Poem in printable PDF format
Cuimhnigh leat
meise, a Mhurchaidh
[RIA 1387
(23/O/78), 41]
[Deibhidhe, Dán
Díreach]
The story told in
this poem is referred to in Fada an turus tug Eamhain
1 Cuimhnigh meise leat a
Mhurchaidh
a
sgéith chorcra chomhurthaigh
cia
ar narb feallta dhot h’uchd mbog
ad
phurt da ndearntha dearmod.
2 As e ar
ndearmad dod dhreich mhoill
gan
t’aoibh d’fagháil go n-iarroinn
ar na
clíaraibh gidh gnáth gráin
ní
sgáth gan íarraidh mh’anáir.
3 Feach leat an
leathtrom an
roinn
a
Mhurchaidh I Maoil [Fh]abhoill
ní
dho gach cléir a chíabh lag
’s do
chlíar bhudh-dhéin do dhearmad.
4 Nir dhearmadais
doiligh leam
acht mise
d’éigsibh Eireann
a
réalta Ghaoidheal cá gráin
fár
dhéanta aoinfhear d’fágbháil.
5 A Mhurchaidh
Clíath caithfidh me
cumann nua ré neach
eile
fam
dhearmad daoibh tar gach ndroing
do
sgaoil ceannghad
ar
ccumoinn.
6 Ar ndáil na
dighe reachta
ro-m
gabh réd ghnúis naoidheanta
ót
éarla fiar craoibhréidh cas
treall am aoinleim dho fhóbras.
7 Fillidh bhur
n-aigneadh uainne
ód-chíthí cléir n-éanuaire
do
luathaigneadh do mhear me
o
nuachaidreamh fhear oile.
8 Do mholadh
móide dho-niam
a
ttabhrae dhamh do dhímhiadh
créad
acht bualadh
fhirr uallaigh
[i]s
ní ar uamhan t’anuabhair.
9 Na beir orm a
fhir Dala
breith acht mar
bhias mh’ealadha
ar
meas ni móide bhus
tearc
ná
meas fá m’óige m’foirfeacht.
10 O bhias bhós a
bárr na lúb
ceard
óg ag an fhear shean-úd
gidh
bé ara ccinnsiom lé
a-le
ni hé
sinnsior as
sine.
11 Ag sin tu
’s(a) as tugtha dh’aoidh
ni
fhuile acht a
n-aois mhacaoimh
is ni
fhoil a bhile Breagh
sine
ar ghoil tar dho ghaisgeadh.
12 Feidhm laoich
an lá bhus deabhuidh
ort
is tú a n-aois óigleanuibh (lenuimh)
a
throigh réidh bhróigshleamhuin bhog
ni
céim óigleanuimh agod.
13 Ni chuala
sinnsior go se
[42]
do
dhul tort a thúir Mhúisre
mo
do-cuas léd chéibh leabhair
céim
suas tar na sinnsearaibh.
14 As é an
t-eineach a fhir Breagh
ro-d
chuir ós cionn do
shinnsear
ag so
ar ngeall go horlamh as
nach
d(e)arnadh earr budh iarmblas.
15 Maitheas na
cruinne a chneas
seang
fágbhuidh an fear nach caitheann
ni an
gan dol muin ar mhuin
don
chrodh acht an
bladh bhrontuir.
16 Ni dílios duit
a-deir breath
crodh
acht a ccuire
ar th’eineach
dílios dod bharr glan géagchas
an
cradh an tan[n] tidhléacfas.
17 An conách a
chiabh na ndos
re a
sgaoileadh as eadh fhásas
ni
soicheilte son mar sin
roiteirce an crodh nach caithtir.
18 Do-bheir Dia
ni (doiligh) doirbh an bhreath
da
gach neach do-ni an t-eineach
a
mheic ghroidhigh bhuig Bhaltair
cuid
an oinigh d’iomarcaidh.
19 Sgéal beag
agum uime sin
do-chuala meise a Mhurchaidh
a
thoradh go ttí ar mo sgéal
ní ar
an ndomhan ni deimhnéamh.
20 Lá dhá
riacht Brian an
bhrogha
do
mhíolradh bruaich Bóramha
nir
lean is ní locfadh áth
an
fear achd ochtar
oglách.
21 Do sgar toisg
éigin oile
re a
ochtar Brian
Bóroimhe
tarla
ar ttriall na ngiolla nglan
Brian
Sionna gus an
Saoghal.
