firstLine"; ?>

581. Cuirfead cumaoin ar Chlainn Tail $
Length: very long 102 (2q miss RIA 2)
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. Genealogical
Manuscripts:
  1. RIA 1080 (B/iv/2) M. O Cleirigh 1627-8
  2. Book of O’Conor Don 1631
  3. NLI G131 Cu Coigcriche O Cleirigh 17c
  4. Brussels Bib. roy. 2569-72 M. O Cleirigh
  5. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. ‘caithreim’, references to battles
Poet Christian Names:
  1. Maoilin Og RIA1080,BOCD, RIA2
  2. Tadhg mac Daire RIA303, TCD1291 only
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
  2. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach mc Domhnaill mc Conch.
Patron Surnames:
  1. O Briain (of Ennistymon, knighted 1583)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cuirfead comaoin ar Cloinn Táil

[RIA 1080 (B/iv/2), 85v ]

Maoilin Occ Mac Bruaideghda cecinit

{Tadhg (mac Dáire) Mac Bruaideadha}

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Cuirrfet cummáen ar Cloinn Tail

iarsma Miledh muir Gabráin

d’iul chíallaidh nach cláen ffesa

diamair a ccraobh ccoibhnesa.

2 Fuicfet aca i n-íoc a séd

coibhge as cosmail do choimhét

ealta glanslúaigh o ngealCais

daghduain senta sáersenchais.

3 Mor ccerdca ’nar chuir meisi

d’iarraidh iuil na foirne-si

na righfir do fhreimh Shadhba

ceim tre línibh leabhardha.

4 Go hAdam ccianáesta cclaon

cuirfett ni haignedh ammáel

lorg firbhech fola na mBrían

do mínlech moighe Maicniadh.

5 Budh é an deghmac-sa Domhnaill [86r]

nach maoth re hucht anforlainn

lamh nemhthais na ngeccmur nglan

cedghlún sencais slonnabh.

6 Foirfidh sé ní seol diomdach

tabhram tús do Thoirrdealbach

damhraidh occ lesa Luimnigh

an ces-sa a ttat TuadhMuimhnigh.

7 Ua Concobhair cruth failidh

dlighim cuma a craobhscaoilidh

neach mar é as deghfothain damh

me d’ealathain a ollamh.

8 Ocht ngluine decc go ndeghrath

d’feruibh toghtha o Thoirrdhealbach

go Brian fíorbhunadh na ffer

d’fíadh míonMumhan na Miledh.

9 Cuirfet rompa ni reim cruinn

oighre diongmála Domhnaill

an tslat a corrthulaigh Cliach

mac Concobhair ar ccaoimhtriath.

10 Toirrdelbach terc a shamhail

dob é athair Concobair

ardslat far at an fhiodhbaidh

mac do Thadhgmhac Toirrdealbaigh.

11 Ann-so dedhlaid re Dal cCais

sliocht Mathgamhna Daill dearcglais

gasradh mhenmnach ghiolla ngrib

tar sensruth Sionna sínitt.

12 Brian Catha an Aonaigh iomghlain (?)

athair tuillmech Toirrdelbaig[h]

triath o cCais nach bladhadh bhoid

as lais do gabhadh Geroid.

13 Ann-so dhedhlaid co ndeighceill

siol mBríain Baile Í Ghiridéin

lucht airccne na siodhbrugh seang

is rioghradh Cairrge o cCoinnell.

14 Mathgamhain na ttres ttromdha

athair Briain meic Mathgamhna

rucc síos ón ngeccbharr a ghnáoi

do cédrann cíos na cunttáoi.

15 Ann-so sccartar scciamhdha a ccruth

siol mBriain céillidh na ccomrach

drem do shaothraigh glúin re glíaidh

risin laecraidh úir d’Finncliaigh.

16 Sloinnfet niba snaidhm decrach

d’eis Mathgamhna Muirchertach

nár comraicc fa mín Mumhan

tar thír ttonnbuicc ttuadhMumhan.

