firstLine"; ?>

585. Cumhaidh iocas onoir riogh $
Length: long 36qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA626 O’Curry transcr. of BOCD 19th c.
  2. Book of O’Conor Don 1631
Motifs:
  1. cana, tribute
  2. Hostages
  3. contrast btn past joys & present grief
  4. general grief
  5. symptoms of grief
  6. keening women
  7. people on grave
  8. poet’s vigil on grave
  9. poet exposed by patron’s death
  10. Historical Comparison
  11. fairy woman
Patron Christian Names:
  1. Domhnall mac Domhnaill (& mac Eilis)
Patron Surnames:
  1. MacCarthaigh Cairbreach (d. 1414)
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Cumha íocas onóir ríogh

[O’Conor Don, 360a]

[Rannaíocht Mhór, Dán Díreach]


1 Cumhaidh íocas onóir ríogh

an onóir iocus an brón

lúach an anshóigh dlegha[i]r dhíom

anóir ríogh as medhair mór.

2 Gidh bé croidhe ar nár chuir gúais

a fhile ní fhuil gan sgís

go bfóire a shiol oirn da éis

gan spéis a moirn ríogh a-rís.

3 Géisidh tríd mo croidhe um chlí

ag luighe ar a líg gach láoi

ag cáoi um Dhomhnall ga ttás mé

ní cás é ar chobhrann cáoi.

4 No gur mhuidh an tuirrsi thriom

fam thuinn-si do thuil(e) an brón

do-geabhthar úaim m’fhuighleach dér

ní bhéur d’úaidh Uí Luigdeach lón.

5 Rinn na doighe trinn[-ne] as-tigh

do-rinne ar mo croidhe cneidh

nach beirthí lé mé da muin

do chuir sé ar neimhthní mo neimh.

6 Ar son Í Charthaigh a ccríaidh

ní marthain ní dál [leg. dol?] dár ndáimh

ní háil ní acht ar éigin úaim

’s do bhí úair éigin dob áil.

7 Doilge a Dhé a thir mar

’gun té ’ga mbinn nocha (a) bhiú

Mumha ag cáoine(dh) dola dhó

mó ag dola fáoine dar bfhiú.

8 Déra ag tuile ó ábhroibh ann [360b]

fán anmuin do loidhe lióm

luighe um laimh Í Lúighdhech mbenn

nírb ferr ar mhnáibh Muimneach mionn.

9 Trúagh ’na dheghaidh gáir a ghiall

ar ndeghail dáibh agus duinn

berthar na glais lá(i)mh do líon

fá a lán do shíol cCais ar ccúl.

10 Do cumha ar theghlach Dhá Thí

in Mhumha do mheraigh

ní mháoidhimh d’Íbh Cairbre ag cáoi

cáoinidh Láoi is Ailde é.

11 Lén Banbha do chuir(is) a cceill

in tuirrsi tárla ar an tshín

ni bháoi acht áonchrádh ar an óigh

cláochladh bróin gé táoi ’na tír.

12 Do bí féile ag fás a neirt

láoi da bhás ag béin a phuirt

gach sreabh a ccubar ’ga cheilt

geal an beirt cumhadh d’ó Chuirc.

13 Mé a-nois lé a theghlach a-ttúaidh

ré a chois a mBreghmag do bhinn

tuigim d’óigre Eóghain Mhóir

do-roinne um Bhoinn deoraidh dhinn.

14 Sgarthain fesda ris an bfonn

ó thesda ó Carthaigh um cionn

ní éidir gidh bé ’ga mbeam

nár mheall mé ar léigedh lióm.

15 Ar mo croidhe do bhí brón

re luidhe don tí da ttám

do aithin mé ar dheóir an drúadh

ar an leóin is [s]é slán.

16 Tugsat sgéula an tighe a ttá

fréuma mo croidhe ’na chrú

bheith ’na ghoire ar ndola dhó

mo ar ccumha troime mur tú.

17 Dob é ar ccédguth ris a-réir

dom égnach ris as é a n-úir

sinn ag techt d’athghul [leg. d’éacht-?] ar th’úaigh

cert an úair nach déntur dhuinn.

18 D’imthecht ó nach bfaghuim toil

fanaim ar n-imthecht gach fir

acht a Dhé ga ttú ar do mhuin

’s nach bfuil acht mé as tú as-ttigh.

19 Acht rob olc an t-inntlecht úaim

gan imthecht gerbh olc mo treóir

dob ísle th’fert ina an úir

ag techt duinn díbh-se fa dheóigh.

20 Mo tuirrsi ag lethadh gach láoi

ní sguir-si go ndechar dhí

a oirchill nochan féd

dot ég gídh bé toirrchim tí.

21 Dob ionann dóibh a-réir riocht

is duit féin um nóin a-nocht

do bhí ag mnáibh éngháir ar t’fert

ag techt dháibh ’na n-énmhnaibh ort.

22 Ben ag dola a leith réd lía

lé búdh rogha gan bheith beó

ar th’uaigh a n-áoinfhecht san lá

do dráoigh(th)echt mná do-chúaidh ceó.

23 Túar furlaing faicsin na mban [361a]

fan mac-sin Domnuill ar ndul

ag sníomh a bas do bhí ben

no gur bhen sí glas da gul.

24 Mar mhná tíre an ríogh ó Ros

na mna sídhe ag sníomh a mbos

bregaidh an úaigh a-tá thes

na mná ó Es Rúaidh go Ros.

25 A lucht tighe an tan fa a ttriall

ní sgar a fhile ’san úaigh

oighidh samná ó shiodh do shíodh

rugad tar shíol Sádhbha an súan.

26 Gion go dola um Dhomhnall dí

a forlunn nír lugha lé

dealg on chédosnaidh ag cáoi

cealg ag mnáoi as égchosmuil é.

27 Béd gé tí gach áon don úaigh

taobh ré táobh ’s an tí ’ga mbinn

mar aigh ag ionghoire a láoigh

ré táoibh iomdhoighe í Bríain bim.

28 Ní lén cúimsi an cás fa a bfoil

dhá bhar ttuirrsi ga ttá sibh

ní hé an lá do shín ó shoin

acht doigh a-tá thrín as-tigh.

29 Da n-anoinn ó fert an ríogh

as do techt an aim mon-úar

mé a-nois as soibheirthi síar

giall ó Ros oileitri úam.

30 A chomha do dhecair dhí

da dola go ndechaidh

ní sguirim tre leómhan Láoi

cáoi Oilill um Eoghan é.

31 Neimhísle ar mo bhrat-sa bíaidh

fan mac-sa ar nEilís-ne a n-úir

dol ar echtra ó thír do tír

bim ar chor as decra dhuinn.

32 Téid ó a mbosaibh a linn lúith

is an Ros-sin ós cionn cháigh

gair ’ga fhéin ar los an láoich

céir le gáoith a mbos do bháith.

33 Fa móide cumha Chlann Neill

a-nall réna chur a ccríaidh

tainig do bhoing Domhnaill dinn

gur shín comhroinn inn go Clíaigh.a

34 Mór mná ar ttreisi ’na thoigh

da ló gé tá meisi a-muigh

fada go ccreidfedh sé sin

nach leigfedh libh mé ar a muin.

35 Ar a gul da ngabhthar

ar ndul í Charthaig a cclí

tríd do-ghéubadh cenn ré cáoi

ga ferr do mhnáoi a dhénamh dhí.

36 Ioc a ttarthaidh thúaidh do thenn

dár ccánaidh do-chúaidh a-nonn

gúais da bfhréimh a ndola ann

Clann Neill fán ccomha do chum. Cumhaidh...