firstLine"; ?>

562. Cuaine rioghna rug Eadan $
Length: middling 28qq
Certainty: 5
Period:
  1. 13th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/37 Bk Dean Lism. 15-16c
  2. NLI G 992 Nugent MS c. 1577
  3. Francis. A 25 B. MagNiallghuis 1610-
  4. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  5. RIA 5 (23/D/4) 17th c. Munster
Motifs:
  1. envois to wives
  2. Envoi to another patron
  3. imagery for patrons (cuaine)
  4. praise of appearance
  5. Historical comparisons
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor (NLI G 992)
  2. Maolmhuire (NLI G 132)
Poet Surnames:
  1. MacCraith
  2. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Muircheartach, Aodh, Gofraidh cl. Muireadhaigh
Patron Surnames:
  1. MacGiollamhuire Ui Mhorna
Apologue Subclasses:
  1. Naoise Ainnle Ardan, sons of Uisneach
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cuaine ríoghna rug Eadan

[NLI G992 ‘Nugent’, 44r]

Donnchad Mór O Dalaigh

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Cúaine rioghna rucc Eadan

madh-ghénar ór ghinseadar

tríar [ch?]alma ferchonta fear

badhbha gealchorcra Gaoidheal.

2 Trí marcaigh Mhuidhe Line

trí gaisgeadhaigh Gháiridhe

deirggheala a n-aighthe mar fhuil

meirgeadha chairthe an chompair.

3 Imeartaigh óir an domhain

coindle choigidh Conchubhair

tríar diombras graineamhail glan

dáileamhain iondmhas nUladh.

4 Tríar ’na dtrí macuibh máthar

crobhaing díleas dearbhráthar

triar barrbhuidhe ag beóghoin fhear

leóghain ghlanmhuidhe Gaoidheal.

5 Meic rioghna Dhúine Dhealga

trí coillbhile cnoidhearga

tri findbhile gan crand gcríon

as cland inghine airdriogh.

6 Muircheartach Muidhe Line

Aodh Cuailgne corp séimhidhe

folt goblosgach gruadh mar fhuil

an sduadh gormrosccach Gofraid.

7 Sindser na gcraobh seng searcach

mac úa Morna Muircheartach

ua na riogh a bánfhod Breagh

lánóg an síol da[n?] sindsear.

8 Soisear na cloinde caoimhe

Gofraidh foltchas Formáoile

tearc Gaoidheal as so ina soin

gin gur mó aoinfhear d’Ulltuibh.

9 Samlaim triar ele a hEamhain

re trí macaib Muireadhaigh

slata gargha gu ngleic mis

meic dhata arda Uisnigh.

10 Naoisi mhac Uisnigh na n-each

ar eangnamh as ar eineach

a chúl druimcleachdach dualach

mar Muircheartac marcshluagach.

11 Fear mar mac nUisnigh ele

Aodh méirgheal mhac Eadaine

croidhe as daingne ina dún clach

Aindle ar lúth as ar lámhach.

12 Ardan an mac óg oile

ar eangnamh ’s ar aghmaire

roscc neimhdhéarach glas mur ghloin

an cas gheilmhérach Gofraidh.

13 Meic Mhuireadhaigh ua Morna

tri saorshlata sulghorma

dream do-ní coimhdhe gach cruidh

trí cloidhmhe as fherr a nUlltuibh.

14 Trí seabhaic Sleibhe Guaire

trí cuiléin na Craobhruaidhe

triar núidhe gaisdeamhail ghlan

gaisgeadhaigh Dúine Dealga[n].

15 Trí honchoin fhear an bheatha [44v]

trí naitreacha neimhneacha

trí beithreacha ar a mbí neimh

trí geilchleatha re a nguaillibh.

16 Trí leomhain Éireand uile

trí meic áille Eaduine

triar comhnuidhe gu ngné ngloin

se gormsuile mar ghlasghloin.

17 Sé cólpa mar chlúimh n-eala

sé táoibh ghasda gléigheala

sé glaca slioma slemhna

slata fionda fineamhna.

18 Sé mailghi dirghi donna

se buinn aithe edtroma

se ruisg uaine ’sa [n]g(h)né ar ghloin

se gruaidhi sa ngné ar griosaigh.

19 Tri bruinne mur bhlath n-abhla

mailghi dubha daolamla

cuirp ar chomdhath an tshnechta

fuilt mur chonnlach gcruithnechta.

20 Tri croidhi go gcruas gcairrgi

an uair fheghuid esccairdi

croidhe mur tri chairthi a gcath

aighthi mur lí na lasrach.

21 Ruisg ghlasa grúaidhi leabra

ochta geala géisemhla

meóir dhata bhoga bhána

slata foda follana.

22 Dar let as grían laoi leabhair

aighthi thri mac Muireadhuigh

dár leat as siúr an ghrían gheal

don triur dár ghiall an ghaisgedh.

23 Triar dár ghiall lúth as lámhach

triar seabhcaidhe soghrádhach

triar groidheach dár ghiall gac dream

tríar dár ghiall oinech Eirend.

24 Triúr dár ghíall engnam Uladh

triúr ar sliocht na senchuradh

tri meic Edain brogha Bregh

dregain ghlana na nGaoidheal.

25 Tri meic gilla mhóir Mhuire

tri meic aille Eduine

tri caithbhile dar ghiall goil

tríar as aithnidhe a nUlltuibh.