Poem in printable PDF format
A dhuine labhras
an laoidh
[McKenna, L.
Iomarbhágh na bhFileadh (Irish Texts Society, vols 20, 21,
1918); no. 21]
Tadhg Mac Dáire
cct.
1 A dhuine
labhras an laoidh
mé an Tadhg ataoi
do thathaoir
mo ghairm ni
cheilim fa choim
do bheirim m’ainm
ré n-abraim.
2 Soighin orra
níorbh í ar dtoil
gruaidh gach aoin
d’aos ar n-ionnloigh
ní héadóigh na
doighir dhuinn
tré shoighin
n-éagcóir orruinn.
3 Ní maiseach
liom do labhra
ó neach i n-ainm
ealadhna
boirbh-bhriathra
go mbriocht ré gcois
nach loirgiarfa
ar sliocht seanchais.
4 Acht ar labhair
Lughaidh d’fhios
nár dá bhfuil
uaibh re haighnios
mar lucht eagna
do thairg teacht
gan fhreagra ar
aird ná éifeacht.
5 Inis uait domh
a dhuine
créad dom
briathraibh bhréagnuighe
dá n-iomrádh gidh
bé ré mbí
an é an t-iomlán
nó an éinní.
6 Fan seanchas
chuirim chugaibh
congbhaidh é nó
urlagaidh
fa a rádh níorbh
éagnuighthe inn
slán a
bhréagnuighthe bheirim.
7 Ag so suim ar
seanchais daoibh
um dhuain
neimh-bhréagaigh neamh-maoil
téighim gan
chleith dhaoibh nó dhamh
fa a bheith i
laoidh nó i leabhar.
8 Slán a
bhréagnuighthe orm d’fhear
sinnsear
Éireamhóin Éibhear
ní bhiadh dhósan
acht uaill ann
nach ó shósar
fuair fearann.
9 Atá aniu i
sein-leabhraibh sean
ainm Hibernia ó
Éibhear
sgriosadh é as
lár na leabhar
gidh bé lén hál
mh’éileaghadh.
10 Traothadh Mhic
Chuill d’Éibhear Fhionn
fuair roimhe i
ríoghacht Éireann
fa chlár Éibhir
na n-eathar
slán éinfhir da
éileachadh.
11 Slán fós a
bhréagnuighthe soin
ríoghradh shíl
Éibhir éachtaigh
gasradh armraithe
óg fhionn
nárbh anfhlaithe
d’fhód Éirionn.
12 Gach ar
ríomhas dá ríoghaibh
a ndubhart dá
ndeigh-ghníomhaibh
sgríbhne liom i
nÉirinn air
téighim ós chionn
a chosnaimh.
13 Na héachta do
háirmheadh leam
i ngné fhreagra
ar rígh Éireann
an té déara a
shéana sin
do ghéabha a
sgéala i sgríbhnibh.
14 Bíodh gomadh
searbh a rádh ruibh
géill Chormaic
d’fhagháil d’Fhiachaidh
ní fhuil sé i
leabhar ná i laoidh
gidh bé déaradh
is díomhaoin.
15 Easgar Riada
na ród bhfionn
nach leath
chomhthrom d’fhód Éirionn
an taobh dhí
ronnas rinne
follas gurb í an
fhírinne.
16 Más é as
fhíor-oighre ar gach fhuil
sliocht a sinnsir
dá sleachtaibh
ní fhéad maicne
Míleadh mhir
síneadh tar aicme
Éibhir.
17 Nach í an
fhian a-bháin do bhris
cath Gabhra ní
gheabh thairis
tar neart ríogh
mín-eang Mumhan
sgríbeann bhfíor
ar bhfiadhnughadh.
18 Riom i dtagra
ós tú raghas
ag sin suim ar
chéad-chanas
féach cá mhéad
éilighfe ann
nó créad
th-éilighthe oram.
19 Níom
comh-ghaol níom cara dhuibh
tarsa ná tathaoir
Lughaidh
bréagnuigh féin
an mhéid-se a-mháin
nó is béim ar
th-éigse éagcóir.
20 Taisbeán
th-ainm agus th-aghaidh
cosain
th-aighneas d’ealadhain
nó bí go hadhnár
umhal
tréd cham-dhán
gan chothughadh.
21 Ní do réir
shuadh do sheoluis
do dhán bréagach
beg-eoluis
ní ceisd d’aon
th-ainbhios d’aithne
trét aighnios
maol mearaighthe.
22 Beir dá
leigheas óm labhra
luibh dom
briathraibh barbardha
leigheas neimhe
neimh eile
neimh ar gcneidhe
coinnteine.
23 Anfad gan
iomad do rádh
do chur críche ar
an gcomhrádh
mar sgéith
chosnaimh dar canadh
i n-orsain ar
n-ealadhan.
24 Deacraide ní
do rádh riom
más fiadhain
sgéala sgríbhionn
ós dó tám ní
thagraim ruibh
glár dá n-abraim
gan fhiadhuin.