firstLine"; ?>

586. Cumhain croinic Chlanna Neill (or Cumam...) $
Length: very long 60qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult (1598)
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA785(23/G/8)T. ONeachtain et al.1711
  2. RIA156 (23/D/5)Sean MacSolaidh 1715
  3. RIA154 (23/M/18)S. MacSolaidh 1718-
  4. TCD1356 (H.4.15) S. Rice 1727-8
  5. TCD1346 (H.4.4) Hugh O Daly 1726-50
Motifs:
  1. internal dating
  2. internal signature
  3. qualities of patron’s character
  4. nobility of descent
  5. poet one of a number of learned classes
  6. Patron’s generosity to poets
  7. caithreim, battle triumphs
  8. English conquest of Ireland
  9. reim rioghraidh, regnal list
  10. prophecies of Aodh Eanghach
Poet Christian Names:
  1. Dubhthach (RIA156)
Poet Surnames:
  1. O Duibhgeannain
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Fhirdorcha & mac Siobhaine
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1616
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Cumam croinic Chloinne Néill

[RIA 785 (23/G/8), 97]

[Deibhidhe, Dán Díreach]

[Date of composition (1604) in qt. 23; poet’s name (Dubhthach Ó Duibhgeannáin) in qt. 60]


1 Cumhain croinic Chlanna Neill

cenn Gaoidhi[o]l uile íad-séin

rioghruidh na sleagh gcrannlom gcas

tabhram seal ara senchus.

2 Senchus Chlann(a) Neill nar muidh mionn

an chlann-so os cionn fher nÉirenn

téid cnúas ós géig ’na ghasuibh

leig súas os na senchasuibh.

3 Fuaidhfed(h) le fidhe an dana

lorg an leabhair annala

dol da chuma as cosmhuil damh

an rolla arsaigh iulmhar.

4 Ga ceird is uaisle no as ferr

ar mes ealadhan Eirenn

treidhe na ngníomh as gloine

riomh na réime rioghruidhe.

5 Taisenfad d’Ó Neill a-nois

mo cheird féin fhis is eóluis

dar ngníomh cuma na cloinne

san rolla ríogh romhoinne.

6 Béaruidh mé an laoidh-si gan locht

go hua Coinn is Connacht

sduaidh nár as nemhthais ré nech

duain shencha[i]s(a) do dhán díredh [leg. -each].

7 Mac Siobhaine slat fhailme [98]

’nar ndán do do-dhenam-ne

barr gealchas nachar goradh

senchas ann is adhmholadh.

8 Ón chedO Neill nochtfa[i]d[h] sinn

Niall Óg do uaislibh Eirenn

drem gan fhoilches mur aol ngeal

oirches go hAodh a n-áiremh.

9 Se bliadhna dég derbhuim dhó

oighre Neill Mhóir mhac [leg. mheic] Aodho

gach ród fa rían na síne

do Niall Óg san áirdrighe.

10 Brian mhac Neill Oig nar ér nech

an dara O Néill náirech

tug maithes cháigh do chliaruibh

flaithes ’na laimh leithbhliaghuin.

11 Cóig bliadhna fithched fior sin

mac Neill Óig cenn an chóige[i]dh

an leomhan fa cruaidh confa[idh]

fuair Eoghan ó Eoghanchuibh.

12 Fedha rioghtha do riagha[il]

fuair trí fithchit fionnbhliadhuin

treinrio(gh)shlat maith ós gach muigh

do chait[h] Enrimhac Eoguin.

13 Naoi mbliadhna dó ’na dheaghuidh

Conn mac Enri airleabhair

beag nar riata tír Temra

don rí[gh] níata natharrdha.

14 Fedh coig bliadhna d’Einri Óg

ós cionn chlair (chlanna) Neill a-nallod

trén nach infhedhma re haoir

tigherna trén gan tathaoir.

15 Art mac Aodha nar airg cill

naoi leithbhliadhna mar luaidhim

fuair sé geall as[a] ghníomha[ibh]

fa tenn é ar na huirrioghuibh.

16 Ceithre bliadna go leith lais

tenn ar thuaith treith ar egluis

ó a smacht a-tad a ttreisi

fa Art Oco [leg. Ág?] re inneisi.

17 Rioghthar iaromh ní hiul beag

bliadhuin aige is da fidhchid

donnshlat ’sa chuing os crannuibh

Conmhac Cuinn do-chualamair.

