firstLine"; ?>

549. Cread so ag buaidhreadh ban nGaoidheal? $
Length: long 45qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early c. 1600?
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy wp
Manuscripts:
  1. NLI G348 S. O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS 1726<1622 ex
  3. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no. 60
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. imagery to describe patron
  3. qualities of patron’s character
  4. nobility of patron’s ancestry
  5. comparison of patron with all others
  6. jealousy
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (Harvard O’Byrne MS)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Rois dau. of Fiachaidh mac Airt,
Patron Surnames:
  1. O Broin
  2. O Tuathail w. of Fiach. m. Aodha
Apologue Subclasses:
  1. Olivia dau Kg of Greece her women jealous
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Créad so ag buaidhreadh ban nGaoidheal?


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 60]


Eochaidh Ó hEodhasa .cc.


1 Créd so ag buaidhreadh ban nGaoidheal

in díoth óir nó iolmhaoineadh

cúis aithmhéile in díorma dhil?

ríoghna flaithfhréimhe fuinidh.

2 An easbhaidh caomh nó carad,

nó in cogadh críoch n-eascarad

is marbhadh dá méd meanman?

créd adhbhar na n-inghionradh?

3 An goimh éada is fháth dá múich?

in fáth nó in fiuchadh iomthnúith?

na banshluaigh ciodh créd a gcor,

méd a n-amhluaidh ní hiongnadh.

4 Ní éirghid gan aigneadh saobh,

ní luighid acht lán d’anaobh:

mná Muighe báineasgraigh Breagh

ráimheasgthair uile a n-aigneadh.

5 Ní thiobhradh adhbhar eile

acht fuath énmhná d’áireidhe.

ríoghna Craoi fhérdhlúith Earca

gach laoi a n-énmhúich aigeanta.

6 Róis inghean Fhiachaidh meic Airt.

aoibhiol bheó an einigh ordhairc,

buaidreadh slóigh féradhbhudh Fáil.

énadhbhar bróin in bhannáil.

7 Méd a hiomráidh fá iath Breagh

’na miosguis ag mnáibh Gaoidheal;

dá dreich bhúidh deargluisnigh dhil

tnúidh sna cearduibh-sin cuiridh.

8 Is é mheasuid mná Banbha,

nách fuil ann acht éttarbha

cor clú ’na comhaimsir sin,

cnú don ghobhail-sin Ghaoidhil.

9 Is é a buidhe as beirthe dhi,

fuath a hucht fhéile uirthe

don bhanLaighnigh do-bheir cion

fá threibh nglanmhaighrigh nGaoidhiol.

10 Mná aontumha Innsi Breagh

is mná saorchlann mac Míleadh,

tig cúis a gcombuaidhridh sin

dá gnúis tonnfhuairghil tibhrigh.

11 Do ghabh na riana reampa,

do ísligh a n-aigeanta.

do chlaochlá a gcédfuidhe soin.

baothmhná téchtMhoighe Tuathoil.

12 Ní cumaoin, ní chuirid soin

iomthnúth ar inghin Fhiachaidh.

ní bhí ’na mbaramhail féin

ga mbí daghshamhail díbh-séin.

13 Mná Laighneach ós iad is fhearr

dá measdar do mhnáibh Éireann.

lucht béime iad ’na haice

ós iad d’fhéile is ordhraice.

14 Ní tnúthaigh riú ar rádh gcéillidh,

ar fhoghluim ná ar airdchéimibh

ar mhaoin ná ar chúl ré cionuidh

ná a ttaoibh a glún ngeinealaigh.

15 Ar thionól ná ar chaithiomh cruidh

ar ghlór leasc na ar luas mbronnaidh

ar dheilbh roimhíolla ón réidh goimh

ná ar mhéin shoishníomha sheasmhuigh.

16 A faichill ní foláir dhí,

cúis eagla d'inghin Róisi

tnúth banchuire Banbha Breagh,

faghla an anchroidhe ós íseal.

17 Do-ghébhainn dá gruaidh luisnigh

eisiompláir in adhbhair-sin;

luach d’énduine ní mhaith mé

ós sgéluighe maith misi.

18 Do-chualamair eacht eile

gur ríoghadh rí d’áireidhe

do dhruim córa ar cheineól nGrég;

seineól is córa ar coimhéd.

19 Ní dubhradh ar druim talaimh

rí dá raibhe a mbaramhail

ar chédfuidh, ar chomas neirt,

tréntuir dob fhollus n-oirbheirt.

20 Gein bhuaidh dárbh ainm Oil-íua

geintior ón fhial inríogha

don naoidhin fá casmhuil cruth

rérbh fhaoilidh gasraidh Ghrégach.

