Poem in printable PDF format
Creidim duit, a
Dhé nimhe
[McKenna, L.:
Dánta do chum Aonghus Fionn Ó Dálaigh, Dublin 1919, poem
37]
Aithrighe
1 Creidim duit a
Dhé nimhe
cóir dúinn
déanamh aithrighe
bím i leith
guidhe do ghrás
dom breith ón
uile uathbhás.
2 Peacach mé nach
maith tuigse
mó sa chách mo
chéadfaidh-se
ag cur rúin
peacaidh i bpréimh
decair dúin dul
[i ndí-chéill].
3 Ag seo dhuit a
Dhé Athar
peacach as mhór
mearachadh
tabhair adhradh
an iúil dó
a sdiúir m’anman
a Íosa.
4 [A] Spiorad
naomhtha [neart-mhór]
beir m’anam ón
éigceart-ghlór
a Rí mothuigh mo
mhearbhal
cothuigh im chlí
do cheileabhradh.
5 A ghrádh
m’inntinne ’s m’anma
glan m’aithrighe
’s m’urlabhra
a Dhé nimhe
fhoirbhthe óig
im chridhe
toirche a Thríonóid.
6 Sirim ort d’éis
do chaithmhe
a abhlainn
bhláith bheannaighthe
léd chaitheamh a
chuirp an Ríogh
maitheamh m’uilc
agus m’ain-ghníomh.
7 Im cholainn
chriadh ó taoi is-tigh
a chuirp
chréachtaigh Dhé dhúiligh
glan an
truaill-se i bhfuile féin
a uaisle fhuile
an fhíréin.
8 Galar trom is
teinneas síor
dá ní as dual
d’fhear m’ainghníomh
mo chalann acht
gé [bhé] i mbraid
m’anam a Dhé ná
dearmaid.
9 Foghluidh Dé ’s
mo cholann chriadh
dá námhaid m’anma
ar aoin-rian
gabh a Spiorad
naomh léd neart
[a] n-ionad
ar-aon d’oighreacht.
10 Maor tréan an
tighe neamhdha
Míchéal uasal
oireaghdha
dual dóigh as a
dhaingean [sin]
don aingeal is
cóir [creidimh]. CREIDIM