17 Sgaram ann-so re Cloinn Chuirc

Donnchadh Boirne an bháis orrdairc

gasradh armruadh i cceann cniocht

daghsluagh na ceall a chaeimhshliocht.

18 An Muircertach-sin mhúir Bregh [86v]

mac Toirrdelbaigh do trenghabh

mac Taidhg Cáoil Uisge na n-ech

na puirt-si im Láoigh im Luimnech.

19 Tucc an Tadg-sin cuairt cosccair

dá chéd each d’ainm tuarustail

don tsiol cCuinn-si im Cáol Uiscce

nír cuimmsi an cáor comhruig-si.

20 Sliocht Briain Ruaidh na ruathar tte

a-nois dedhlam an dreim-se

tíad ar fuaccra tar sruth soir

ní a ccruth chuarda do-chuadoir.

21 Tadg mac Concobair cloidhmigh

on tSiubdain aird fhionnboirnigh

slat cosnaimh o cCobtaigh sin

mac Donnchaidh cobsaidh Cairbrigh.

22 Bloidigh Mumhan na maoineadh

as so as cóir a ccraobhsccaoileadh

on tsiol mBriain on Greanaidh gloin

nachar dhealaigh re ndútaigh.

23 Lenam co hAra uchtglain

sliocht Domhnaill caoimh Connactoigh

geggeal Gabhra na nglaisdearc

céidfher tarla i tánaisdecht.

24 Mac Domnaill Moir co móid mir

ri dedhenach Cláir Caisil

ré lán ar ar gabhsat Goill

clar frasbocc Té tar tórainn.

25 Lais do toccbadh druim ar druim

ocht mainistre decc derbhuim

mac riogh ris nar tharbha tenn

do dhíon a anma ar iffrenn.

26 Do dherbhraithribh Domhnaill Moir

Consatin nar cleith (i) ccanóin

fir [leg. fer] nar fann brigh im boiccsín

as día shíol Clann Consoidin.

27 An Domhnall Mor-sin nach mar

mac Toirrdelbaig[h] triath Mumhan

mac séin Diarmada Dáeinigh

dob fíalbucca im iolmhaoinibh.

28 Mac Toirrdealbaigh far cláon coill

or s[h]íolsat an dá sháorcloinn

Clann Taidg fherrdha i n-am fhoghla

is Clann mherrdha Mathgamhna.

29 Mac Taidhg do dhicenn Donnchadh

echt narb feirrde a sobhorthan

clar fádglas Felim o shoin

fágbhas Eirinn don fhionghoil.

30 On Donnchadh-sin deghmac Briain

foir Cuanach nar ob airmghliaidh

da ttriall ni thabhratt turbaidh

’san fhian armghrod Ethurlaigh.

31 Do slioct Donnchaid[h] fos feghaidh [87r]

Pueraigh is Ploincedaigh

laoich toghta na bfonn bfásach

'sa[n] drong armtha Iúsdasach.

32 Fillem thra ar Thadg mac Briain

Bhoraimhe dreach mur doinnciaigh

meic Ceindeidigh nar maoidh muirn

co ccaoir seincceidigh siothguirm.

33 Do bí an Brian-so os Banba Cuinn

einghein tsochair sil cConuill

gormfhonn diamhair na séd sídh

da bliadhain décc ’na deighrigh.

34 Enrí corónta ar crich Bhregh

ní raibhe on trath do thuit-sen

i cCluain Tarbh far fochrom fiodh

o spairn Lochlann is Laighion.

35 As e do bris caoga cath

dár chuir Brían buabhall Temhrach

gaill na n-innsedh tar sál soir

ar ar ling-sen clár Cobhthaigh.

36 Ceidfer do chum na sloinnte

Brían na ccosccar ccomhlainnte

tuar menma do mhuigh na bFionn

’s do chuir lenba re leighionn.

