firstLine"; ?>

563. Cuairt gun te nach slan $
Length: short 7qq
Certainty: 5
Period:
  1. 17th early
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Franc. A33 17th c. frags
Prints:
  1. transl. Dan na mBrathar M. no. 34
Motifs:
  1. Beatitudes: 8 ways to Heaven
Meter Vars:
  1. leathrannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Cuairt ’gun té nach slán


[Mhág Craith, Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem 34]


Eoghan Ruadh Mac an Bhaird nó Aodh Mac Aingil .cct.


1 Cuairt gun té nach slán

’s d’ocrach, ’na thráth, baidh

tug - ’s d’fhior tarta, dhigh;

budh buidheach dhíobh sin Dia.


2 Fuasgail duine ó chruas

an nocht ón fhuacht díon,

glac deóraidh it áit,

mairbh cuir, madh áil Críosd.


3 Tugaidh d’fhior ainbhis fios

- peacthach fana chion sbreag -

is comhuirle ’na tráth

don té a-tá leamh.


4 Do mhasla, do chách

maith go bráth ar Críost;

is cealgadh lochta an bhróin

dlighthear, ó chóir, dhíot.


5 Fuloing th’inghreim fós

’s budh sealbh dhuit go glóir é;

’s dod naimdibh, do ghnáth,

bí ag guidhe ghrás nDé.


6 Ceithre hoibreacha dég -

do-gheibh, ’s is sgéal fíor,

an té do-ní iad

trócaire fhial ó Chríosd.


7 An té do-ní iad

do-gheabhuidh ó Dhia thuas

glóir bhus aoibhinn d’fhior

ar an mbioth dhó ar cuairt. Cuairt gun