firstLine"; ?>

58. A Eamoinn an agad fein $
Length: middling 26qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Political
Manuscripts:
  1. NLS Adv. 72/1/42 ? cent.
Motifs:
  1. imagery for patron (cu, pailm, glac diamant)
  2. criticism of another poet’s skill
  3. English conquest
  4. cooperation with some Anglo-Irish?
  5. reim rioghraidh
  6. kingly functions
  7. tribute
  8. Plight of faith
  9. another poet named (Feiriteir)
  10. Proverb q. 1 (crionna gach lemh go labhrann
Poet Christian Names:
  1. Sname only Adv. 72/1/42
Poet Surnames:
  1. O Cleirigh (?Dr?)
Patron Christian Names:
  1. Eoghan [Ruadh]
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1649
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A Éamuinn, an agad féin?

[NLS Adv 72/1/42, 26r]

Doc[tú?]ir Cléirigh cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 A Émuinn an agad féin

ni binn glór da ttig toibhéim

derbhthar fíora na sen sonn

“crionna gac lemh go labhrann”.

2 A áithcheódh let ni leigeabh

Píarrus fesach Feireider

ni mór nach báothghlór ban deit

gur can cláochlódh ’na chroineic.

3 Na cúig meóir ni maoidhemh glan

áirmhe d’esbaidh ar Eóghan

beid on ár a n-iomrádh sin

’s budh slán iomlán gan ainimh.

4 Fir Uladh o thuinn go tuinn

meóir budh hionáirmhe a Emuinn

a n-ágha ’sa n-airrghe so

daingne a ccnámha náid clocha.

5 Buidne na mbrugh-soin ráidhe

mas íad t’adbhur urghráine

ferr an chomhda catha dho

naid clacha bodra balbha.

6 Cloch ni chumsgaith da hionadh

úaithe féin ar faidshiobhal

acht óig dhána ar lúdh tar ler

do shúr chána choig ccóigedh.

7 A-táid uma dhreic ndealbhdha

idir thríath is tigherna

tre chrích mháoinigh mhúir Da Thí

sáoirfhir gac dúin a-deirthí.

8 O do ghlúais an drong dhámhach

beid dot aimhdheoin illámhach

’s ni shenfuid an daghrún de

féchfuid glanlúth na glaice.

9 Drong eile nar eirigh lais

a-taid umhal do ó dhíoghrais

cáor chaoimhmianuigh na ccrú nglan

ni cú aoinfhíadhaigh Eoghan.

10 Do bhádur Gaoidil ghuirt shreing

go techt d’Eoghan go hÉirinn

gan chlár Cuinn gan nert gan nemh

fa chuing gan chert gan chreidemh.

11 Do bhádur Goill go greadhnac

spicti innte ilmhedhrach

nochar shona ona sódh sinn

ag ól fhola na hÉirionn.

12 Tríath as ferr chosnus an chríoch

ar nert námhad ar eisíoth

díol é ar gac ainm da bfuair-sion

ad-dlé gairm na nglanuaisleadh.

13 Glac dhíamoint is ordóg óir

do gairm d’Eogan ni hégcoir

pailm don fhuil as úaisle linn

da bhfuil an uair-si a nÉirinn.

14 Cóir do mhol ’na láoidh gan locht

an tí táinig dar bhfurtacht

glac shéghuinn fhíalfhos gan oil

Píarrus mac Émuinn iulghloin.

15 Glac 7 ordóg Eógan

sgíath na rómha an ríleogan

a crosa ’sa a ceall da thoil

cosa 7 cenn ar ccogaidh.

16 Ni loinn leis luidhe socair

’s deibhlén Dé go hanshocair

nech tre fhúath ’na chenn na cuir

túath 7 ceall do chosuin.

17 [Ar Ga?]ll brisfidh an bealach [26v]

Eoghan ’sar Gall Gháoidealach

[ga?]ll gaca Gáoideal as cam

dall gac áoinfher nac admhann.

18 [...ci?]m chneidhe gaca cinidh

as dúal d’Eogan d’fhóiridhin.

ni léigfe le gleire Gall

Éire ghéigthe na ngealchall

19 Sé 7 cethracad rí[ogh] réidh

do ghabh Éirinn d’fuil airdNéill

re nEóghan a n-oighre soin

leóghan as doilghi a ndeabhthuibh.

20 As é bhérus go clár Cuinn

ag sgrios úadh lochta a lethtruim

solus súan nert 7 náoimh

sonus búan cert an chomáoin.

21 [B]éraidh fós as ferde sinn

iomlat áoibhinn ar Éirinn

suidhfem ’nar ttír uile as

gac duine dhínn ’na dhúthchus.

22 [C]óra dhúinn cor le cheile

[io]na bheth ag buing toibhéime

ar chrú Néill tuile gan tráigh

fa réidh um uile édáil.

23 Griostur uainn formad [is] f(h)íoch

cenglam cairdes gan eisíoth

as ferr bheith gan chreic[h gan cro?]dh

[io]na bheth fa bhreith ar mbiodhbadh.

24 Na brosd na beitre goile

chugad go clár Cíarraighe

féch go bfhuilim ar do les

go hég na cluinim coimhmes.

25 An ad Shac ni sloinnedh slim

nar baisdeadh ort a nÉirinn

do cos a-nonn ’s a-nall seal

fos sonn ad Ghall no ad Gháoideal.

26 An dán do dheilbh ni dúal duit

leig don ealadhuin orrdhruic

mór an ghúais a grinneal so

glúais go himeal na hegna. A Émuinn...