firstLine"; ?>

537. Cread da sealbhuinn damh an dan? $
Length: very long 68qq
Certainty: 3
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. bardiccon
Manuscripts:
  1. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R.1744-
  2. Mayn. M56 M. mc P.Ui Longain et al. 18c
  3. Mayn. B3b late 18th c.?
  4. RIA1029 (23/E/15) M.Og OLongain1797-
  5. Mayn M 2 M. Og O Longain 1818 Cork
Prints:
  1. transl. Studies 40, 352
Motifs:
  1. poet’s curse
  2. bard
  3. lesser arts
  4. education of poets
  5. reading & writing poetry
  6. criticism of another poet’s skill
  7. earlier textsnamed [Accallam & Auraicept]
  8. allusion to Ruaraiocht
  9. gaming
  10. proverbs qq. 8, 65
Poet Christian Names:
  1. Fearfeasa RIA3
Poet Surnames:
  1. O’n Chainte
Patron Christian Names:
  1. Gofraidh mac Briain
Patron Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Créad dá sealbhainn damh an dán?


[McKenna, L.: Studies 40 (1951) 352-63]


Fear Feasa Ó’n Cháinte


1 Créad dá sealbhainn damh an dán

a fhir do thairg mo thochrádh

cuma duitse cia dan ceart

go ria do thuigse a ttreiseacht.


2 Dá roinntí dán an domhain

ar oidibh ar adhbhoruibh

nocho tháir do thuigse bhog

ní náir duitse do dhearmod.


3 A-tá mo lámh is mo laoidh

mar fhiadhnaise orm d’aontaoibh

más é a ttagruim do ard th’olc

admhuim go hard a n-éabhart.


4 A-dubhart dleacht a rádha

baoth don dreim nach diongmhála

car re céadfaidh mo cheirde

téachtmhuir glan na Gaoidheilge.


5 Gach aonchúis fhoghnas don dán

a-tá liom lór dom neamhthár

neamhthais an mhaith re maoidheamh

do sgaith sheanchais shaorGhaoidheal.


6 Gidh mór sin an seanchas féin

beag nar airléaghas ainnséin

beag mo cheas trá ar a thighibh

do bhá treas dá thaithighidh.


7 Ní dhéanabh cainnt seachas sain

go bhfuilim inghill ionntaibh

na leabhair do léaghadh liom

ní shéanabh d’fhearaibh Éireann.


8 Do thóghbhas ó tharla rum

seanrann do-róineadh romham

neach féin go mór dá mholadh

céim as lór dá lochtoghadh.


9 Níor shealbhas acht do shaoidhibh

dán an iomhois fhorraoinigh

beag an mhaoidhimh a Dhé dhamh

mé do shaoidhibh dam shealbhadh.


10 Am shaoith do mheasas mé féin

a measg oideadh n-iuil doiléir

gar mheisde mé dá mheas sin

óir nar cheas é ar na hoidibh?


11 An tan nach teilgfinn acht daoi

’s nach méadóchuinn acht mórshaoi

ó nach saith as dleside dul

gar mheisde an mhaith do mholadh?


12 Aithnim ór admhuigh tusa

nach d’aos iuil an iomhusa

ná don droing dhiongmhála sibh

led dhoirr n-iolghrána n-aidhbhsigh.


13 Do bhí dhuit ris na daoidhibh

dul ’na gcath do chéaddaoinibh

biodh nar cheard éirghe as a n-ucht

ní fearg dhéinmhe do dhásacht.


14 Do chuiris iad a n-umhlacht

ná taitneann re tuathumhlacht

deilbh shaoroige rú na ribh

is tú as aonoide uaisdibh.


15 Tugais tathaoir nar thugtha

le daoitheamhlacht dúbulta

don fhuirm sin mo rann roibheacht

’s gan ann sin acht sruthoireacht.


16 Do chumuis do chomhrádh bhog

mar do bheath a fhios agad

ní nar ionráidh rem oige

ar tí iomráidh t’fhochroige.


17 D’éis do labhra a los goimhe

ní dubhairt tú, a thrudoire,

acht ní as eagal a rrádh ribh

ad dhán ’na theagar tuaithbhil.


18 Dá ttuilinn mar nar thuillios

guin mh’aighthe tre fhábhuillfhios

dom chailg do badh doiligh dul

mairg rom oiligh gan adhbhar.


