firstLine"; ?>

551. Creidim duit a Abhlann uasal $
Length: middling 16qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA no 5 (23/D/4) 17th c. Munster
  2. Stoneyhurst A/II/20i P. MacCartha 1733
  3. Mayn. M84 S. O Murchadha na R.1738-
  4. RIA7(24/L/13)S.OMurch.na R et al.1738-
  5. RIA 256 (23/G/23) MOg O Longain 1800-
Prints:
  1. text DiD no. 14
  2. transl. Timth. Cr. N. Iosa 7, 62
Motifs:
  1. Envoi to saint Catherine
  2. the Trinity
  3. transubstantiation
  4. Creed
Poet Christian Names:
  1. Aonghus na Diadhachta (RIA252, 254)
  2. Donnchadh Mor (RIA256)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
  2. O Dalaigh Fionn
Meter Vars:
  1. ? Dechnadh Fhada
Poem:

Poem in printable PDF format

Creidim duit, a abhlann uasal


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 14]


1 Creidim duit, a abhlann uasal,

far snadhmadh ar saoradh,

it fhuil it fheoil id dhiadhacht,

duid fá dheoigh ’s dod dhaonnacht.


2 Creidim mar chreideas an eaglas,

ó nach creideamh cumhang

creideamh mar as cóir do chaitheamh,

cóir creideamh do chumhacht.


3 Creidim mar Dhia dhuit im intinn,

mo chiall is duit dhearbhaim,

creidim thú it fhíon is it abhlainn,

is tú as Críost i gcearchaill.


4 Creidim thú, a aráin gan ainimh,

a chabháin gach chreidimh,

gabhaim thú mar bhiadh mar bheathaidh,

is tú Dia go deimhin.


5 Creidim deit i n-ainm an Athar

’s i n-ainm an Mheic moltar;

creidim thú, a Sbiorad naomh neartmhar,

do shaor iomad m’fholadh.


6 Creidim, a urradh gach aoncháis,

gurab tusa an Tríonóid;

creidim duit, a Choimdhe chéillréidh,

it oidhre ’gun fhíoróigh.


7 Do bhrath go deimhin dia Céadaoin

creidim - is ciall iulcháir -

ar ndéanamh ghlóir mheabhlaigh mhaothchruaidh

le póig fhealltaigh Iudáis


8 Creidim dia Dar-daoin do ghabháil

- ciall gach aoin [ní hainchéim];

bíodh nach dingneam creideamh comhchóir

ní cheileam do chaithréim.


9 [Is ar fríoth] gan amhras uaibh-se

do dhochar dia hAoine;

creidim do pheannaid do pháise

dá deacair ’s dá daoirse.


10 Creidim tú, a Choimdhe, do crochad,

gidh tuar toirse a chreideamh;

creidim tú re clár do cheangal

má tá nach tú thuilleas.


11 Creidim dula san chroic chéasta

duit ar son ar saortha;

creidim tú tar ais it Íosa,

a fhlaith na ndúl ndaonna.


12 Creidim do chor fa lia lánmhór,

glas ar nach bia béalrún;

gan chead dod lucht fhaire fhraochlán

’s do dhul aisde ar éalúdh.


13 Creidim dot éirghe dia Domhnaigh

- ní ciall déanamh dearmaid -

go bhfríoth leat le buain dod bhiodhbhaidh

creach as cruaidh do cheannchais.


14 Ar deis t’athar suas go seolta

le cruas ghasda gníomha

creidim breith creiche na Cásga

deit, a eidhre, a Íosa.


15 Creidim duit - ní freagra faille -

do theacht, a mheic Muire,

a-nuas a-rís do bhreith bhreithe;

ag sein chrích an chluiche.


16 Caitir-íona liom ag labhairt

ar fheirg Íosa d’fheithimh

lá na breithe ’gun óigh iodhain

dod threise is cóir creidimh. Creidim