firstLine"; ?>

564. Cuich do leannan a Lamh Oir $
Length: long 39qq
Certainty: 3
Period:
  1. 15th mid
Areas:
  1. Munster
  2. Meath
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 803 (3/A/17) Seos. OLongain 19th c.
  2. RIA 471 (23/O/4) ? c. 1567
Prints:
  1. text Carney PB no xviii
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. patron’s irresistible attractions for women
  3. patron’s liberality to poets
  4. caithreim, list of triumphs
  5. cooperation btn Irish and Anglo-Irish
  6. Territory as spouse of ruler
  7. list of subject territories ?
Patron Christian Names:
  1. Eamonn mc Seamais & mc Moire
Patron Surnames:
  1. Butler
Apologue Subclasses:
  1. Cuchulainn takes arms for first time
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Cúich do leandán, a Lámh Óir?


[Carney, James: Poems on the Butlers: of Ormond, Cahir, and Dunboyne (A.D. 1400-1650), Dublin, 1945, poem 18]


1 Cúich do leandán, a Lámh Óir?

a gheal-Lám ó lán do lín;

cia do chách a gcuire shúil?

ní tráth rúin más duine dínd.


2 A Lám Óir na n-abhall nua,

a abann ara cóir clú,

cá lám a-bosain a mbia

do grádh? Cia dhár thosaigh tú?


3 A Lám Óir gan easbaidh nirt,

an fear-sain dána cóir do chairt,

an adbur rígh do réim Luirc,

nó do shíl Cuirc fhéil nó Airt?


4 An d’Fhine Tháil na dtreab corr

an fear bud cáir ós da chind?

no ’n aenfhear d’fheadach Ghall

a shaer-shreab mall ealach fhind?


5 Fuair meisi fád meanmain féin,

’s a thresi ar Teamraigh red thaíbh,

a geal-Lámh inmhálla Óir,

dóigh leannán dingbhála dhaíbh.


6 Émund mac Móire, mian ban,

do-róinne fhiar dá gach fhiodh -

gá dtú ris? - a romeas fhear

ní meadh dhis oireas don fhior.


7 Gur meala ’s a nuachar nua

nach uathad do-geaba a ngleó,

a Lám geal fá nglanann lá,

a shreabh a dtá anam eó.


8 Re hÉmund is ead a-dér -

an fear a-déram dár ndín -

“do chuid don Midi acht gé mór

nír lór duid a dlighi dhíb.”


9 Crích Feimin duitsi acht gé dú

deimin nach ’na bun-si bia,

ná bí ar in eng chaíl do-chiú,

ní fiú leinn hí dhaíbh dar Dia!


10 Sín tar Dún Búinde, a barr maeth,

gidh ann is úire gach iath;

inngnad uaid ’s a chuing ar cách

Áth Luain is Áth Truim gan triath.


11 Teangmad th’aire ar Teagh an Trír,

níl teagh nach roibe gud réim;

a hÍ leithBriain Tighi Táil

re senChliaigh Máil dligi dréim.


12 Ná tréig Loch Gil is geal fhóid,

asa sil gach sreab ’na ruaig;

Loch Rígh ar ar taíb-ne ná tréig,

ná léig mín is aoíbhne uaid.


13 An iad do charaid Clann Táil -

dá rann ar nach raghaid slóigh -

nó Laignig do leith bar ngaíl

do thairngir dhaíbh beith am Bóind?


14 Locht, a chraebh Annla, ní fhoil

dá gach taebh dá tarrla sib,

crú rígh is iarladh in fhuil,

ní síl a fuil iarmar ibh.


15 Dlighi teann as an triúr ríogh

ina n-iúl is fhearr a-tám,

a fholt lag dá findtar lat fiar

Blad, Brian ad thimchal is Tál.


16 Mall a rún aistir ret ucht

gud fhaisgin, a chúl na cleacht,

mná ’na ndrongaibh a’ dol tort

a’ cor folt do dromaib dearc.


17 Bean shróill deirg a’ luighe leat

is deilg óir buide ’na brut;

mná daigfhear a’ dénaim mac

a méraibh glac raigeal rut.