19 Ina bheathaidh dá mbeadh soin

t’athair beag Brian an bhaothroidh

sár ar laoidhibh ní léamhadh

dán aoinfhir ní oirléaghadh.


20 Buain fam inghreim olc fuarais

ort do chlé is do challuabhais

teacht le nimh ttnúidh dom thinnmhe

fa úir libh ní leigfimne.


21 Do chréim ní cuirthe a n-umhuil

ní nach annamh fhuarubhuir

ró sáir ar aba th’oile

fada táir, a thrudoire.


22 Led ghoin ní gabhtha beadhgadh

ní fhuil fheidhm ar th’imdheargadh

ní ar talamh ní toibhéim lat

doimhéin a n-aghar ionnat.


23 Níor dhóigh leat a lámh dhona

nar anbháil an ealodha

mar do labhrais do sheinm sháir

ar dheilbh n-abhrais ’s ar úcáil.


24 Ní hionann ’s do mheilt mhuilinn

na tiomsuighthe thiomsuighim

a n-ionbhuidh m’ionnsuighthe ort

ní tiomsuighthe gan tábhocht.


25 An phearsa duir ailm oile

cread é a substaint síorroidhe

tar cheann t’aitheasg gan fhoirm n-uill

as roicheisd oirbh a n-abruim.


26 Ní haithne dhuit mar is dleacht

ifín amharcholl d’éifeacht

náid na feadha is cóir ’na gcionn

eabha ná óir ná uillionn.


27 An dá nion aithbheach oile

nó an ceann-fo-chrois cialloidhe

ní feas doid a dhaoi lochtach

do throid ar aoi as iomarcach.


28 Ní thug tú a toigh na sgoile

créad fa ngoirthear guthoighe

ná réim as doirche dluighe

choidhche ná a céill connsuine.


29 Gá méad iairmbéarla uile

labhruid an t-aos eagnuidhe

bíodh nach teisd choimse an cadádh

is ceist oirbhse, a amadán.


30 Créad é iairmbéarla re rádh

ní feas duit dia dod rothár

acht iarraidh ar nach antair

ar chiallaibh a ccongantaibh.


31 An gramatach glacthar libh

ní fhidir tú as taom tuisil

ná an ní as sia do lean dod cheird

cia do gheabh annsa nGaoidheilg.


32 Ní haithmhéalach ionnta sibh

le neart ainbhfis at innibh

ní reiche trá tar do thapadh

na neithe atá a ttreasfhocal.


33 Níor thógbhais eisdibh aiceacht

Agallamh ná Uraiceapt

acht mearfuil tar chéill dod char

dod réir theannchuir na ttuathadh.


34 Bíodh gurab éadtrom iad so

a-taoi ainbhfiosach ionnta

ní reiche choidhche ’na chionn

na neithe doirche a-deiriom.


35 Gach ní ’s a ainbhfios fhuil ort

a-tá ní tairm gan tábhocht

na rolla a bhfoghthuir ar fad

um fhochruibh sonna sealad.


36 Mar badh tusa an tobar fis

nach mór an t-adhbhar aithis

do thoirm mar gach ndaoidh san dán

’s gan d’fhoirm at aoibh acht anál.


37 Le hadhbhar nó gan fhachain

níor bharr aonshaoi m’ealathain

truagh saoithe óm thagra ’na ttocht

’s madra gaoithe dá ngreasacht.


38 Amhasdrach dá eagla féin

do-ní an madra le míchéill

nó go dtarraing air an t-olc

dá thail ní fhaghbhaim annsocht.


39 Búireadh an buinéan léana

a n-ionadhaibh uaithmhéala

gi bé aitreabh ina n-an

ní faicthear é acht go hannamh.


40 Mac alla na n-alt ndorcha

labhraidh sé go siabhartha

gé do-ní ábhacht re headh

ní bhí tábhacht ’na thairmsean.


41 Tusa do bheith beo nó marbh

ní fios....

gur thairngis léim m’fheirge ort

led ghréim ngeirge dam ghreasocht.


42 Iosdadh cúthuil do chleachtais

fada uait na hoireachtais

ar nglacadh t’aighnis ’na oil

bacadh th’ainbhfis ní fhéadoir.


43 Truagh ná fuil d’fhiachaibh oruibh

let ainbhios gan ealodhain

saighidh go hárainn fhóid Bhreagh

a dtárainn na ccóig ccóigeadh.


