Poem in printable PDF format
Cuach ríogh
Connacht, cuanna séad
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 9]
1 Cuach ríogh
Connacht cuanna séad
buadha d’fhíon
Chonnacht a chlúd;
mar tá an bile ós
ghéagaibh Gréag
séad fine ós na
séadaibh súd.
2 Cuach ríogh
Fáil ní i bhfalach bhíos
dabhach d’fhíon
gan cháin dá chíos;
ní cneasda a
chleith, gríobhdha an gréas,
ríoghdha an béas
a bheith mar bhíos.
3 Cia thug dó an
fíon do chruth cách,
nó gá sruth i
mbíodh a bhruach?
gá pubuill
shuairc nó gá shíoth
fríoth ar cuairt
chuguinn [don] chuach?
4 Nó i mbrugh
rinngheal Buidhbh do bhí,
nó inghean
Duilbh, a Dhé,
nó Cearmuid mór
fá mór gnaoi
do dhearmuid ag
mnaoi ag ól é?
5 Nó . . . géag
Bhanbha sa bhrugh
dá dtarla an
séad, ní séad mion?
ní thiobhra a
luach do Bhóinn Bhreagh
a sheal don
chuach óir [gun] fhior.
6 Turchairthe
[fleacha] ag fior Chliach
dá ndeacha fa
chion [go a] chríoch
créad do theilg i
gcéin an cuach?
a luach dá cheird
féin ní fríoth.
7 Eoin is a
leabtha ar a lár
ealta ’s a mbeoil
béal ar bhéal,
lór a
n-ildealbhaighe d’ór
lór ingeanghlaine
na n-éan.
8 Eilte i gcupa
fhíthe an fhir
muca síthe fail i
bhfail;
dreagain ’na
cholbha agus coin
doimh go gcomhra
n-eagair air.
9 Eoin bas ndearg
’s a ndruim re a thaoibh
mar do chuim an
ceard go cóir
lucht ’gar
chasmhail cleasa ceoil
eoin ’s a sleasa
d’asnaibh óir.
10 A-tá buadha
eile air
cuanna bleidhe
bleidhe an fhir;
togbhaidh mian
flatha ar gach fleidh
do-bheir dá
dtrian datha ar digh.
11 A-tá cupa d’ór
ag Aodh
do lá slógh Suca
’n-a suan
[i dtá]
craicneach eile d’ór
mun mbleidhe mór
bhfairchleach bhfuar.
12 Cupa Í
Conchobhuir chaoimh é
comhchubhaidh
a-raon ’s a rí;
cupa Í Dhuach ’s
a dhreagain faoi
eagail le mnaoi
an cuach ad-chí.
13 Cupa go ngréas
sídhe sein
a ghréas dá mhíne
ní mhair
tall i gcuach na
gcuach a-muigh
luach a bhfuil
ann agus air.
14 Cuirn áille ag
tadhall re a thaobh
ris nach sgarann
sgáile a méar
blaosg imleach
dara fleadh fíon
as ar bhean
gríobh ingneach éan.
15 Gach cloch i
mbéilfhleisg a bhuird
a-mach ón
bhéilfhleisg do bhailg;
cloch ní chuir
deighceann Guill deirg
do theilg [an]
chuirm d’eiteall airg.
16 Cupa nach bí
lá gan fhleidh
cupa a-tá ’s do
bhí fá bhail
ní
hionshluaghaidh séad mar sain
le a méad fhoil
d’iolbhuadhaibh air.