firstLine"; ?>

575. Cuimseach sin a Fhearghail Oig $
Length: short 11qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Ulster ?
Classes:
  1. to another poet
Manuscripts:
  1. Francis. Lib. A25 B. MagNiallghuis1610-
Prints:
  1. transl. Bergin IBP no. 27
Motifs:
  1. education of poets
Poet Christian Names:
  1. sname only
Poet Surnames:
  1. O Gnimh Franc. A25
Patron Christian Names:
  1. Fearghal Og
Patron Surnames:
  1. Mac an Bhaird ?
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cuimseach sin, a Fhearghail Óig


[Bergin, Osborn: Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 27]


Fear Flatha Ó Gnímh .cc.


1 Cuimseach sin, a Fhearghail Óig,

fuarois tiodhloicthi ón Tríonóitt;

gan feidhm ndaghoide ar do dhán

ag deilbh ghlanoige ar ghearrán.


2 Gan boith ndiamhoir, gan deacoir,

cead áinis as airdcheapaidh,

scor raifhérach, radharc cnoc,

amharc aiérach accat.


3 Donnchadh Mór bu mhillsi dán,

Giolla Brighde is beó iomrádh,

días do thobhoigh grádh dá ngaois,

dán ar conair ni cheapdaois.


4 Ní bhiadh ag feithiomh gach fuinn

cnuasach milis mheic Cearbhoill,

fa Chluain Fraoich gér saoi soinnimh

gan chnaoi ccaoich ’na chrobhoingibh.


5 Bliadhain iomshlán d’Aonghas Ruadh

re hucht ngill ar ghrés n-ionnfhuar,

níor thaobh re mailís molta

an fPailís chaomh chlárchorcra.


6 Níor chum Sgolb, in dá rinn róibh,

saoi gan énlocht, nó an t-Órthóir,

dol tar a riaghail d’ágh ort,

dán gan diamhoir gan dorchacht.


7 Ní gluaisti le Gothfroidh Fionn

dán ar nach dénadh dítheall;

re blaosgach do bhiadh folamh

riamh dob aonsgoth ealadhan.


8 A leapthaibh dhénta duan ngill

aghaidh Thaidhg Óig Í Uiginn,

ní hionand méin duitse as dí,

dá huiscce féin do foilcthi.


9 Misi féin dá ndearnoinn dán,

maith leam-lughoide ar seachrán -

bac ar ghriangha um theachta as-teagh,

leaptha diamhra ’gar ndídean.


10 Eadrom is eatoil ghlana

muna n-iadhoinn m’aphradha,

mar dhlaoi díona ar lés an laoi

díogha dom ghrés do-ghéntaoi.


11 Ní hionand gnáth damhsa is duitt,

dá ndeachoinn do dheilbh adhmoid,

fada m’uain ar aoidhidh roinn,

uaill as mo laoidhibh locoim.