firstLine"; ?>

556. Crioch an ghaisgidh goin Donnchaidh $
Length: very long 51qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 475 (24/P/25) L. Cl. Suibhne 16th c.
Motifs:
  1. caithreim: details of last battle - Dundalk
  2. mercenary: buanna
  3. War with English
  4. imagery for kingship - gall aodhaire
  5. king’s officer: consabal
  6. nature mourns
  7. general grief for death
  8. symptoms of grief: beating hands
  9. poet’s own mourning
  10. visiting grave: circumstances preclude
Poet Christian Names:
  1. Flann (RIA475)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Donnchadh mac Toirdhealbhaigh
Patron Surnames:
  1. MacSuibhne (Fanad - consabal)
Apologue Subclasses:
  1. Battle of Clontarf: death of Murchadh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Críoch an ghaisgidh guin Donnchaidh

[RIA 475 (24/p/25) (= Leabhar Chlainne Suibhne) 77r, p. 147]

Flann Mac an Baird cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 [C]rioch an ghaisgid guin Donnchaid

cia do chach nar comhorrthaig

luath do chuir a therma as-tegh

an ghuin le a terna tuicther.

2 Goin enfhir is é do-bhe[i]r

don loechraid gan luadh gaisgid

gadaid[h] soin a menma o mhnaibh

ni goin nach derna dioghbail.

3 Is cuid dom adhbhar orchra

nach bim re bron inc[h]omtha

relta in ghaisgid arna ghuin

gan chlaisdin éachta o Ulltaib.

4 A gcert fe[i]n nach faghaid soin

cath Erne tar é[i]s Donnchaid

do caisgead do chuimne a gcean

ga duilghe gaisgead Gáoidheal.

5 Siad ar d’techt uili on irgail

fian Macha acht mac Toirrdhiolbaig

misde gurb égin é a ndán

an te nárb édir d’iomfádh [leg. -rádh?].

6 Mar thiormuighid truaille dearc

ingnad gan mh’or[cra?] d’imtheacht

nir fhéd me cosg na cumhadh

roscc is é arna fholmhugad.

7 Ni faláir duin ’na dheagaid

ni dual dul on chindemain

o rucc se ar n-anáir fan úir

gan mé d’fagháil a imthnúidh.

8 Dol do chosnam chlair Lugaid

dobu chóir do ar Danuraib

guin a bhúanna o do bh[a]ói a ndán

a ghn[a]ói uadha ’ga imrádh.

9 Fan sgel do-closs a crich Gall

gi be aigeorus oramm

cred soin acht én re n-eallta

do mhoigh mo dhér dhilennta.

10 Do chlar Banbha beg nac bfuil

fa neart Gall ar ngoin Donnchaid

ingnad dioth enfe[i]r d’Ultaib

crioch Ebhir ’ga fhionnuchtain.

11 Sgel de[i]mhin or dhecair tocht

rucc on bhuanna ar an mbanntrocht

ni sgél fuar frith o Ghallaib

buan a dhith do dernannaibh.

12 A sén do chur ar cúla

tainig do thao[i]b imthnudha

ar cuid don tnúidh tainicc rinn

suil ar Fhanuid ni fhuilngim.

13 Cliath fosccaid aicme Suibhne

fa moide a gcás comurle

do thuit ar sgath cloinne Cuinn

ni trath coinne d’Ib Conuill.

14 Is derb nach dénaid uili

na daoine ait aonnduine

fiadh Floinn gan aodhuire air

ar mboing aonduine a hUlltaib.

15 An tuirse o tharla ar mh’aire

do-ber seal sa sradbhaile

taobad Gall acht ge lesg linn

’na mesg an tann fa teidhim.

16 An trath far thuit san iorgal

coir mhaoidid mac Toirrdhiolbaig

crand casnaidh Gall arna ghuin

le Saxaib an tann torchuir.

17 Re imlan is é gontair

ni sgel é gan fhionnochtain

mairg nac derna inntlecht air

re n-imtheacht berna boeghail.

18 Do biadh gan dul fa dhiomdhaid

da mairedh mac Toirrdhiolbaig

leor a shaoire a ndeoidh Donnchaid

aoi(i)dhe ceóil a Conollchaibh.

19 Clann (t)Shuibhne nar (t)shaoghlaig crodh

fath maoith don mogal curad

cnu do mhuigh as a mogal

do chuir clu na connsobal.

20 Tar é[i]s na rogan (?) rug me

ni da chelt ar chloinn Shuibhne

tesda an te ararbh orradh inn

más mé a n-ollam ni aithnim.

21 Loechraid Fhanad d’eis Donnchaid

a-taid ’na gcló ar comhorrthaib

giall ’ga sgaoilead le fe[i]n Finn

lem cháoinedh a che[i]ll cuirim.

22 A[r] mbuain enfir d’fhuil tSuibhne

decair clódh dár cumaid-ne (?)

dom orrcra cuirim a chlár

ni chluinim orrtha imrádh.

