firstLine"; ?>

553. Creidim mar chreideas an Eaglais $
Length: middling 22qq
Certainty: 5
Period:
  1. 15th ult.
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA1235 (C/ii/2) 15th - 16th cents
  2. TCD 1340 (H.3.19) 16th c., 17thc. add
  3. Stoneyhurst A/II/20i P. McCarrtha1733
Prints:
  1. text DiD no. 15
  2. transl. Ir. Monthly 58, 97
Motifs:
  1. Envoi to saint Francis
  2. the Devil
  3. renunciation of the world
  4. Creed
  5. Echo ofanotherpoem(creidim dhuit a Abhl
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Creidim mar chreideas an eaglais


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 15]


1 Creidim mar chreideas an eaglais;

a fhir nach leanann lorg Dé,

seol do mheanmain go múr nimhe,

meabhraigh do rún cridhe an chré.


2 Do bhíodhbhaidh ó bheid ’gud leanmhain

go lá an bháis - ní beag an ruaig -

ar a roimhéad théid i dtarbha

ná léig coimhéad th’anma uaid.


3 Cré na n-asbal an t-iúl fíre

ar feadh do laoi ná léig thort;

maith an leigheas í ar an ainbhios,

is í cheileas t’aimhleas ort.


4 Gurab i n-aoinDia a-tá an Tríonóid

tuig, a dhuine, a-deir an chré;

creid uaim gurab í do riaghail,

ná bí ag buain re diamhair nDé.


5 I nDia Athar is eadh chreidim;

is cóir adhradh don iúl ghlan

más ál géarachadh an ghrádha

grádh m’éanAthar dála dhamh.


6 ’N-a dhiaidh do chruthuigh an chruinne,

do chum neamh - gá neart as mhó?

a ndubhart do dhearbh an leabhar,

sealbh ’n-a chumhacht dleaghar dhó.


7 Creidim i n-éanmhac an Athar

Íosa Críosd ór ghein gach maith

go mbí re ngach duine dín-ne;

don uile is rí fíre an flaith.


8 Gabhais toircheas ón treas phearsain;

a pór na ngrás do ghein sé

gan fhear do bhuain ris an mbanóigh;

ní fuair bean anóir mar é.


9 Druim ar tosach tug re a chineadh

ar cóir nDé go ndeachaidh brat;

tug a aghaidh res an uile

an adhaigh rug Muire mac.


10 Fuair fa Phons Pioláid páis croiche,

cáin an chroinn do chúitigh sí;

gur íoc a bhás coir a chloinne

toil na ngrás do-roinne an Rí.


11 Do luigh san uaigh, do airg Ifreann,

do éirigh aisde an treas tráth;

dlighidh seadh do chur sa chreideamh,

a dhul ar neamh creideadh cách.


12 A Athair na n-uile chumhacht

- ní ceannas nar chúitigh sé -

an fáidh ag a bhfuil ar dtreise.

do shuidh dod láimh dheis-se, a Dé.


13 Béaraidh an lá bhias ’n-a bhreitheamh

breath na marbh is breath na mbeo;

gach neach le ngabhair a ghrása

raghaidh breath an lá-sa leo.


14 Creidim sa Sbiorad naomh neamhdha

do-ní inneall don iúl chlaon;

a ionad gomadh hé an cridhe

Sbiorad Dé nimhe na naomh


15 An eaglas Chatoilgeach chreidim

cia agaibh nachar oil sí?

olc bean fa dalta do dhamnadh;

sreabh glanta na n-anman í.


16 [....] ceangladh cumann

a gcuing chrábhaidh ná cuir díot;

do-bhéara an flaith duid, a dhuine,

cuid dá maith uile ’n-a íoc.


17 Dá mbeath an aithrighe iomlán

ar mh’anmain ní fhúigfeadh sal;

gabhar síodh ar son an pheacaidh

a chor dhíom ní deacair dhamh.


18 I bParrthas nó i bpianaibh Ifrinn

d’éis na breithe beid ’n-a ndís;

rachaidh fan anmain uair eile

truaill don talmhain reimhe a-rís.


19 Ní thuigid mar táid gá mealladh;

mairg do thréigfeadh teach na ngrás

ar sheal ngearr do ghlóir an bheatha;

do b’fhearr dhóibh beatha gan bhás.


20 Ós éigean dúinn dul i n-umhla,

d’éisteacht an cheoil a-tá thuas

leag do sheol, a fhir an uabhair;

ceol mar sin ní chualaidh cluas.


21 Do na lochtaibh nochar leigheas

i ló meadhaighthe mhóir Dé

- ní céaltar an locht as lugha -

corp dá ndéantar crumha is cré. Cre.


Nír chreid riamh go raibhe an saoghal

San Froinnséis ler fuilngeadh broid

acht mar thuile ag teacht re fánaidh;

tearc duine crábhaidh do chroid. Creidim.