37 Echthigern sinnsior cland cCraith

do cloind Ceindeidig[h] ceimdaith

drem sin d’ollamhnuibh Clair Cais

on Maigh mborrabhlaigh mbraonghlais.

38 On Ceinneideach-sin as leir lem

síol cCeinneidigh ní cheilfem

da n-áitibh a n-eng turaidh

drem do aitigh Urmhumhain.

39 A-nois cuirim o Cloinn Tail

mec Con Cairrge is Í Beolláin

cia an uair-si dob aipce im reir

d’úaisle na haicme íad-séin.

40 Mac Lorcáin Locha Deircc deircc

meic Lachtna co lain derdeirc

meic Cuirc meic Anluain armgloin

an phuirt crandruaidh caomharmaigh.

41 A-nois bhuailes reim co rath

brathair Ceindeidigh cosccrach

craobh na tTadhgaicme o thigh Táil

ór chin ardaicme Ó nÓgain.

42 Mac Mathgamhna dorcla ded

meic Toirrdhelbhaigh an troimgécc

meic Cathail meic Aedha an aigh

craobha an achaid[h] on fhionnMháigh.

43 Meic Conaill nar chumhdaig[h] ce[i]lg

meic Eachdac[h] buidhnigh bailldeircc

meic Cairthinn fhinn troid as teo

meic Bloid nár fhill ó áeinghleó.

44 As sin sccaoilit co scéimh n-ait [87v]

Ui Dedhaig[h] foirne O bFermaic

’s Ui Cuind cosmail a n-iomradh

gasraidh fhuinn O nIfernán.

45 Mág Cochlain na cóicc ndelbhna

don craoibh cedna an caoimhelbha

sliocht Delbhaoith as mín muighe

tar tir ttennmaoith tTradraighe.

46 Síol Áedha na n-echradh sidh

ar triocha céd O cCaisín

do slogh Caisil an clair bhuig

leis an Dail cCais-sin congnuid.

47 Tír Bhenncorr as blaith fiodhach

an triocha fhinn oirterach

daimh na tana co troid mir

d’Ibh Bloid as cora an crich-sin.

48 Fine Cais na láidheng luath

ni biú ag fodhail a fortuath

sluagh seimh as eachgrod uidhe

lenfod don réim rioghraidhe.

49 Mac [C]ais o ndubradh Dal cCais

meic Conaill eachluaith fionnbhrais

drem gan cuibhrech im chend ccruidh

meic Luigdech Menn on Mumhain.

50 Meic Aengusa teinn tirigh

meic Fir Cuirb an caithmilidh

meic Mogha Corb ós dá chur

lorg a fhola go hAdham.

51 Meic Corbmaic Cais caor abadh

meic Oillella ór fhásadar

síl Eoghain síol Céin is Cais

a riomh as dom céim condois.

52 Don tsíol cCéin-si ni cuairt gerr

foir Luighne laochradh Gaileng

is Í Cerbhaill clair Biorra

laimh re gealmhuing goirmShionna.

53 Do shliocht Céin aobhdha fhosaidh

Í Chobha is Í Chathasaigh

slogh síodh na senmhagh-soin soir

diobh merghasraidh Ó Mechair.

54 Do sliocht Eoghain Moir Muimnigh

on Máigh n-uaibhrigh n-eochairghil

co Cliodhna fonnbhain fledhaigh

iomdha a ngablan geinealaigh.

55 Diobh-sin gasraidh as gloine

siol cCartaigh cláir Musccraighe

fa tir co Tailldin uile

dib Cuirbrigh acht [leg. is?] Corcluighe.

56 Sluagh O nEachac[h] na ráon réidh

do clannaibh Eoghain íad-sein

’s mac righ Ealla an chladhfuinn caoimh

drema nar tadhaill tathaoir.