18 Sedhan mac Cuinn nar threith tres

ocht mbliadhna do bhí a bhfhlaithes

ba firferdha [leg. fírfhergach] a chlí a gcath

an ri(gh) dibhergach diomsach.

19 Toirdhealbhach mac Néill Uí Neill

a hocht fidhchit go foirreidh

do réir riaghla[i]dh na rimhe

do bhliadhna[ibh] san mbuainrighe.

20 Bheith da n-iomradh ni hiúl mer

d’feidhm na n-ollamh a n-aireamh

mo-chen thred don tír tallain

da righ dheg a-dubhramair.

21 Trí bliadhna d’Aodh féin go foill

a ttus a fhlaithe[i]s lánmhóir

fer friothailmhe freimh [leg. fréamh] na sgol

rob sén a mbiotháirmhe mblioghon.s

22 Sé bliadhna déag dearbhuim soin

trí ched bliadhuin do bhliadhnuibh

fir reidhe nach lag luidhe

fad na réime rioghruidhe.

23 Míle is cúig ched go gcuibhdhe [99]

’s ocht mbliadhna dég derbhuim-ne

do réir airmhe 7 fhiaga[in]

is ceithre fidhchit fionnbhliadhuin.

’s á se reic gan bhaois gach [leg. gan?] béad

a n-aois Mh[e]ic Dé ní deirmed. [date 1604]

24 A-taid uime cia na creid

ocht ngluin(e) deg uaisle ar fidhcheit

brath cliar gac caor don mhianach

o Aodh go Niall Naoighiallach.

25 A-taid bhós a bharr sgathach

o Niall go Conn Cedchathach

an oile a n-úir as olc liom [leg. linn]

na hocht ngluin(e) oile airmhi(o)m.

26 Cenn na ríogh stiúir gan anadha

moirsheiser séimh sechtmhodhad(h)

radharc súla gach slat ghlan

ó mhac Úna go hÁdhamh.

27 Ainm gach rí da ghruaidh ghealtais

acht d’uiregla an aimhealtais

uaim is dó [leg. do] bhéaruinn go bun

(i)s do bhéaruinn uaidh go hÁdhamh.

28 Mo-chen an fer fuair an geall

clanna Neill na Naoi nGeibhionn

ós é Aodh cenn a chine[i]dh

a ngeall ’gun aon fhúicfidhir.

29 Íarla ag Galluibh da gháirm de

Ó Neill Mór ainm is uaisle

giolla séimhidh seang sleaghach

ferr an déinimh deighenach.

30 Clann hIosra-el na hÉirionn

clann[a] Neill na nertceimenn

gach barr don chloinn as cnesta

re droing ann ní hinmhesta.

31 Ceithre ched bliadhan (a)s barr air

a-ta [a] Éire Í Neill náraigh

srían gaillmhine fa ghort Floinn

smacht ag ainbhfhine oruinn.

32 Da mbeith sibh saoithe Banbha

ag sir adhbhar m’ealadhna

níor mheabhair libh-si na linn

leabhair irsi go n-airmhinn.

33 Ta [leg. Tú] an cóigedh Aodh as ard rath

saoilim as tú an tAodh Engach

tú an chraobh don geilfhiodhach glan

Aodh deirennuid [leg. -ach] na ndeora[dh].

34 Sé ba rí ar Eirinn uile

re linn tú do thairng(h)ire

slat go gcnuas mar dherbhuim dhuit

mac Cerbhuill na nduas Díarmuid.

35 A mhic Fer Dhorcha a dhrech nár

as tú do thairng(hu)ir(e) Ultán

tu Aodh an Átha Buidhe

(a bharr na sgath

do bhaisd ort an tAodh Engach). [See qt. 38]

36 Naomh do mhaithibh na Midhe

do reir ráidhte an fhéilire

cumpán na suadh dh’Ard (dh)fhán (?)

Ultan ó Ard buan Brecan.

37 Foillseochad mar fuairios daoibh

sloinne is ainm an árdnaoimh

terc cumpán saor dán samhuil

Ultán caomh ó Conchubhair.

38 An tAodh Buidhe a bharr na sgath

do bhaisd ort an tAodh Engach

a rún cert do-chlos roimhe

a-nocht [leg. a-nos] techt an tairng(h)uire.