44 Saoth lem meanma dar mó móid

nach saoi a-tá ad chuid don chuspóid

olc linn ar malairt dá mhéid

sinn do labhairt led leithéid.


45 Fuair tú tuisleadh fád ghrádhaibh

ar gcaill ar do chéaddálaibh

bíodh gur chná hoige m’anaimse

do bhá am oide agaibhse.


46 A-tá gléas an gha bolga

dá dtiocfadh haoi d’ionnarba

gléad mhairbheas roghoimh do rann

’na fhailgheas oraibh agam.


47 An lá ba lia na sgola

nó ba aibche an ealodha

ar bhfagháil ghill gér liach libh

do bhiath sinn ar na saoithibh.


48 Ní dhéanaim acht dioghluim ghlan

nó go ndioghluighim m’fhoghmhar

cúis fhorbhtha leagar am leith

mo theagar bhfromhtha fírbhreith.


49 M’ionnlach dá thaobh ní thuillim

bídh an dioghluim dhioghluighim

am dhiaidh gan léas gan lochta

ná déas fhiaidh ná fhoghalta.


50 Do chuala ní cúis fhortuil

t’iomad ainmne ar iollochtaibh

adhbhar magaidh soin fa seach

’s nach foil agaibh acht éitheach.


51 Gnás ná caoiche níor chumas

im dhán ní fhuil ionannas

ní fhuil searbhrádh ná gnúis gharg

neamhnár dom chúis an comharg.


52 Nochan uil gnúis as ghairbhe

ná inneach as éadaingne

ná a snas ar a sníomh nach fuil

is glas an sníomh an sníomhsoin.


53 Níor léaghais i ló a bhfighe

ceathramha ’na claonfhighe

a-dréacht mo ghaos tar do ghoimh

ná maos i ndréacht dom dhréachtaibh.


54 A-táid na molta i modh chóir

ní fhuil ailm i n-áit éagcóir

ní fhuil onn acht ’na ionadh

i sonn ní fhuil oibrioghadh.


55 Do shnáth meallach nó gan mheall

do shnáth géar neamhúr neimhghearr

cainnt bhorrfaidh gan eagna n-uill

freagra orthaibh ní obruim.


56 Más í an imirt as éigse

más í an chaint a choimhéidse

beag mo shainnt i slimbeirt sonn

an chaint ’s an imbeirt agom.


57 A fuirm éidigh bhur ndealbha

tuigfid saoithe saoitheamhla

nach scoláir ná oide ibh

ronáir t’oige idir éigsibh.


58 Ní léir duit do dhíth aithne

ná fuil ’na dhréacht dearsgnaighthe

do dhán fann as amh ughdar

gan ann acht car comhurdadh.


59 Éabhadh gan cheart gan chuma

cuma is eidir eatorra

mairg a Dhé dán dod dhán

ní dán é agus ní habhrán.


60 Focail tréithe gan taca

focail bhoga bunata

ní gléas cosnaimh leath ar leath

fan ngréas n-omhsoin acht inneach.


61 Focal barbartha as bheag sult

mionfhocal nach mór tábhacht

foirm bhaoth as ronár do reic

ad rabhán maoth is meinic.


62 Tuigse ’na tuigse ghloine

níor bharrsad ar mbriathroine

ní fearr tuigse do throd rinn

bog do chuidse don chointinn.


63 Mar mheasuim giodh mór do chainnt

ní fhuil siansa ná substaint

a ní ar bith dar labhradh libh

acht rioth amhghlan at fhuighlibh.


64 Mór an sruith oidis fhoirbhthe

mór bhfealmhac bhféith bhfaobhoirthe

as fhearr iná thú ar mo thréad

as gheall rem chlú do choimhéad.


65 Éagcóir nar anuis ad thosd

acht nach gabhann tú teagosg

gan bhuain a ttreas oideadh n-áith

nar mheas croideamh do chomhráith.


66 Giodh dóigh leat féin go bhfuile

at fhoghluinntidh eagnuidhe

mar gach leanbhán lór do ghuth

mór dod leamhdhán is lochtach.


67 Tathaoir m’éigse gan fhalaidh

más go héigceart fhuaramair

ná raibh rath go héag oruibh

bréag gan dath a-dubhrobhuir.


68 A bhaird gan an mbairdneacht féin

a abhlóir bhig, a bheigéir

mar shruth ngarg gidh teann a-taoi

do gheall lem bard do-béarthaoi.