Poem in printable PDF format
Cuir srian rem
chorp, a Choimdhe
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 81]
Tuileagna Ruadh Ó
Maolchonaire cct.
1 Cuir srian rem
chorp, a Choimdhe,
ós é as each dar
n-anaimne;
m’each iomchuir
ag triall le tal
do b’ioncuir
srian dá seoladh.
2 Ní sbor iarraim
don eachsain
do-chím nach é a
huireasbhaidh;
triall do b’áil
ar a haghaidh
srian as cáir dá
connamhain.
3 Ní hé gach
aonshrian fhoghnas
don each
shanntach shiubhalbhras;
cóir gaillshrian
do dhéinimh dhi
ler éirigh
d’ainmhian innte.
4 Cuir aradhna
don umhla
i srian an eich
allmhurdha
- macnas ’n-a clí
do chalcaigh -
bhacfas í dá
hiomarcaidh.
5 Cuir don déirc
do dhíon m’anma
ris an each mborb
mbarbardha
go dtoirmisge a
meanmain mhóir
ceannraigh
ndoibhriste ndeargóir.
6 Cuir san srian,
a mheic Mhuire,
béalbhach trom
don trócuire
sdiuras is-teach
tar a tail
an t-each le
ciunas chrábhaidh.
7 Smeigiall
d’aithrighe ghéir ghloin
cuir ceangailte
don tsriansoin;
an iall gan
chlaoine gan char
iadh gach taoibhe
’n-a tiomchal.
8 Má tá a Chríosd
gur chuiris srian
rem each ar eagla
a hainmhian
cia an neach dar
dholta ar a druim
dá shocra each
gan ughuim?
9 Díolait shocair
do ghrádh ghlan
cuir a Dhé ar
each na hanman;
do b’ionchuir
dhuid ar a druim
cuid a hiomchuir
don ughuim.
10 Cuir uirthe a
rí [bhus] rí ar neamh
tiarach do
dhóchas daingean,
ós tú an rí as
cumhaing dá clódh;
ná tí dhí an
ughuim d’iompódh.
11 Uchtach dot
fhírinne féin
cuir uirthe, a
uain an fhíréin,
ó tá do bhreith
go bráth ort
bheith do ghnáth
ag a giollacht.
12 Geis dí míréir
a marcaigh;
teann fúithe, a
Chríosd chomhachtaigh
- tuar gábhaidh a
geasa sin -
creasa crábhaidh
is creidimh.
13 Guais leamsa
nach iontaoibh m’each,
gnáth an groigh
oitir uaibhreach;
gníomh baoghail,
a Dhé, a daibheart;
caomhain mé ar a
marcaigheacht.
14 Bheith ar lár
dí fa dheireadh
ós é a críoch go
gcaithfeidhear
mairg ar a luigh
an chlí chuil,
ní bhí achd ar
muin a marcuigh.
15 Mian dí dul ar
a haghaidh,
teann ise ar a
haradhain;
mairg
sliommarcach fhuair mar each
an truaill
iomarcach uaibhreach.
16 Iarraim ort
más í do thal
go dtí dhíot, a
Dhé athar,
bheith id liaigh
ar mo lotaibh
i ndiaidh an eich
anshocair. Cuir.