Poem in printable PDF format
Créad do choisc
cogadh Laighean?
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 50]
Mathghamhuin Ó
hUiginn .cc.
1 Créd do choisc
cogadh Laighean
triall cáich sul
do críochnuigheadh?
créd fáth a
síothaighthe soin
tar Ráth
bhfíochfhoirfe bhFionntain?
2 Gus aniú ní
raibhe riamh
tosach síodha ag
sluagh Gailian
tar mhéd oire
Fhuinn Criomhthoin
ó dhruing oile
d’Éirionnchalbh.
3 Do
chleachtdaois do chleachtadh dáibh,
dámadh síoth
d’Éirinn fhódbháin,
triall
neamhfhosaidh gus a-niugh
fá fhiadh
ghreaghfhosaidh Gaoidhiul.
4 Tós cogaidh do
thocht dá ttaoibh
fá mionca lé
cloinn Chathaoir
iná tós síodha
acht ré seal;
na síona fós ag
filleadh.
5 Níor saoileadh
go tteacht as-teagh
fosaidh Gall re
gort Gaoidheal
teacht dóibh tar
Éireanncha air,
slóigh fá
déidheancha ag deabhaidh.
6 Gus an umhla
nua-sa a-niugh
ní chualamar cath
Laighiun
gan rún fichidh
gliadh lé goimh,
riamh gan
chrithir san gcagail.
7 Ní fonn síth,
ní súil ré haoibh,
as ciontach re
cloinn Cathaoir;
ní combáidh ré
cathoibh Gall
fachoin fhorráin
dá n-iomchrann.
8 Gá ttú, is é a
n-adhbhar soin.
fuaradh Féilim
mheic Fiachaidh:
ón anbhuain do
chleacht fá a gceann
barrbhuain
bu-dheacht a ndícheall.
9 Ní guth dó
éirghe as a n-ucht,
leis teagmhadh
tús a nguasocht,
dá chiorrbhadh a
gcéidrinn ghliadh
fá fhionnmhagh
géigshlim Ghailian.
10 Do cuirthí ar
mhac meic Aodha
cédfhromhadh cath
bhforraonda;
gach ceas ’na
cheann do cuirthe,
teann na ttreas a
tteagmhuighthe.
11 Meallta dhó
[dia do phudhoir]
méd ar fhulaing
d’iorghalaibh
ag fornaidhe
thoir is tiar
do thoil
gormmuighe Gailian.
12 Ní choigleadh
a chrú a gcathaibh,
ní fhilleadh ó
anfhachain,
ag sníomh lann,
ag cor chosguir
gomh Ghall nó gur
ghríosasdoir.
13 Ní sheachnadh
bearnain mbaoghluigh,
ní fhilleadh ó
iolfhaobhruibh
do shúil
ionghoire beann mBreagh
tar ceann
lionnmhoighe Laighean.
14 Críoch
Laighion na leargmhagh gcuir
dá roinntí do
réir dochuir,
ar bheith ag
turbhródh gach tinn
do-seich a
hurmhór d’Fhéilim.
15 Dá bhfaghadh
sé, is sé ar meas,
cion a anshóidh
dá haoibhneas,
ní dhruidfeadh ré
tocht as-teagh,
ní thuigfeadh olc
dá n-uigheadh.
16 Forghla a
ndochar, díon a gcean,
air do chuirdís
cath Laighean,
’s gan leath
sochair dá roinn ris,
do mhothuigh
choill a gcairdis.
17 Ód-chí a
n-égcomhthrom air,
maith fuair
Feilim mac Fiachaidh,
’s ar chosain
d’orghráin orthaibh,
congmháil
fhosaidh d’allmhurchaibh
18 Cúis a maca
samhla soin
tarla ag
ainmhidhe alloidh,
teidhm nár
hadhnadh a aithghin,
fá sheilbh
adhbhadh n-anaithnidh.
19 Leómhain is
nathruigh nimhe
tarla a n-inis
d’áiridhe,
nó gur shní
croidhe a gcolga,
ar tí ar-oile
d’ionnarba.
