firstLine"; ?>

565. Cuid ronna a n-anbuain Eireann $
Length: long 44qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
  2. TCD1411 (H.6.7) D. O Conaill 1737
  3. BL Eg. 112 M. OConchabhair 1780-
  4. RIA 257 (23/G/24) M.Og OLongain 1795-
  5. RIA 253 (F/iv/2) M. Og O Longain 1813
Motifs:
  1. imagery for patron (doirseoir) 330 kgs officer
  2. prowess in war
  3. harrying
  4. mercenary soldiers
  5. standing guard 240 Spartan life of warriors
  6. War with English
  7. prophesied deliverer
  8. Highkingship (fleadhoil go flaitheas)
  9. historical precedents
  10. Historical comparisons
Poet Christian Names:
  1. Padraig Og Stoneyhurst
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Maolmhuire m Donnch. m Mhaolmh. m. Murch.
Patron Surnames:
  1. MacSuibhne
Apologue Subclasses:
  1. Cuchulainn defends during ceas naoidhean
Meter Vars:
  1. deibhide
Poem:

Poem in printable PDF format

Cuid ronna i n-anbhuain Éireann

[TCD 1411 (H.6.7), 479 (2nd copy)]

Pádraig Óg Mhac an Bháird cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Cuid ronna a n-anbhuain Éireann

ag rochdain a roicheimeann

as roinn re geirreannaibh ga

beimeannaibh croinner cródha.

2 Cleachta forráin is foghla [480]

éigean d’fior a hagallmha

an gheiginnse lér loigh Lu(i)gh

goimh a heigin(n)-se d’iomcha(i)r.

3 As rith eich a n-easbadh sréin

nó as snámh go hiochtar aigéin

buain re gairm frosmha[i]gh[e] Fáil

gan snaidhm amhsoine d’fagháil.

4 Ní ranntar acht re rodhóigh

imreasan phuirt Pharthalóin

le sníomh reann re ciorrbhadh cneas

eang ar nár sealbhadh suaimhnes.

5 Do roinn ghaisgigh fuair gach fear

a chuid d’aoibhneas fhoinn Gaoidheal

gan spairrnn gan éigean a n-ágh

a gairm ní héidir d’fágháil.

6 As éigean d’fior a thabhaigh

bheith úmhal dá haradhain

is cruas comhloinn cháich do chlódh

a ndóith [leg. ndáigh] gach f[h]órlainn d’iompódh.

7 Cia an t-aoineach dá hóighribh féin

fuair d’iocht ó Éirinn fhóidréigh

buain re finnleasa[ibh] a fonn

gan cruaidh imreasa[i]n d’fulong.

8 Ní fhuair Conaire ná Conn

ná Art ná Cormac Cualann

gan dochar geirreann is greas

sochar Éireann ná [a] haoibhneas.

9 Cairbre Lifeachair flaith Fáil

níor shámh dho ag díon a chonáig

mór ccéimeann nár aoibhneas d’fior

fá bhraoinlios Éirionn fuair-sio[n].

10 Niall Naoighiallach na ttreas tte

tarrthaigh sé ag súr na críche

a luagh giodh eigion d’fisigh

duadh nách éidir d’innisin.

11 Eoghan is Conall calma

cogna[i]dh ratha ríoghTheamhra

tar dhóigh a ccomhlann ’sa ccean(n)

dóibh fá dhoghruinn a dhíd(h)ean(n).

12 Gá dú dá n-áireamh uile

lucht ceannais chláir Laoghaire

ní gníomh nách fua(i)robair d’fior

ríomh a bhfuarada[i]r d’éigean.

13 Do cinneadh le Maol Muire

ar nós aicme hUghoine

giodh ródhocair céim ’ná ceann

béin/léim fá anacail Éirionn.

14 Leanmhuin seinshlíghteagh síl cCuinn

do mheas áirsigh crú Críomhthuinn

cosg teag(h)mhála cháich fá cceann

a lámhr eadrána Éireann.

15 A bhrath suain iar seilg ttroda [481]

a n(d)-oiche ghairbh geamhroda

mainnear róighrín (?) reann a-nocht

d’fóiríghinr a heang n-éadrocht.

16 Fulang saothair seachna fleadh

seasamh fada ar chúl choirrshleadh

más é as uaim do Bhanbha Bhreagh

a tarbha uaidh ní fuígthear.

17 Ní chuireann tlás ná time

tar fheinnigh fhóid seinFhinne

freasdal gairbhfheadhma gliadh lonn

le hairmealbha fiann eachtronn.

18 A mbéal an toraidh tárla

dó cur re clár ríoghBhanbha

’s an tairrngire ag teacht dá thoigh

fá phort n-ainglidhe nUisnigh.

