firstLine"; ?>

542. Cread fa dta Tadhg is Lughaidh? $
Length: middling 16qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. bardiccon
Manuscripts:
  1. RIA1170 Sean O hAodha 1828
  2. RIA 1382 (23/O/73) T. Hickey 1814-30
  3. RIA 498 (23/B/24)1816-37
  4. RIA101 (23/L/3) Sean O Conaill 1824
Prints:
  1. transl. McKenna, Iom. i, p. 114
Motifs:
  1. the reading and writing of poetry ?
  2. English conquest of Ireland
  3. Hunting
Poet Christian Names:
  1. Mathghamhain (RIA1382, 498, 101)
Poet Surnames:
  1. O hIfearnain
Patron Christian Names:
  1. Lughaidh
  2. Tadhg mac Daire +
Patron Surnames:
  1. MacBruaideadha +
  2. O Cleirigh
Apologue Subclasses:
  1. Fox v. cat while wolf-cub eats pig
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Créad fá dtá Tadhg is Lughaidh?


[McKenna, L. Iomarbhágh na bhFileadh (Irish Texts Society, vols 20, 21, 1918); no. 11]


Mathghamhain Ó hIfearnáin .cct.


1 Créad fá dtá Tadhg is Lughaidh

sgathadh ’s folmhadh dealbhughaidh

do chinn neart adhbhal orra

reacht gan adhbhar eatorra.


2 Ní leo fa raoir acht roinn bheag

sleachta na bhflaith fá bhfuilead

rann is-teach tháinig tharsa

sa leath thall don talamh-sa.


3 Éibhear más é ba shine

nó Éireamhón orra-idhe

sgéal nach móide mo mheadhair

tréan óighe ’na n-oighreadhaibh.


4 Cluinidh is creididh ar aon

mo sgéal maith a dhá mhacaomh

a dtriall a Thaidhg is Lughaidh

mairg nach cian ód chualabhair.


5 Do bhí an cat ’s an sionnach seal

lé chéile i gcumann daingean

ag seilg fhiadhaigh is éanlaith

fa leirg dhiamhair dhroibhéalaigh.


6 Fríth peata muice measa

leo san choill fa choimhneasa

bpairt na tuirce don droing dil

i roinn na muice méithe.


7 Roinn ar ar chuireadar cion

an íoth don tsean ón tsóisear

fa bhríogh móide na deire

níor dhíol óige an fhírei-se.


8 I n-aois an chait cumthar leis

céad bliadhan bréag an ireis

téid an sionnach suas ó shoin

i gcruas brionnach ar bhréagaibh.


9 Do chum an sionnach a suim

re rae teacht Chríost i gcolainn

greidhm don íoth lé níor léigeadh

críoch nárbh é níorbh fhoiréigean.


10 Tig onchú uaibhreach allaidh

chuca mar do chualamair

nar aontuigh d’aois aca soin

gaois ní fhaca na n-aosaibh.


11 Coiléan borb bliadhna go leith

nachar ghéill d’aois fhir ainbhfeith

leis ar mire an íoth ’s an fheoil

ón tine d’fhíoch is d’aimhdheoin.


12 Baramhail do bheirim dí

iath Éireann íoth na muice

críoch na sliom-thúr dtiorm-ghlan dte

ní hiongnadh iomthnúdh impe.


13 ’S iad so an sionnach is an cat

Tadhg Lughaidh lán leor d’iomlat

gleic na suadh saobh an cogadh

duadh ar aon gé fhuaradar.


14 Rád na n-ollamh ná héisd ris

an Gall-óg onchú an áithis

do chuir sé a gcinnseal ó chion

’s é as sinnsear ’s as sóisear.


15 Ní thagraim leat a Lughaidh

ná re Tadhg ré dtarlabhair

fá dtagraim ní triall chum táir

ciall a n-abraim is eadráin.


16 Brobhadh leabhar eirigh as

a Lughaidh dár léir eolas

déanadh fuaradh ná tairg troid

’s is d’uamhan Thaidhg a-támaid.