firstLine"; ?>

559. Crobhaing ochtar aicme Neill $
Length: long 44qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
  2. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 540c (C/iv/1) O Maoilchonaire 17th c
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. Envoi to another patron
  3. imagery to describe patron
  4. patron’s intellectual attainments
  5. nobility of patron’s ancestry
  6. patron ‘aithghin’ of illustrious ancestor
  7. Patron’s prowess in battle
  8. execution of criminals
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh RIA540
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Uilliam
Patron Surnames:
  1. O Maolmhuaidh c. 1584-1659
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Crobhaing ochtair aicme Néill

[RIA 540 (C/iv/1), 160r]

Goffraidh Mac an Bhaird cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Crobhaing ochtair aicme Néill

a n-áiriomh sin is soilléir

rioghraidh phuirt bennclaidhidh Bhreg

ag sencaidhuibh guirt Gaoidheal.

2 Súaithnidh re ttoigiocht thairsibh

mar do-clos ón chédaimsir

láoich armdhonna ó ochtaibh Cuilt

anmonna an ochtair oirrdheirc.

3 Eoghan da Chonall Cairbre

Enda fa hord easairgne

um Laoghure Temhra an tuir

caomhMhaine ferrdha is Fiachaidh.

4 Sínidh go hOileach armrúadh

a cethuir don chrobhaingshluagh

cethrar a M(h)idhe na miodh

d’fine an fherco(i)n re a n-áiriomh.

5 Conoll Gulban Eogan árd

Énda sáor Cairbre ciothgharg

is íad rainig don taoibh thúaigh

tarraid a háoibh ’s a hanbhúain.

6 Siol an da chethrair chalma

ar úainibh ós fionnBhanbha

dá dheaghoirecht fa teó a ttres

sealuighecht leo san fhlaitheas.

7 Giodh mo a-nallain do nertaigh

clann an chúaine dheisgertaigh

os cionn Temra ina an tréd túaigh

séd an da ealbha is ionlúaigh.

8 Fa lía rí don fhreimh Acla

’mo rainig rath naomhtachta

cúaine cáidh an cethrair thes

ferchoin do-chóidh ó choimes.

9 Na d[ro?]nga on deisgert d’Ibh Neill

gairm Ghaoidheal a-draigh dhoibhséin

ar fhéile ar náoimhe is ar nert

méine fa sáoire seiseacht.

10 Nior hoileadh a n-aithgin sin

ar chích Fodla d’éis chreididh [leg. -imh?]

a leith re gníomh is re gart

do shiol da roich [leg. reich?] san ríoghacht.

11 Nior mheal Banbha ó [do] bí ag Lugh

cloinn dob ferr iocht is engnumh

níor altraim Éire ina hucht

macraidh fa déine daonnucht.

12 Loilgeacha blechta Banbha

riú a-derdis áois ealadhno

na fine um Themhraig[h] do threabh

’s a [leg. do?] s[h]ealbaigh tighe Taillten.

13 An tan nach beid os cionn cháigh [160v]

beith mur chách d’Ibh Néill nemtláith

ag so ar n-úair fírmheth na bfer

na slúaigh ó minleach Maisdin.

14 Síol Neill an deisgeirt dhréchtghloin

da ndéndáois cách coimsléchtoin

án drithle ag nuadadh a-nois

ar bfúaradh chrithre a ccádhois.

15 D’fuil Fhiachaid[h] meic Neill a-niodh

do (lus) len senrath na sinnsior

dar las crithir ’na ccogail

go snas bfichidh bfíorthob(h)air.

16 As é Uillíam Úa Máoil Mhúaidh

an sblanc beó a mbruithne a n-athghúail

ag macraid[h] Mhuige Léna

croidhe fortail firénda.

17 Mionn teasa (?) na ttracht n-ealtach

cnú don chrobhoing dheiscertach

médughadh d’ainm a fine

pailm gégumhal Gairidhe.

18 Sgoth na maicne ó Muigh Éille

troigh bheó go mbúaidh ccoisgéime

brath foireithneach cáoimhFher cCeall

aoibheal moirfheithmhech máoinenn.

19 Úa Fiachaid[h] mhóir mhic deighNéill

mac Úaithne an airm righinghéir

breó an dínfhine ó Brosnaidh bháin

ríghbhile cobhsaidh Cruacháin.

20 Siodhaidhe Búille braisi

meanmarc Bóinne bráonghlaisi

grúaidh tibregtha dán cep Conn

breac inghealta an dá abhonn.