57 Diobh Í Dhondchad[h]a an daghaigh [88r]

is laoich dhorrdha O nDonnabhain

fir as lionmair lín tionáil

is riograidh síl Suilliobhain.

58 Síl Eoghain an óil medhraigh

ni bia(idh) me da minlenmain

an cháer min crannruadh churadh

as díbh daghsluagh Desmumhan.

59 Fillfe meisi ar Mhogh Nuadhat

Eoghan Taidlech tlachtcuannad

mac Mogha Neid (meic) deircc dhealbhglain

do threicc a fheircc d’ingenraidh.

60 Meic Deirgteinidh da derc corr

darbo comhainm Corb Aulom

da chuing tréna an teghlaigh caoimh

meic Enda medhraigh Mhuncaoin.

61 Enda Munchaoin nar muigh geis

mac Loich Móir meic Mo Febhis

gécc don fhóir Fuinedhaigh so

meic Muiredhaig[h] Moir Mucno.

62 Meic Eachac[h] Gairbh nar ghris scol

meic Duach duinn dallta Dedhaid[h]

ba leis airgne fhuinn Eachaid[h]

meic Cairpre Luinn loisglethain.

63 Meic Lughech Luaighne longaigh

meic Nía sochla Sedhamuin

frith daghurraidh linn dar láeidh

meic Adhamair fhinn fholtchaoin.

64 Meic Fir Cuirb meic Mogha Corb

meic Cobthaigh Chaoimh cruth nemhmborb

gnuis ghealtana go ngruaidh ndeircc

meic Rechtadha ruaidh righdeirg.

65 Meic Luighdach Laighde don linn

meic Eachac[h] is meic Oilill

cairt Muimnech a chairt gan ceilg

meic Airt meic Luighdech Laimhdeirg.

66 Meic Eachach Uaircheis flaith Fail

meic Lugdech Iardhuinn adhnair

dá cheird gan éra éinfhir

meic Enda deircc deighcéillidh.

67 Meic Setna innarraidh fhuair

meic Breisrigh meic Airt fhionngluair

d'Érinn ga drong bud[h] docra

meic [Fh]elim oll Fhiannochta.

68 Meic Roithechtaigh (an) rúin oinigh

mac do Roan rioghOiligh

atu [leg. -á?] grinn áirmhe orthaibh

meic Failbhe fhinn iolchortaigh.

69 Meic Cais Chédcoimgnigh na ccnedh

meic Aildergdoit fuinn Taillten

meic Muinemoin srothaigh seing

is meic Cais Clothaig[h] cuileind.

70 Meic Firarda o sioltar so [88v]

meic Roithechtaigh meic Rosa

meic Glais ferrdha núabhuig náir

meic Núadhait delbdha deghlaimh.

71 Meic Eachach Faobh[ar]ghlais fheil

meic Conmáoil cosccraigh craindréidh

senchus ceillidh cinn na bfer

meic Eimhir Fhinn meic Míledh.

72 As é an Miledh-so cep caigh

gen gur iomluaidh on Espáin

rioghradh co snasghloine slegh

fiorbhun gasraighe Gaoidheal.

73 Da chloinn don laochraidh luchtmair

Ír ó bfuilit fiorUltaigh

mór ffótt dar tharbha a ttionol

’sa[n] t-óg armdha Eiremhon.

74 Do chloinn Ír an fhuilt chlannaigh

na Conmaicne is Corcamuigh

dronga as fialoinigh re feis

Ciarraighigh lonna is Laighis.

75 Do chloinn Míledh gan moid cclaoin

d’Éimir Fhionn athair Conmhaoil

gruaidh griosbhog far atmair ioth

or shiolsat macraidh Muimhnioch.

76 Ith mac Breoghain beim os niort

sloinnfidh mé dhaibh a dhaighshliocht

cenn na críoch is soillsi snuadh

’s ni don cloinn-si Íoth armruadh.

