firstLine"; ?>

588. D’fhior chogaidh comhailtear siothchain $
Length: very long 71qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. Brussels Bib.roy. 6131-33 Bk O’D’s Dau.
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
  3. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  4. NLS Adv 72/1/44 17th cent.
  5. RIA 746 (E/ii/1) C. O’Conor of Belnagare
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 16
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. nobility of ancestry
  3. poet inciting to war
  4. enumeration of plunder
  5. harrying
  6. hosting
  7. War with English
  8. keening women ?
  9. legal terminology
  10. Proverb q. 1
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (Bk O’D’s dau., BOCD etc.)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Brian mac Briain mheic Eoghain
Patron Surnames:
  1. O Ruairc (ri Breifne) d. 1591
Apologue Subclasses:
  1. Lion invites beasts to cave, none leave
Meter Vars:
  1. Dian Midsheng (Seadhna Mor)
Poem:

Poem in printable PDF format

D’fhior chogaidh comhailtear síothcháin


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 16]


1 D’fhior chogaidh comhailtear síothcháin,

seanfhocal nách sároighthear;

ní fhaghann síoth acht fear faghla

feadh Banbha na mbánfhoithreadh.


2 D’ógbhaidh Bhreagh gi bé lén feirde

fir Sha­xan do shíodhoghadh,

ní beag so dá dh­íon, mar dearar,

bíodh sealadh d­á síorfhoghal.


3 Ní fhuighid siad síodh ó Ghallaibh

Gaoidhil na ngníomh gcathardha,

ní fiú a gcogadh snadhmadh síodha,

damhradh ríodha rachalma.


4 Ní díol síothchána síol gConaill,

ná clann Eóghain onchonaigh,

ná clann Chathaoir, ná síol Sadhbha,

ná síol gcalma gConchobhair.


5 Beag nách deachsad go d­íoth n-éinfhir

uaisle fola fionnGhaoidhil,

fiú a feabhas do dhóigh na dronga

tóir orra nách ionmhaoidhimh.


6 Siad dá gcur i gciomhsaibh Banbha,

buidhne Ghall ’na glémheadhón,

airc leithimil díobh ar ndéinimh,

síol Éibhir is Éireamhón.


7 Cóir nách comhaillid cath Saxan

síoth don fhoirinn fhadhálta;

do-chíthear dhóibh - truagh mar tharla -

sluagh Banbha gan bharánta.


8 Ar a loige do lucht cogaidh

ar cionn na gcath n-eachtronnach

nách faghaid síoth tar fhonn nEórpa

an drong leónta leathtromach.


9 Díoth a dteaguisg tug na daoine

fan droing fhíochmhair fhoirneartmhair,

truagh nách faghaid lucht a laoidhidh

a hucht aoinfhir oirbheartaigh.


10 Mór an neamhchuid do neach éigin

d’éigsibh an fhuinn ghealtolchaigh

gan a rádh re fearaibh Fódla

deabhaidh d’fhógra ar eachtronnchaibh.


11 Ós é ar gcuidne do chloinn Mhíleadh

mac Briain bhronnus airgheadha,

an ghéag do shluagh lúthghrod Luimnigh

múnfad d’fhuighlibh ailgheana.


12 Do-bhéaruinn comhairle charad

do cheann fhréimhe ríghFhearghna,

drithle bheag do chur san chagail,

an tsubh abaigh fhíneamhna.


13 Do-bhéar bhós le beagán comhráidh -

créad acht fadódh fírfheirge ? -

do rígh Mhoighe srothaigh Sléachta

fochain déanta díbheirge.


14 Urusa dhó déanamh cogaidh

tre chombáigh cóig saorphobal,

leis ón tuinn chalaidh go’ chéile

raghaidh Éire ar aonchogadh.


15­ Lasfaid cách do chombáigh rision,

idir rígh is ríoghdhamhna,

mar loisgthear teagh re teagh oile,

ar feadh moighe míonBhanbha.


16 Fir Éireann an uair fá gcluinfid

cogadh airdríogh Aolmhoighe,

ní bhia tír gan fhear a fhaghla

ar feadh Banbha braonghloine.


17 Éireóchaid leis líon a dtionóil,

tnúthach n-uilc na hÉireannaigh,

tairgfid Gaoidhil cor ré chéile,

go robh Éire ag éinearraidh.


18 Ní thig dhó gan díchiol cogaidh

fa cheann ar gcláir Únaine -

dhó bhias a dtarbha nó a dtoibhéim -

faghla oiléin Úghaine,


19 Bíod múir chloch ’na gcuiltibh fiaidhmhíol,

folchadh d’fheór gach aonchonair,

go bhfágbha clár tonnbhán Teamhra

lomnán d’ealbha is d’fhaolchonaibh.


20 Fágbhaid d’ocras um iath mBóinne,

’sum Biorra an bhruaich géigleabhair,

go dtoimhle an bhean i mín Midhe

mír do chridhe a céidleanaibh.


