firstLine"; ?>

545. Cread fuarais orm a Aoidh? $
Length: middling 17qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. petition
  2. warning
Manuscripts:
  1. RIA1 (23/D/14) 17th c. Co. Offaly?
Prints:
  1. transl. Celtica xvii, 95
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. poet rescuing kindred ?
  3. poet to be compensated
  4. dangers of satire
  5. legal terminology
Poet Christian Names:
  1. Maolmhuire mac ConUladh (RIA1)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1602
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Créd fúarais oram, a Áoidh?


[Pádraig A. Breatnach, ‘A poem of protest’, Celtica 17, 91-100]


Maolmuire mac Con Uladh Mic an Bhaird cc.


1 Créd fúarais oram, a Áoidh?

ní fhidir meisi, a mhacáoimh,

cé ’tá ag adhnadh mh’fhaladh

créd hé an t-adhbhar úarabhar.


2 Créd í an chúis do-rinneas rut,

nó créd as adhbhar agut,

a ghríobh airgneach fhérchráoi Fhloinn,

fá mbértháoi ainbhreath oroinn?


3 An ar an táobh ó ttá mé,

nó an orum féin fúair sibhse

gan bheith damhsa mur dhlighe?

Cleith na hannsa an oirbhire.


4 Nó an as mh’aithne ’tá tusa

dhamh, nó do dhíoth m’eólusa,

gé ’táoi ag béin a dúalais di,

nó an béim úarais ar mh’éigsi?


5 Nó an tríd do-rinnis dóigh dhíom

nach tabhraim fhuil na n-airdríogh

ad ghruaidh leargdhuinn go lú shéimh,

’s nach dearguim hí go haigmhéil?


6 Nó an é as meas dod mhalaidh chaim

ormsa, a rí fhréimhe Conaill,

- cóir a lomadh más sé sin -

nach orradh mé ré muinntir?


7 Urra mé rém mhuinntir féin;

ná bean asam a n-éinchéim;

a cConall dámadh díon dáibh

nar dhíobh . . . a bhfagháil.


8 A hÍ Dhomhnaill, níor dhluigh dhuibh

cur énfhocail am aghaidh

fán lucht leanamhna as dleacht dún;

neart na healadhna ar n-iompúdh.


9 Éccóir duit dol am aghaidh

am chóir trá sul tángabhair;

orbh í ar ndóigh as do dhreich ghloin

a beith gan tóir a tabhaigh.


10 Fán ccóirsi nár chonghmhuis damh

minic do bhínn dod bhagar

’s tú a láimh a ngíallghlasaibh Gall,

a ghríanlasair chláir Chúalann.


11 Mó do sháoileassa cóir cáigh

do bheith agam at anáir

- do-chóidh an úairsi am aghaidh -

ná ar ccóir úaibhsi d’fhanamhain.


12 Ní fhuil agum, a ucht tais,

fear an égnaigh at fhégmais;

dob édóigh súil re seise,

mh’éccóir fúibh dá bhfuilngeisi.


13 Gan tabhairt mo dhúalghais damh

cá fios dúinn nach é h’adhbhar

nó go mbeinn inghill n-anma,

’s go ndingninn eirr mh’ealadhna?


14 Gibé inmhe as dóigh dhúinne,

dóigh liomsa, a fhlaith fionnBhúille,

a bhfagháil gurab fiú mé

a-niú a n-anáir ar n-éigse.


15 Déna féin mar dhlighthear dhíbh,

lór seal d’aighneas re hairdrígh!

om fád rádh, a rí Uisnigh,

gach ní as ál mun adhbhuirsin!


16 Ó tá ar ndúthchas fád dheirc mhoill

dlighthear dhuitsi, a Í Dhomhnuill,

cur leam nó go n-aghar é,

a thamhan as fhearr úirchré.


17 Congnamh Róisi níor mhaith mé

bíodh sí mar dhlighthear dhise

’na táir fá mh’égnach oraibh

a chédbhrath cláir Chonchobhair.