77 Do shliocht Ith an aignidh shoirph

Corc Laighde dan fledh fioncuirm

’s as díbh Dartraighe co duibh

ni gartghlaine min Murbhaigh.

78 On ccetrar ba cruaidh fedhma

gluaisit Gaoidhil glanBanba

ni guais damh mh’eiliugadh ann

seinliubar glan do ghlacsam.

79 Míledh Espáine an fuinn gloin

deghmac Bile meic Breoghain

meic Brath meic Deadaidh daoinigh

nirb fedhain nar bforbhfaoilidh.

80 Meic Earchan meic Ealloid uaim

meic Nuadat is meic Nionúaill

meic Aghnoin Glais co nglasaibh (?)

frais daghsloigh an diorma-soin.

81 Meic Eimir Gluinfhinn Ghuinigh

meic Laimhfinn co laochbuillibh

meic Aghnomain meic Trein Taid

co cceibh ccladhbannaigh ccumlaig.

82 Meic Oghamain fa hard rath

mac do Bheoamain bhaoghlach

mac Eimir Sguit meic Sru ar sin

ni dú gan reic na righfhir.

83 Meic Esru mheic Gaoidhil Glais [89r]

meic Niuil go n-aiccnedh n-iomthais

meic Feníus Farsaidh fuair gen

as arsaidh uaim a airemh.

84 Meic Baath meic Magog mir

meic Iafeth meic Noe níamhghil

meic Laimiech gan tacha toir

meic Matha Saliem saoghlaigh.

85 Meic Enos fa húrglan iath

meic Iareth meic Mal-ailiath

meic Énóg meic Seth senda

fech ród ar an righealbha.

86 Meic Adhaim ór cinset cach

ráinic mé moide ar nemscath

an ghecc bhind fíorbhun gach fir

do díorgadh lind an lorg-sin.

87 Do airmes co hEimer Finn

o Thoirrdhelbhach glac gégslim

slechda coiccidh clann Mogha

coíccer ann is ochtmogha.

88 Cúicc glúine décc re ndedhail

is fiche glún geinealaigh

tréd feindedh gan cruas im cradh

súas o Eimer co hAdham.

89 Eitir Adham anba an rún

a-tá se fichit fionnghlún

am dhúain ar ndénamh nuidhe

is rédhamh bruaigh balbhShúire.

90 Da righ caogad don craoibh-si

fuair Erinn gan éndáoirsi

[A tri is triochad don chloinn-se

fuair Ere gan éndaoirse. in alio codice]

cinn an tsluaigh im báinlios Bregh

do airmhes uaidh co hEimer.

91 O thracht Sceilge na sgor seng

cuid Mhogha d’íathmhuigh Erenn

co hAth Cliath na ccuan roigheal

le sluagh Cliach an caomhoirer.

92 Toirrdealbhach thuillius nemhghuth

sósar na sé Toirrdealbhach

d'feraibh Lundann na sedh sluagh (?)

fer da ccumam an cáemhduain.

93 Do sioladh linn tre leabhraibh

ua Murcha[i]dh(a) meic Toirrdhealbhaigh

gescca foghlamda glac nglan

mac as Domhnallda deallradh.

94 Toirrdelbhach na ttachar tte

ua da iarla fhóid Maighe

léim tar tí ní tuillett úam

úa na ttrí nUillecc n-armruadh.

95 Ua Cais dar creittset Muimhnigh

ua Eogain Móir mionfhuighligh

do ling ó Luachair Dheadhaid[h]

co Crúachain Fhinn firshreabaigh.

96 Mac Slaine na sirthead[h] ttiugh [89v]

ua dá sinnser mac Miledh

da chraoibh fhola an fhuinn sccathaig[h]

ua Mogha is Cuinn Cedcathaigh.

97 Rucc fad na haisnéisi úaim

nachar chuires im cháemhdhuain

do géicc Lí nach cinnte ccruidh

gach ní innti budh ionchuir. Cuirfet...