19 D’ua Mhaoil Mhuire mheic Murchaidh

gíodh cúis éigne as árdchonfaigh

a sheal neamhshóidh gliadh is greas

budh rian fleadhóil go bhflaithios.

20 Do-rin[n]eadh dá dhreich dhaoineadh

d’furtacht sleachta seanGhaoidheal

tóimhseoir re tómhas na ccath

dóirseoir dhoiris na deacrach.

21 Ionann baramhuil bhíos dó

tré fhulang éigne is ann

le goimh fórluinngleó gach foinn

’s do Choin cómhluinnbeó Culoinn.

22 Mar sin do bhí feacht eile

Cú Eamhna ag lot laochraidhe

’na aonar ar anbhuain ccath

ag saoradh armshluaigh Ulltach.

23 Ultaig acht Cú na ccath mear

tuitid a ttroimcheas naoidhean

an uair-sin is níorbh é am

guaisnimh don té no-s tarrthann.

24 Tionóla[i]s inghean Eachach

go cóigeadh Ír iochtbhreathaig

bheithre ré horchóidibh eang

cheithre hollchóigidh Éireann.

25 Cosg deacra an toicheasdail thruím

do faomhadh le Co[i]n gCulainn

níor chéim saor cómhlann na Con

trér fhaomh don fhórlann d’iomchar.

26 An toisg ar a ttáinig(h) sin

Meadhbh inghean Eachach Fhéiligh

fáth doidheagla dá gnúis ghloin

cúis oigheadha dá hógaibh.

27 A rinn ghaisgidh muin ar mhuin

tuitid le Coin (n)a[n] (c)cleasraidh

dá aonláimh tall a ttrodaibh

claonbháigh ann do íocadar.

28 Ón Choin níor fhill an uair-sin

neach d’uaislibh ná d’anuaislibh

nár theith re róghráin a reann

dá chéim anbháil an t-inneall.

29 Ar n-eirghe d’Ultaibh ón cheas [482]

sraonaid féin ’s an Chú coímhdheas

cath mór céadfadhach fá a cceann

ar shlógh eachtghonach Éireann.

30 Mar sin tráth thiocfas as-teach

fear cogaidh chríche Luíghdheach

idir fhóir Ghall is Ghaoidheal

as ám cóir dá chómhaoidheamh.

31 Cu Chulainn céadna chláir Breagh

Mac Suibhne marbhthóir míleadh

cosg goimhfheadhma Gall a ngoil

bann is croidheamhla a ccliathaibh.

32 Cuirfid a-raon re-roile

Gaoidhil is triath Toraighe

do chur catha air ghléire Gall

dá racha Éire ó fhórlann.

33 Mac Donchaidh meic Mhaoil Mhuire

dóirseoir beárna baoghluighe

an raolta dán dú an dochar

an Chú chéadna ar chathughadh.

34 Dul fán eire is barr Breagh

ní mór do mhacaibh Míleadh

d’feidhm athardha go sníomh sleadh

do dhíon athardha a n-aithreadh.

35 Cosmhuil do chách congnamh leis

do dhearbh dhóibh duagh is díograis

do sheas sé a ngeasa a ngomhairc

a ré a cceasa a ccóntabhairt.

36 Níor chleacht sé saor an beannach

codla[dh] ar chneadh nÉireannach

fuair ágh sírsheilge ar a shon

do chlódh díbhfeirge Danar.

37 Cuirfe(a)[i]dh cách leis do láthair

nách tiosgadh tonn iombáthaidh

ó fuair geall a ndéanann di

tar cheann Éireann an uair-se.

38 Mór leacht laoich as a los-sin

ag tóirneadh treas n-anbhosaidh

do mheabhaidh guaisneimh a ghal

ar feaghain duaimhseigh Danar.

39 Minic tug teannaíl tinntigh

dar sgé orchra ar fhirminntibh

do fhoillsig ann dá fholtaibh

ar dhoirsibh Gall gníomhfhortail.

40 A dhúsga[dh] feithmheach fada

ag cosnamh chláir Cearmada

do mhínigh na docra dó

ar chíghibh ochta an annró.

41 Gach guasacht gabhaidh gach goimh

dár fhéach flaith cinnmhóir Maghai[r]

fáth soimheanma do [leg. dá?] ghnúis ghloin

bá cúis roimheadhra a rochtain.

42 Mac Síli díonghoin deacra

príomhshail bhuinn na beoghachta

cosg anbhuana a ghart ’s a ghoilr [483]

garbhghuala re gort Gaoidhil.

43 Fear cabhra críche Conaill

laoch dár labhair caomhCholuim

dráig dhíoghaltach gan ghrádh Goill

fíorUltach le clódh cómhloinn.

44 [Is] maith do thuig Maol Muire

guasacht Banbha braonghloine

fáth deaghshlua[i]gh don tí do thu[i]g

ní sgáth d’anbhuain [í] ar aonchuid. Cuid...