22
Beannaigheas do
Bhrian Teamhrach
’na
óglách ard ildhealbhach
da
ríar go heagnaidh umhal
freagraidh Brian an beannughadh.
23 “Cia thú no cá
tír a mbí
a
óglaoigh” ar an t-ardrí (óglaoidh)
“tánag rúaig ar a bhfuil fáth
ná-m
cuir uaid” ar an t-óglách.
24 “Me an Saoghal
nach seachnaid fir
a
mheic meic Lorcáin Luimnigh
mor
dho bhiadh dhar seachna sonn
rian
deabhtha gin go ndearnsom.”
25 “Fada a-nois a
Bhriain Bhanbha
a-tú
a n-oirchill t’agallmha”
“maith an uair” ar céann ó cCais
“uair
budh fhearr nocha bfhuarais.”
26 “Ag súd an
toisg thug a-le
meise
a rí Eireann
aoibhne
fiaghail ar t’feile o nach éir
d’iarraidh céile dhom choimhréir.”
27 “Ni as mó ina
iasacht ní
fhuil
ag
aoinneach d’fhad a shaoghuil
mairg
a fhlaith na ccleath ccorcra
nach
caith an t-each íasochta.”
28 “As me an
Saoghal a Bhriain bhinn
a-m
caith agus ná[-m]
coigill
na
coigil mé a fhlaith o Luirc
as é
mo mhaith mo mhalairt.”
29 Do reac an
Saoghal sona
é
fein re Brian Bóromha
nochar íarr fíach dhar iarr fear
ar Bhrian (a) cCliath acht a chaitheamh.
30 Do chaith
Brían barr an aonaigh
bhréig ndiombuain an drochsaogha[i]l
ni
thug an fhlaith ailseadh inn
táirseadh ar chaith re a choigill.
31 A-niú ni
mhaireann Brian
Breagh
táirnigh an crodh nach caithtear
beó a
bhladh is budh beo
go bráth
ni
mhar acht mar cheo
an conách.
32 A Mhorchuidh
Ruidhe an ruisg glais
cuimhnigh an chuing do ghabhais
óir
nacha mbí a bharr
na sreath
ní as
ní ánn
acht an
t-eineach.
33 Bréag na heich
’sa[n] t-ór buídhe
’s na
cuirn a chinn
Musgruidhe
bréag
a fhlaith Bhearnais na ba
an
mhaith nach dearnais déana.
34 Bás nach eagal
dod chuid cruidh [43]
a
mionchaitheamh a Mhurchaidh
caithfe a robhladh is a rath
ni
hadhbhar t’aighthe d’ionnlach.
35 Ni bhi th’ór
ni bhid do bha
ar
taisgidh ceall na cófra
ni
hionnmhas cofradh
na ceall
th’ionnmhas ar
orchradh nEireann.
36 Gidh be duine
a-deir rut-sa
nach
fuil ionnmhus
agut-sa
a-ta
a losaibh do chleath cclas
is a
ccosaibh th’each th’ionnmhas.
37 Ór ni
choimheadae na crodh
a
Mhurchaidh Gréag na ngealchon
fiu
an crodh an téachtghnaoi-sin tug
gan
chor éantaoisigh uasud.
38 Ni chreidim
gan da chroidhe
a
fhlaith mhéirsheang Mhusgroidhe
croidhe cruaidh is croidhe bog
gan
bhuain re ar-oile ionnod.
39 Bidh agad re
haghuidh nGall
croidhe nach cruaidhe an t-iarrann
’s
croidhe réidh nach cruaidh um chrodh
an
uair as béin re bronnodh.
40 Croidhe bog ag
bronnadh each
ionnad a threoin na
ttaoiseach
bidh
an uair oile a n-iomghuin
croidhe cruaidh a ccaithiorghuil.
41 Do chreacha um
Chorcaig na ccladh
cruaidh chosantar bog bhronntar
neamhchruaidh gidh cruaidh do chroidhe
fa
chreachbhuaibh chuain Chorcoidhe.
42 Do-chuaidh
th’eineach a fhir Chlíach
a
bhféile le fás t’ainbhfíach
a
ccruas le gealgha dhod ghuin
dho-cuas gud mheanma a Mhurchaidh.
43 A Mhurchaidh Í
Mhaoil Fábhuill
as
geal bas a mbreaclamhuinn
acht dul uaid
do mhuin mhuirne
ni
fhuil ruaig nach rachuim-ne. Cuimhnigh...