sáorcat[h] slúaigh Gháoidhiol

uaim a n-aolchlach d’atsgáoiliodh.

6 Aithni(ghi)m nach d’áonfhath oile

na Goill-si ghuirt Láoghoire

treigter leó senchlacha a sen

acht gleó mearcatha Maisden.

7 Cía as gúais leó do chor ’na ccenn

ó táid ríoghradh fhoid Eirionn

dar leinn ’na n-íarluibh úmhla

don dreim iarnaigh allmhurdha.

8 Fachuin ghuaise Ghall tTemhrach

mac ríogh ó tTáil Torrdealbach

dar mhesamair fád na bFionn

fa ttád esurraid Eirionn.

9 Furtacht Banbha na mbrug ccorr

búaidhredh síodha shlúagh echtronn

gá ttá mé dhó fa dheiredh

ag so an té dar tairrngeiredh.

10 Ar chath Saxan na slúagh ttiugh

as é mháoidhid mic Mhiledh

ursa ghaisgidh chlann cCóbhthaigh

thall a Maisdin mhiontulchaigh.

11 Íadhfaid(h) leis ní láochradh mhion

clanna ríogh na ccóig ccóigiodh

láoich thogha as trén a n[d]ecroibh

én ortha as gach énealtoin.

12 Fir chodlus a ccichibh slíabh

ní fhédfuid Goill ghuirt Maicníadh

lucht na múr ccnesáolta ccorr

rún a n-esáonta d’fulong.

13 Ogbaid mhenmnach mhic Donnchaid

mór leó ar leigsiod d’allmurr(a)chaibh

d’íath mionshlatghlan Mogha Néid

síodhmhacradh Logha a leithéid.

14 Dáilfider cuilg cháor nimhe

ferfuid frasa teinntighe

da mbróin crannrúaidh cháoilslegh sen

ag máoidhemh ghlanslúaigh Gháoidel.

15 Ógbaidh oile a haithghin sin

fa mac ríogh don fréimh Mhuimhnigh

fer robhaidh ann nirbh egail

d’foghail Ghall do ghlúaisiodur.

16 Fían Lochlann nar loc iomghoin

lionuid Éirinn imiolghloin

clár tonnbhán tholchadh na bFionn

tromdhámh tar dromcladh dílionn.

17 Do bhí treimsi mur a-ta [a-]niugh

trén aca ar ógbaidh Gháoidhiol

lerga túir bráonchláir Bhanbha

fán láochdháimh n[d]úir ndanardha.

18 Ni bhidís Goill na ccolg tte

na Dáil cCais na ccolg síthe

seal ré chéile acht a ccogad [292b]

Éire as-tegh go ttugadur.

19 Do snaidm síad d’éis gach éigin

Mathgamuin mac Cinneidigh

is clann réidh trealamhcon[n] Táil

re féin senLochlann siotcháin.

20 Brían mac Cinneidigh cruth sáor

an úair-si as é ’na macáomh

ní fríoth d’áontoil ré fhine

síoth nir áontoigh d’ainbfine.

21 Do-níad certroinn clann tSádhba

ann-séin ar síoth Mathgamna

fa Brían nár mhóidlíonmur mionn

do íadh oigrioghradh Éirionn.

22 Do bhíodh seal ar sliabh cClaire

Brían ’sa chédlucht combáidhe

seal ag Máidh ttiormcoiltigh ttais

dháibh ’s ag fionnchoilltibh Fhorgais.

23 Gasradh óg na n-arm bfoirfe

nír chlecht síad seal áonoidhche

gan éucht Ghoill na goradh lis

dho thoill an foghal d’aithris.

24 Gur díbredh leis láochradh Ghall

mur sin dó díocra an fulang

nir chuir Brían céil ’na chenoibh

go béin geill do Gháoidhealaibh.

25 Tarla dhóibh ina dhíaigh sin

sgrios Dhál cCais tar chúan Luimnigh

ó Chlíach [leg. -igh?] gealtolchaidh mín máil

a ttír d’echtronn(a)chaibh d’fagbháil.

26 Do ghiall do ghallaibh Banbha

íarla ó cCais cló Mathghamhna

gan a-nú acht íarlocht ’gan fhior

agar dhú gríanghort Gáoidhiol.

27 Tú a Thorrdealbaig [a] taobh seng

sháoilid cách d’fhurtocht Éirenn

búdh tú seinBrían chlann cCóbhthaigh

neimríar Ghall ad ghníomharthaibh.

28 Dlighter dháoibh dhénamh fághla

do chosnamh chláir ríoghBhanbha

dlighter crúaidhleaptha chíogh Gall

is síon fhúairsnechta d’fhulang.

29 Tosach fáolchon mur fuair sionn

bhíos ar ardfhlaithius Éirionn

crioch náomhdha na neimhiodh ccáoin

is deiriodh máordha macáoimh.

30 Gnáth ’na thós creacha is cogtha

ag sin di an dealbh fháolchonta

an righe an tann fá ttilter

a mini as ann aithinter.

31 Cennus Eirionn an fheóir náoi

da réir sin as edh géubhtháoi

bíaidh Banbha Cuinn fad comhthaibh

do druim t’fhaghla ar allmurr(a)chaibh.

32 Gur fhás tusa túar cumhaidh

a mhic na mná ó ríghLondain

a mná féin do thoghail a Tráois

Danair da leim ní lamhtháoi.

33 Baisiliosgas péisd nimhe [293a]

bhios a n-íat[h]aibh airidhe

mar budh sí ní slim a nimh

gach ní ara sill da súilibh.

34 Da lucht seilge as é as erradh

glainbeirte ar na ghliúchengal

nach léir an láochraidh asda

do mháothghloin shéimh sholasda.

35 A nimh d’filledh uirrthi féin

as é as bás don beisd aigmhéil

ó’d(o)-chi a sgáth sa ghloin(e) guirm-si

ag soin fáth na f(h)oghairsi.

36 Tusa féin fer na seilge

Goill Bhreg beisd na díbheirge

séimhe na gloine ad grúaidh (gloin) gil

a[g] buain goimhe as a ngúisibh.

37 Dealradh Gall ad grúaidh corcra

o’d-chíd féin fáth gúasachta

tig da nim féin a bfhoghail

ag sin ceill a ccúalabhair.

38 Gé a-ta ar Gallaibh na ngreadh seng

táisg cruais ag cosnamh Éireann

sás a snoidhe ag slúagh Caisil

oide don crúadh cedna-sin.

39 Úa na nÍarla(dh) ó ráth Durlais

úa an Íarla ón Mháigh moghanglais

úa ríoghBhúrcach na ríar ttrom

ó fhiadh miondruchtach Manann.

40 Úa Catháoir Mhóir fa mín dreach

úa Dhál cCais na ccolg néimhnec

úa Éimhir an fhuinn sgathaigh

úa Cuinn cheillidh Chédcathaig.

41 Ua na ttriocha ríogh rathmur

dar geill Banbha braondhathglan

da bpórábhluibh féin na fir

do fréimh orarmoigh Éimhir.

42 Dó a-táid ag túar na ríghe

bláth fedh as fáoidh deighshíne

máighre ar srothaibh ag snamh

budh lán fochain gach fionncré. Créd...