21 As meisnigh mhic mic Láoisigh

bhíathus fuinche a bforáoisibh

téid teimheal do shén a sen

frémh do geinedh ó Ghaoidheal.

22 Da mestáoi a ráinic reimhe

go reimhes na ríoghraid[h]e

dáibh a-nunnana go Níall

ni náir urruma Uilliam.

23 Sínis eitedha Fher cCeall

íarmhúa Néill na náoi ngéibhenn

don chur-sa go clár Meidhbhe

sáimh an ursa imerge.

24 Fáobhrach ro-s fáisg á ionga

a ccáoin cuigidh Oiriolla

gur dhruid re domhain an fhuinn

fromhaidh a chuid don chomhroinn.

25 A-dertáoi go ndeachaidh dhó [161r]

úa Fiacha is fál re n-íargno

a chuid do mhín Muighe hÁoi

mín an moighe da mesdáoi.

26 Súaithnidh um gach slios don Bhuill

torann fhorba an duinn dreachúir

soraidh an coisréim dar chinn

don romhuigh thaisreidh thirim.

27 Sáor an lerg lér léig á ucht

laithreac[h] áonuigh fhían gCondacht

frostolach ba faighin gráidh

maighin cosgarach Cruacháin.

28 Tulach Uisnigh amhluidh sin

Fiacha arna búing dá bhráitribh

mur chuid ronna fa réim gar

réill a rolla ’na rioghradh.

29 Téid úatha d’Fiacha mac Néill

ma-ráon re hUisnioch annséin

gach ar thogh don Mhidhe mhóir

fa thol a chridhe a ccédóir.

30 Tegar ó thoruinn Bhiorra

go sruimh ngríanaigh nGéisille

’s o Gheisill do ghríbh Line

go cígh ghéisfhinn Gháirige.

31 Mac Úaithne da n-adrann toil

Fiacha ceadno chlann bFiachaid[h]

oighrecht is deimhnighe dháibh

oirbhert ceindbhile Cruacháin.

32 Fregra a bfoirm gach reachta

rainic do rath inntlechta

nocha sgáth soibhenta sin

ar sgáth oirechta Uisnigh.

33 Da mbeith b(f)hós mur do bháoi ríamh

críoch Luigdhioch re linn Uilliam

da chomharsuin níor dóigh dol

fan rodhamh-sin chláir Cruachan.

34 Níor shiortha d[...] chach cogadh

mur dhóigh as á dhiubrugad

cíabh gégórtha nach foill bfros

dóibh dob egcora á amus.

35 Do ba docha dioghbháil cháigh

re feidhm láimhe láoich Cruacháin

a-ta ag merrdhamh bruighne Bregh

cuimhne ar eangnamh á aithredh.

36 Cuimhne aige ar eing a shen

um Cnucha um céidibh tTaillten

um Breghmagh dar tegta toil

’s um shenmhagh ealta Édair.

37 Aithne d’Uilliam Ó Máoil Mhúaidh

oighre Fiacha an airm fhionnfhúair

sgél a seangha ar Madh Midhe

’s ar cladh Temhra toinngile.

38 Ar Cnodhbha fa ciúin frasa [161v]

’s ar iosdadh n-árd nAongusa

láimh re Boinn gaineimhthe ghil

’s ar glainEithne móir mhaighrigh.

39 Coimédach ar chert ndlighidh

cennairgthech re coillígibh

mac Onóra as aobhda cúing

baránta caomhna a crobhaing. Crobhuing...

40 Maoiter ar Mairgréig Clifert

aignedh séghuind slighechert

croidhe fíal fregra gan ches

cíall 7 eagna is áines.

41 Meastar uimpe eacht eile

roighne Gallghuirt Iughuine

’s na tamhuin is uaisle eang

d’foluibh úaisle na hÉirenn.

42 Trí fíonfhola ioma dreich nduinn

Mosaigh is Ibh Maoileachluinn

’s na Clifertaigh tar Muir Menn

a-muigh ithbhleachtaigh Éirenn.

43 Ionmain órchoill d’fuil fionnGall

is prémh(dha) dhá rosg righinmhall

a mínfhíodhbaid[h] do chrú Cuinn

fíorionmoin cnú don crobaing. Crobhuing...

44 Firinne beodhacht buga

trí míana Meic Diarmada

leoghan bosghlan thighe Trúim

bile is cosnomh da crobuing. Crobhuing...