18 Tig ’s a bean d’aentoil an uair

mura eadh nár aentaidh féin,

bean broit uaine le craíbh ceóil

a ndeóigh ruainne chaíl dá chéibh.


19 Earrla slaitfhinn do mear mnaí,

ní fhaicind an bean gá mbí,

ná ben oile, i n-aisling é

nach fairsing lé a croidhi ót-chí.


20 Mar fuair ó mnáib Mac-an-Óg,

an tslat áigh rér ruaidh gach rúd,

fuair a charthain - beacht nach brég -

créd lé faghthair searc mar súd?


21 Sgél do-chuala ar Cathbaidh ndraí,

mur do-chuala canfaidh mé;

maith sgél fá ndubradh an draí,

is faí a-dér go hurlum é.


22 Lá dó a nEamain an fhuind gil

go feadhain truim ina thoigh,

cu facaidh uaidh néll gu neim

ó fuair sein gach sgél don sgoil.


23 Cuiris faí ar faisgin an neóill,

an draí ar a mbaistir gach buaidh,

“créd a-nosa,” ar neach don chléir,

“do breath ar réim Rosa Ruaigh?”


24 “Gebé a-nois iarrfaid arm nua

as a mbiadthair badhbh a ngleó,

téid tar cách,” ar Cathbaid rú,

“anfaidh a chlú gu bráth beó.”


25 Tig a nEamain dalta an druadh

a ndeaghaid sgagtha na sgél;

don glór tarrla a tigh na cliar

do iarr arma is do shir shén.


26 “Ní hoirceas soin d’iarraid oirrn,

is iarraidh ar nach foil feidm,”

arsan fáidh fa hoirdhearc ainm,

“airm do thoirbeart a láim leinb.”


27 Tig ar marthain gá gruaidh gil,

ar luaidh Cathbaid mur do-chluin,

gnúis dearg nachar fhulaing oil,

fearg ar Coin Chulainn do chuir.


28 Gabuis ’na láim cranngail cleath

do bhadhbhaibh do dháil a ndeoch,

cá feas sin ó sin a-mach

rath a chleas nó a nim ar neoch?


29 Slat gan élang ar aíbh

an tÉmund is mac do Móir;

a n-aís Con Chulainn do-cháidh

do chor áigh fár fhulaing fhóir.


30 Ní dheachaidh céim - ceart in meadh -

is teacht tar a méin cu mion,

neach dhíbh tar a chéile um chrodh,

díl na Con d’fhéile san fhior.


31 Gebé lérb áil boing re a bés

agus roind re dáil a duas -

samail do ní dénaid fós -

féghaid a nós ó so suas.


32 Maidm as nach célum a chlú

ar Émund ’na thairm a-tá,

tearc dhá dheacraibh taem is teó,

a gleó re taebh Leatraigh lá.


33 Émund Buitillér bas mín,

a bas ní glas um gháibh,

lár coille aige ara fhéind

gá léim aigi a coinde cháigh.


34 Tré Thuaith Ó nGlésáin do ghabh -

ní hédáil do-chuaidh tar ceal -

tuc uaithi, is nír iarfaig d’fhior,

cion iarthair na tuaithi is-teagh.


35 Mac Sémais do thimchail tír,

cas imchair in énais óir,

rug tar Bladma don taíbh thuaidh

caír sluaigh ris nach tarla tóir.


36 Onchú Biorra nár blagh miond

do gab na biola gom Marr,

do chuartaigh cíghe na mbeann

um Cheann uachtair Tíre thall.


37 Bró gér-rann le faentair fóir

fá Émund ’na n-aentaidh bíd

d’argain fhuind oiléin hi céin,

céim do thuill toibéim don tír.


39 Um na hairgnib ní fhuair guth,

ní ar cairdibh do-chuaidh a brath,

flaith Bebhthe gan boing re neach,

gur chreach ó Choill Meithne a-mach.


39 Ba Shléibe Cláire ní chél

ar thaille a fhéinde dá n-ól

ar in orsain is sia siar

don tsliabh chorr-sain cu sia in slógh.