39 Lá an (n) Atha Bhuidhe a bhos bhán [100]

do Ghalluibh do geall Ultán

nach bia a nert cedna ’ga gcloinn

a red(h)la na nderc ndioghuinn.

40 Ní nech oile do ráidh rinn

glór Ultain as é chreidim

tiocfaidh léan ann don fedhain

tren Gall ar na Gaoidhioluibh.

41 Ní bhia an neart cedna a ccniocduibh

ar-ís ionar n-oirechtuibh

d’éis áir an Atha Buidhe

go dáil bhratha bhaoghluidhe.

42 Gleo anba an Atha Bhuidhe

ca brisiodh as baoghluidhe

ní nár don fhíalfhuil a chur

san mbliadhuin-si a ttam dagha. (?)

43 Dob é an lá-so lá a mbasga[idh]

feil Parthaloin priomhasbhuidh [leg. -sbail?]

a n-áirm ré ttaobh go ttorchuir

ma[i]dhm ag Aodh ar allmhorrchuibh.

44 Secht gcéd dég ga doilghe troid

do lucht cosanta is comhruic

ár Ghall is díoth a ndaoine

frioth ann ’s ní da egcaoine.

45 Do thuit ann ’s ní da fhalach

ridire suim Sacsonach

ti do Ghalltír Gall nglics

’s trí chaiptín ann ar fidhchit.

46 Do tuit ann [i]s ní holc liom

ardmharusgal na hEirenn

a mbliadhna do chuir an cath

do mhuidh iarla na nUltach.

47 Cóir do Dhía a dochar-san de

mac airdri[ogh] brogha Breifne

slacht echtmhar ós gach urruidh

mac rechtmhar Í Raghallaidh.

48 As ann do chuirs[e]ad(h) an cath

fóir Ghall is ghasruidh Temhrach

fa íath Árda mhóir Mhacha

na sloigh gharga ghonacha.

49 A ttéid as díobh ’na dhiaigh so

béarar orra a nÁrd Mhacho

fuair Ó Neill é ar a fhocal

sé féin uaidh da adhlocadh.

50 Do chlannaibh Gall is lá leóin

toirbh[i]rid é da n-(d)amhdheoin

an port mór thall go ttug(h)adh

lón ann ó nar fhedadar.

51 Do mhillis Mumhuin a-muigh

’s Laighen bhós go Binn Eadair

ag sin slighe bhar siubhail

fir Mhidhe do mhilleabhair.

52 A-ta d’iomad bhar n-echtra

t’innsaidhea is t’imechta

doirbh do chaithréim do chúna [leg. chuma]

[a] Í fhlaithNéill shoirbh shaoghuldha.

53 As é h’arm cosanta a gcath

’s ní nert lámh no lann bhfhaobhrach

a ghríobh Mhacha gan mhoille

t’fhíor catha is do chomhthroime.

54 Ní iomcaraidh clí na corp

do mhíne is méd do chumhacht

a bhas chorcra shéimh shuaimhnech

mas molta Ó Neill nemhuaibhrech.

55 Tú [as] cruaidh a ngleó re Galluibh [101]

tú [as] egcruaidh re hanbhannuibh

rug tú buaidh gacha bearna

do chlú uaidh is infhedhma.

56 Se riamh ar fheruibh h’anma

buaidh n-aitheisg is n-urlabhra

mar thríallfa léd ghruaidh ngairthe

buaidh gcliachta is cathugadh [leg. -aighthe].

57 Ciall is cédfa is coimhne

cobhsuidhecht ad chomhairle

sonas ad tír ionn gach toigh

forus is brígh ad bhríathraibh.

58 Go hEoghan úait mar fuair sinn

se righ déag réir dháil Eirinn

tusa an sechtmhadh daighri(gh) dég

a ghlainlí echtmhar fhinnGhrég.

59 Senchus Chloinne Néill a-noir

cred nach bia liom am leabhruibh

d’Ó Néill cheibhfhionn chennchas long

is senchus Éirenn agam.x

60 M’anam [leg. m’ainm?] is más dáoibh gan diombáidh

Dubhthach mac Ui Dhuibhghionnáin

biaidh (ag) bhreith eóil ar m’(aimhinsi) amhainses

go réidh [leg. reich] deoigh an damhuin-se.