21 Ná bíodh ar son a séad mbuadha,

ná a mbrugh n-aolta d’áiridhe,

acht rádh go rabhsad uair éigin,

ó­ sduaigh géiggil Gháirighe.


22 Gearrthar leis a lubhghort toraidh,

teasgthar uaidh a n-arbhanna

le lucht dídin chóigidh Chruachna,

óigfhir uallcha armdhonna.


23 Déantar leision láimh re Tailltin

tuir mhóra do mhionchuma;

sgriostar leis go bruinne mbrátha

a muille a n-átha a n-iothlunna.


24 Déantar sléibhte seachnóin Uisnigh

d’imlibh réidhe romhoigheadh,

nách fagha an fear re taobh dTeathbha

raon na gceathra gconoireadh.


25 Taisgthear le neach mar ní iongnadh

re haghaidh fhir éanuaire

géim éanbhó fa Cholt do chluinsin,

nó um port Uisnigh fhéaruaine.


26 Bíod fir neartmhara ó Nás Laighean

leó ag tabhairt a dteannoireadh

do bhróintibh cuach n-arsai­dh n-órtha

’s d’asnaibh cófra a gceannoigheadh.


27 Déantar saidhbhir sealadh oile

d’fhearaibh daora dochraide;

tugthar fós ’na ndaoinibh daidhbhre

saoirfhir shaidhbhre shochraide.


28 D’eis na ngníomh do-ghéanaid siadsan,

síol Ruairc na rún bhfíochmhálla,

na Goill ó chrich iathbhuig Almhan

iarrfuid snadhmadh síothchána.


29 Tiocfaid teachta do thúr osuidh

uatha ar ógbhaidh iathBhanbha,

géabhaid don droing shuilbhir shingse

d’fhuighlibh millse miadhchardha.


30 A mbeirte sróil, a seóid bhuadha

béaraid go sluagh seinShligigh,

géabhthar d’fhailghibh óir dá n-uaislibh

ón bhróin duaibhsigh dheinmnidigh.


31 Iarrfaid leó do láthair cúirte

ceann síodha guirt ghlanUisnigh,

’sní shirfid fós díol ’na ndearna

síol bhFearghna ar an bhfaghuilsin.


32 Ná meallaid le millsi briathar

Brian mhac Briain ó Bhréifneachaibh;

mairg do-bhéaradh aghaidh orra,

danair loma léirchreachaigh.


33 An feasach dhó dála an leómhain,

lá dar fhóbair aindligheadh?

níor geineadh neach ré mbí a bhuidhe,

rí na n-uile ainmhidheadh.


34 Goiris ’na cheann ceathra an talmhan,

tiad chuige don chéidiarraidh;

dob iomdha fan gcuireadh gcuanach

buidhean uallach éigiallaidh.


35 Ní tháinig fa thús an chuiridh

ceann an chineóil shionnchamhail,

anais amuigh uaidh fan aimsin

go bhfuair aimsir iomchubhaidh.


36 Tiad na sionnaigh san séad chéadna

chuige arís ar éinshlighidh -

righe riú níor chóir ’na gceardaibh -

’na mbróin chealgaigh chéimrighin.


37 Ar ndul d’amharc uamha an leómhain

don lucht nár líon coinghleaca,

líonaid siad d’uamhan a n-anmann,

sluaghadh anbhfann oirmheata.


38 An céidshionnach do-chuaidh aca

gusan uaimh mbric mbéalaolta,

do ráidh riú i n-imeal na huamha

filleadh uadha d’éanaonta.


39 “Do-chím eang an uile cheathra

chuige so go solusda,

’sní uil,” ar sé “eang gá fhágbháil,

a dhream ágnair fhorusda.”


40 “Dá ndeachmaoisne san dún chéadna,”

ar ceann na slógh síthchealgach,

“ní foighthe ar lorg ar gcúl choidhche

ón mhúr fhoirbhthe ilcheardach.”


41 Iomthús na sionnach seal oile,

iompóid ón uaimh fhormadaigh,

gá dú? - acht do ghéis uichtghil Fhinne

tuigthir linne ar lobhradair.


42 Is sí an chúirtse ag cathaibh eachtronn

uaimh an leómhain léimeannaigh,

’s is siad na ceathra fhuair oidhidh

sluaigh an oirir Éireannaigh.


43 Tuigeadh Brian mhac Briain mheic Eóghain

gan éinneach d’fhéin ghlanBhanbha

do theacht slán gan mheing gan mheabhail

ón dreim d’fhearaibh allmhardha.


44 Do chuir d’eagla ar fhearaibh Saxan

snáth uama an fhóid Loghasa -

dá dtugdaois cách é ’na n-orláimh

sé d’fho­ghbháil nárbh orasa.


45 Dídean Teamhra atá ar a chumas -

codhnach chloinne ríghFhearghna;

ní thig do chách gan a choimhéad -

bláth na bhfoighéag bhfíneamhna.


46 Ní fhóirfidís uaisle Banbha

Brian mhac Briain an mhóireinigh,

’sníor chás le sduaigh ndaoinigh nDuibhe

Gaoidhil uile d’fhóiridhin.