20 Treabh na
leómhan a leath dí,
aitreabh na
nathrach neimhi
san taobh ar-aill
don innsi,
nár fhaomh faill
’na feithimh-si.
21 Biasda bunaidh
na hinnsi
tig dá ttnúth ’na
timchill-si,
ar meabhsoin a
holc fán eing
cneasghoin a
gcorp gan choigeill.
22 Iar sin leigid
na leómhuin
díobh re hintinn
éidtreóraigh
a bhfeirg ar
throime a ttoirsi
ag seilg loinne
an leómhain-si.
23 Na nathracha
Goill Ghuirt Breagh,
na leómhain
laochruidh Laighean,
tug sé a
n-aithbheóghadh inn,
is é an
flaithleómhan Feilim.
24 Goill na tíre
ag tógbháil chinn
ón uair do airis
Feilim;
bann ’gá
ttreabhthachoibh ré [a] taoibh
fá
sheanchlochuibh clann gCathaoir.
25 Ní thaobhaid
Laighnigh lot Goill,
ní thógbhuid airm
dá n-ealchoing;
ortha féin do
chló a gconfaidh
ón ló as réidh do
Raghnallchaibh.
26 Giodh eadh
trá, dá ngríosdais Goill
fearg ar-ís ar Ua
nDomhnuill,
mór bhfear dárbh
athfhabhairt soin;
ceadh acht
athadhoint fhalaigh?
27 An teine ó
théid a ttreisi,
deacair eadráin
oirthei-si;
guais fothradh a
frosa soin,
osa a tornamh ó
thosaigh.
28 Dá ttógdaois
ar thuir mBearbha
dul ’na armuibh
infheadhma.
siar go Cliodhna
ngreaghaigh ngil
dob iomdha
d’fhearaibh éididh.
29 Ní bhia slios
laoich go Line,
dá ngabha a cholg
cneisnimhe,
’s go hAird Uladh
fá gclaon coill,
ná taobh curadh
gan chathloinn.
30 Dá gcuire a
chathbharr ’ma cheann,
ní bhia am
Chliaigh ná a gCnoc Raoileann
ar n-ionnsma
reann a gcleath gcorr
neach gan a
cheann a gcathbharr.
31 Ní bhia mar
iadh fhiséil spuir,
mar shilfeas a
shreabh cogaidh,
spor a gcomhdha
ar fheadh an fhuinn
ná sleagh ná omna
ar ealchuing.
32 Dá ngabha
aradhain eich,
ní fágthur uime
d’aoinleith
láimh ré teach
Gaoidhil ná Goill
each aoinfhir
acht ’na hudhaim.
33 Mac Saidhbhe,
glún ré Galloibh,
iocht dá
n-adhruid Raghnallaigh,
a mhire a
n-éigion an áigh,
tine nách éidior
d’eadráin.
34 Beithir lonn
lingeas treasa,
rún foghla, fos
flaitheasa,
díon droibhél,
caomhtha coguidh,
coilén fraochdha
fíorabuidh.
35 Sraoineadh
troda, toirneamh gliadh,
tairseach cean
críche Gailian,
gus beithrioch
fichidh fala,
crithir
fheithmhioch iomghona.
36 Biaidh síoth a
Laighnibh ré a linn
ón tráth do
thoiris Féilim;
lasfuidh grian,
gealfuidh an ré,
fearthuin ní iar
an úirchré.
37 Ceangal síthe,
seachnadh goimh,
eól dún, a
inghean Fhiachaidh,
bíodh nach
fionnfadh cogar cean,
cogadh d’iomchar
madh éigean.
38 Cuid oile dá
hairrdhibh sin
feithiomh ceall,
caomhna neimhidh,
ní adhrann baos
do bhunadh,
an t-aos anbhfann
d’anaghal.
39 Biaidh a clú
ar congmháil uaidhe,
congbhaidh sí ar
sén deaghuaire,
múr treabhamhra a
tteannta scol,
ceardcha ar
n-ealadhna dh'óradh.
40 Méin a
haithreadh adhruidh soin,
inghean
Fhiachaidh Í Thuathoil,
béim cogair dí ní
dleaghair;
ní cogail í ar
aoigheadhaibh.