23 [T?...hi?] mbualad a n-irgal

ger mhinic mac Toirrdiolbaig

gan ghlés faghla ar an túaigh truim

tarla ar an úaigh mar elchuing.

24 Nir fedadh fresdul Donnchaid

ar cur aighthi ar allmhorrchaib

is náir doibh nac derna ar dhligh

d’fhóir Emhna gingurbh édir.

25 Fuarus sgél nar coir do che[i]lt

ar mac riogh go rath n-oirrdeirc

sgel ni fhoil mar an eachtra

a fhrem soin nac solenta.

26 Morchad mac Briain na mbreth nglan

nir leig Banbha ar breth Danar

an tshlat tshaor nar ér ollam

sgél is da thaobh tarromur.

27 Oighre Briain na mbuaball gcamm

tucc aire d’fogra dhubGhall

ni fhuair damhna riogh a rath

B(h)anbha da dhíon nir dhiomgac.

28 Is mor d’imguin is d’égin

frith le mac [an] Cennédig

guais na tairrngire ar fiadh Floinn

ainbfine ag triall tar tóroinn.

29 Port a dtir a ticfad long

nir fhagaib d’egla echtronn

da raibe fa clár gCobtaig

narb ál d’fhaire ar allmhoirchaib.

30 Tar gach ni dar imdhigh air

do bi an acinn (?) Mhurchaida

té[i]d mar bad[h] dúal riam roime

ar sluagh le Brian Boroime.

31 Sgaoilid[h] o Briain na mbreth réidh

sluagh Gáoideal d’arghar [leg. -guin?] oilbem

soir fa chlar Midhe go muir

na tighe lán do lasuir.

32 Ni he ar millead fan Midhe

ann dob adhbhur oirbire

mor fuaim a n-arm ar obair

go Cluain Tarbh mar thangoduir.

33 Lingis Murchad a mesg Gall

a n-amharc nir fhéd d’fulang

risan tshlúagh uile nir an

ni dual tuile gan tragad.

34 Do thuit Morchadh gar mo ce[i]m

do Dal gCais cian bus oilbe[i]m

an té dhar chló clár Cobhthaig

ger mo an t-ár ar allmhorrchaib.

35 Guin Donnchaid ’na degaid soin

tarla acc buain re bás Murchaid

Donnchad gin gar dóigh a dtreas

re Morchad ni coir coimmes.

36 [G]ontor Donnchad a ngleo Ghall

mar mac Bria[i]n beg nac cotrom

beart dar fhas confaid o Cuinn

re bhas Morchaid da mesuinn.

37 In dias curad do chan sinn

siad muna cosmail cémind

tarla cas is cosmail de

a mbas cosmail re chéle.

38 Mac Toirrdhealbaig do thuill bladh

cred nac mesfuinn re Morchad

da orsain ar ath n-ágha

cosmail a trath tegmhala.

39 Guin Donnchaid is doilghe damh

tainicc trid teacht tar Murchad

dob fiu ar toil don ti chá[o]inim

a goin is hí egcá[o]inim.

40 Tucc Donnchad a ndail Danar

ce[i]m narbh édir d’anaghal

teid a radharc fa cloinn gCuinn

na Goill d’amharc nir fhuluing.

41 Is egin duin dol da fhios

ge a-ta oram ’na fhaitchios

denum eoil ann ar mh’aire

ar crann seoil sa sradbaile.

42 Gan tu a tosach na tána

guais leo la na tegmhála

tuc do buain dib a Dhonnchaid

gan mír cruaidh re Conollchaib.

43 Re siol Suibhne is se a-derair

ní nar chóir do chredeamain

tair shén a ngaisgid od ghuin

sgél do chlaisdin nar chumain.

44 O nac fuair a n-ioc a lluit

aicme Chuinn dar choir éruic

nir léicc do ghuin le Gallaib

an mhuir teid tar torannaibh.

45 Derbaid[h] orcra d’fhuil tShuibhne

a fuil orrtha d’egcuimne

gan brath ar ghaisged od ghuin

gan chath Maisden ’na menmuin.

46 O nac eidir th’uaidh d’feghain

tuirrsi is ann dob indénuim

da treigter t’feart d’omain Gall

ni cobhair dearc no dernann.

47 Do thuitim a tus tachair

beag nach imnar d’Ulltachaib

gan tshuil o foir Emna ort

do choir fhedhma dot furtocht.

48 Ag so a-nois am na horcra

ar dteacht o a-ta an comhorrtha

clar Floinn ag Gallaib od ghoin

’s a-nallain fa chloinn Cobhthaig.

49 Fa menec riamh roime soin

nar lesg duinn dol dot fheghoin

red thaobh ’s gan ind ar h’aire

nac saobh sinn sa sradbaile.

50 Dob iongnad riamh roime soin

coir d’faghail o fhe[i]n Mhurbaig

gar beag doib do dhith Donnchaid

nac frith coir le Conollchaib.

51 Adbar m’orcra d’eis Donnchaid

dith cosanta ar Conollchaib

ticc cas is doilghe da dhioth

a bás a[g] coimdhe choicrioch. Cr...