47 Méad a fhuatha ag ógbhaidh danar

dhó féin bhíos do bharamhail;

cách dhó dá fógra re fada -

Fódla aga ar aradhain.


48 Urasa dhó a dídean ortha,

iomdha dhá aos comhanta,

’sní uil ré a dhíon aga acht Éire,

fada ó chéile a chomhachta.


49 Beid na fréamha ó bhfuil a mháthair

fa mhac Briain ’na mbodhangaibh,

gach fine dhíobh mar dhéir n-aille,

síol Néill Chaille is Conallaigh.


50 Na trí Luighne fa fhlaith Bréifne,

bró sgiaithleathan sgoramhail;

beid leis i gcliathchaibh gan chairde

Fiachraigh, Cairbre, Corannaigh.


51 Na trí Meic Shuibhne ó bhruach Bhearnais

beid fós ime ar aoinfheadhain -

ná sgaraid ris d’uain nó d’anbhuain -

cruaidh an ghlanshluaigh Gaoidhealaigh.


52 Beid Í Mhaine fa mhac Gráinne,

go ngaoibh corcra ceannghlasa -

fúigfid bandála Gall gruaidhfhliuch -

is Clann uaibhriuch Fhearghasa.


53 Ó Eithne leis go Loch Éirne,

idir urra is anurraidh,

’só Bhúill go Loch n-anfaidh nUachtair,

Manchaigh, Ruarcaigh, Raghallaigh.


54 Rachaid trí cinnbhile Connacht

ré a chois ’na gcaoir onchonaigh,

na trí buidhne malla móra,

clanna cródha Conchobhair.


55 Clann Domhnaill leis líon a dtionóil,

mar tiad dairghe ós doireadhaibh,

d’fhianaibh Fódla, d’amhsain Íle

gasraidh shídhe shoineamhail.


56 Ríoghraidh Ghaoidheal gluaisfid ainnséin

go hÁth Cliath don chéidiarraidh;

budh iomdha múir chlach ’na gcosair

ón chath fhossaidh éigiallaidh.


57 Biaidh críoch Bhóinne ’na bróin shaighnéan

ó shíol Ruairc an réadhoinigh;

fini Gall ó Chliaigh go Cruachain

. . . . . . . . . . . . . . . . .


58 Budh iomdha corn breac is báisín

’gon bhróin laochdha loinneardha,

budh iomdha uird bhloghtha balla,

dobhcha, canna coinnealldha.


59 Budh iomdha leó bir is briogúin

is birt troma i dtéadánaibh,

budh iomdha leó clár is coire

’sa lán oile d’éad­álaibh.


60 Foileóchthar leó learga Midhe

ré méid na gcreach gcathardha,

budh iomdha slighe um Bóinn mbreacgloin

’gon bhróin neartmhair nathardha.


61 Budh iomdha arís i n-am chodail

ag cloinn ríogh do róisdínibh,

tar éis Moighe Ceóil do chreachadh,

feóil leathamh ’na lóisdínibh.


62 Adéaraid Goill um Ghort nUisnigh

ainnséin re fóir bhfionnBhaoille -

nách léigfid siad re cr­ú gCairbre

a mbú a n-airgne a n-iolmhaoine.


63 Ní bu miadh re maithibh Gaoidheal

glór na bhféinneadh bhfionnardghlan,

budh machtnadh mór le cloinn gCobhthaigh

Goill orthaibh ag iomardadh.


64 Iar sin rachaid­ a ré catha

cath Saxan, sluagh ríTheamhra,

budh iomdha dhíobh orra éachta,

dron­ga séanta sítheamhla.


65 Géabhaid siad ag sloidhe aroile

ainnséin go ham gcoineasgair;

budh iomdha marbh Goill is Gaoidhil

ón droing dhaoinigh dhoifhreasdail.


66 Budh iomdha ón chleith tre chneas saoirfhir

soighead áithghéar ailtbhearach;

budh iomdha colg fuar is fagha,

is tuagh thana thaitneamhach.


67 Líonfaidhear do linntibh corcra

clár Midhe ón dá mhearghasraidh,

go n-éirghe fuil ós na formnaibh

san mhuigh thonnghloin Teamhrachsain.


68 Muidhfidh ainnséin ar fhóir Saxan

ré síol Ghaoidhil ghéirreannaigh,

nách bia do shíor ón ágh d’fhógra

ós chlár Fhódla acht Éireannaigh.


69 An adhaigh tar éis an chatha

san chnoc ós Bhóinn bhréagshrothaigh

budh iomdha ó sduaigh mhaothghuirt Mháighe

saorchuirp áille i n-éagrothaibh.


70 Budh iomdha badhbha ag buain chasnaidh

do chneas fhéinneadh airmreamhair;

budh iomdha fós fiaich is faolchoin

fa Chliaich maothghloin maighreadhaigh.


71 B­udh iomdha ar chnocaibh chláir Mhidhe

mairbh fa ríoghnaibh roisgfhliucha;

b­udh iomdha ó sluagh Éirne orra

éighmhe loma loisgniucha.