21 Do bhídís tre bhiotha síor

trí chaoga inghion n-airdríogh

ar énfhoghluim ré a gruaidh ghil

fán sduaigh séghannmhoill suaimhnigh.

22 Lasuid laochruidh na cruine

a n-éineacht dá hionmhuine;

gruaidh luisnioch gan úidh ar fhear,

níor thuirsioch súil dá silleadh.

23 Neimhní dealbh acht a deilbh-si;

níor theisd acht a tuaireim-si;

mná [na] ríGhrég, láimh do láimh,

do bháidh d'fhírmhéd a hiomráidh.

24 Ríoghna Grég na ngruaidh lagbhúidh.

measdur leó a los fhormadrúin

nách biadh gnaoi ’na goire sin

ar mhnaoi oile ’na haimsir.

25 Líonaid d’atuirse is d’amhghar

dob é uile a n-énlabhraidh

na mná-sa, gur maite dháibh

grása ’na haice d’fhagháil.

26 Do fhéchsad eatorra féin

gá taobh a ttiocfadh dóibh-séan

timdhibhe ar ar dhoiligh díon

oidhidh inghine an airdríogh

27 “Inghion airdríogh Oil-íobha

guidhiom” ar mhná a míghníomha

ar tí a hionnlaidh mar budh eadh

“í fán mbionnmhuir go mbáitear.”

28 “Ná dénaidh,” ar dream eile,

“marbhadh bhar mnaoi n-oirbhire:

tochlaidh uaimh ndaghfholaigh dhí

baromhuil uaidh ní hoighthi.”

29 “Ní hamhlaidh bhias,” ar bean díbh,

“dáilfimid do dhruim ceiníl

digh lochtaigh do fhleidh neimhe

don ghein fhortail ingheine.”

30 Ullmhaighid iomad fleidhe

ré haghaidh na hingheine.

fleadh neimhe rér ghabhtha gráin,

dabhcha eile dob fhalláin.

31 Ibhidh gach aoinbhean, más fíor,

digh ar inghin an airdríogh:

neimh othruischneadh a bhfill féin

do fhill orthaibh-sean ainn-séin.

32 Ag dáil na dighe meabhla

táinig do thaoibh cinneamhna

don bhandáil gur bhean a neimh

’s an fhleadh fhalláin ’gon inghein.

33 A mbás a n-aoinfheacht uile

tig do thaobh a bhfionghuile

olc na gcéadbhan cian ó shoin

do-chiam fá thréadMhagh Thuathail.

34 Urchóid óghbhan Insi Breagh

d’inghin Fhiacha is é is deireadh

gur bháith a n-iomrádh uile

fá Ráith lionnbhán Laoghuire.

35 Is coca láimh re luing mhóir

nó is umha ré hais deargóir

mná Gaoidhiol ’na goire soin

maoidhiomh toile nách tabhuir.

36 Coinnioll a ngoire gréine

ísiol fá ard mhóirshléibhe

nó meadh do mhinshreibh fá mhuir

gach bean fá inghein Fhiachaidh.

37 Inghean Fhiachaidh Í Thuathail

bean diúltaidh gach deaghnuachair

earla gégthrom nár char crodh

éntonn na mban do báthadh.

38 Galar éga na n-óigfhear

luibh íce na n-urchóideadh

gnúis dealbhdha na ngaisgeadh ngráidh

lé laisgthear meanma macámh.

39 Bean mórtha na haicme ór fhás.

buaidhreadh céadfadh, cosc dóláis.

bás agus beatha curadh,

fás eatha ré n-abughadh.

40 Uarán sreibhe a sín teasbhaigh

caor buaidh ban na Laigneach-soin

barr clannórchras na gcladh ttiugh

car ré handóthchus aoigheadh.

41 Inghion Fhiachaidh, aigneadh fial

cisde clú cóigidh Ghailian

gnúis teannálla nár fhég fhear

beannámha séd a sinnsear.

42 Cuisle don fhuil is airde,

snadhmadh críoch, cosg mórairgne,

gég d’fhíneamhuin ghlanphóir Gall

d’fhírfheadhuibh cathshlóigh Cualann.

43 An dá Aodh dob annsa liom

dá bhfaca d’uaislibh Éirionn,

lé a mbreith uaim-si in mairfe mé?

aicme dob uaisle éinchré.

44 A hiargcomharc agam féin

biaidh ó uaislibh Fhuinn ríghNéill,

dreach mhíonnaoidhe go ngné ngil,

ós mé is díomhaoine a-deirthir.

45 Ní bhia Róis ag duine dhíobh

ó fhuil ísil go hairdríogh;

gnúis data fa díol annsa,

bíodh aca nó agam-sa.