firstLine"; ?>

592. Da chuireadh ar cloinn Adhuim $
Length: long 31 qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Ulster (MS context only)
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. NLI G448 Conchubhar O Luinin 1712
Motifs:
  1. Envoi to BVM
  2. Judgment Day
  3. Pains of Hell (wind, fire, music?)
  4. Joys of Heaven (banquet)
  5. Seven Deadly Sins, Eight Carnal Vices
  6. Ten Commandments
  7. lorica
  8. coinnmheadh
Apologue Subclasses:
  1. Pains of Hell
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Dá chuireadh ar chloinn Ádhaimh

[O’Conor Don, 115b]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Da chuiredh ar cloinn Ádhuim

sgaras cách re a ccompánoibh

do caithem an da chuireadh

da chaithir do cruthuigheadh.

2 Clann Ádhoimh agus Eubha

ní lucht comhtruim coinnmhéadha

a-táid cuirthi fa a ccomhair

nach cuirthe fa chomhroghain.

3 Cuiredh a ccathroigh nimhe

fúaradur fath deighchridhe

cuiredh ón[a] dorcha dealbh

do cuiredh orrtha a n-ifreann.

4 A Chlann Ádhoimh ni fhéd sinn

gidh cuid da (a)ulc da airmhinn

bur ccuiredh a bport na bpían

tuiream a olc ar éinrían.

5 Dorchacht nac dubhadh cetha

dhallus dáoine suileacha

decair brón ’na chenn do chur

sódh is ferr ina n-uachtur.

6 Gáoth is lasair lór do theidhm

pían is lugha ar lár ifeirn

áoibhle agas cetha aga ccur

betha is áoibhne ’na iochtar.

7 Éimhge na bpeacthach a bpéin

is é is foirithin ainn-séin

ní bhí soillsi thall san toigh

dóirsi ann gén go n-íadhtair.

8 Ceisd agam an annsa libh

an tech-sa mur thech cuiridh

ina port náoidhe nimhe

a dháoine is olc aithrighe.

9 Do-gheibhid a mbí san brugh

ceól ris nach ccaithtear sáotur

mairg d’anmuin do-chuaidh ón cheól

a n-ádhbhuidh fhúair ar aineól.

10 Ni lugha an t-iongnadh eile

a-tá aca dh’áiridhe

mo-chen do-chóidh san chaithir

fledh nach táir ré tochaithimh.

11 A-táid ag teghlach an phuirt

lóchroinn nach eigin d’ádhaint

coimhléir thall an mór ’s an mion

d’óirnéimh ógh is aingiol.

12 Da mbeith gan tshoillsi do shíor

acht deallradh aighthe an airdríogh

dar libh dobadh lá an adhuigh

san tigh a-ta thúasamhain.

13 Fechain ar a bfuil san toigh [116a]

cuid gach peacoidh don port-soin

is clódh úaidhe ar na fheghain

nach lór trúaighe an taisbénuidh.

14 Caithir nimhe na náoi ngrádh

fegain uirrthe agus iompadh

mairg a Dhé nach ttuig an tegh

narab é ar ccuid da a cuiredh.

15 Día Lúain laithe na cruinne

bíaidh éncuiredh oruin-ne

ar sioruilc ní soirbh an bhert

da ndiguilt oirn a n-éineacht.

16 Bíaidh sgriobhtha a n-aghaidh gac fir

a mhaith ’s a olc an úair-sin

bíaidh fedhain da n-[d]áoradh dhe

’s búdh sáoradh d’fhearuibh eile.

17 A chroch dhearg ré a ghualuinn ghil

as amhlaidh tiocfa in trath-sin

a mbreithemh go lucht an Lúain

beithior ré a ucht a n-anbhúain.

18 Áoine Chásg aga (a) chrochadh

ní bfúair sé dár slánachadh

gábhadh mar a fheirg ni fhuil

áladh nach teilg an tráth-soin.

19 Aigeóraidh gach alad dhíbh

berthar ainn-séin ’gun airdrígh

gan neach aga fhocal air

breth do dá focal oruibh.

20 “Tigidh lem” is “eirgidh úaim”

a-der breithemh an Brath[L]úain

an roinn do-ní a-nall ’s a-nonn

ní bí ann acht a fulang.

21 Créd acht onnsoighter ann soin

an da chuiredh ó chíanuibh

mo bhreith ar cuiredh Dé dhíbh

go cclointer [leg. gcluinear?] é a [leg. ón?] Airdrígh.

22 Cennchuidh an ccathroigh nemhdha

dénuidh toil bhur ttígerna

beg nach í bhur nóin a-niugh

suil tí cóir an dá chuiriodh.

23 Cuiredh mur as cóir do chur

ort a Trionóid go ttugar

do sbiorad go ttóir fam thuinn

gen co bfuil (id) th’ionad aguinn.

24 Tigerna is táire na sibh

ní tabhartha a ttech cuiridh

tuigthe damh a Dhé nimhe

gomadh glan é dh’áiridhe.

25 Do thech cuiridh an cridhe

tú ar ttigerna fíri-ne

a Meic Dé as anullamh inn

nír glanamar é att oircill.

26 Na seacht bpeacuidh guna bpór

a-táid uaibh-si dom iompódh

is ocht ccoire na colna

’s gach olc oile etorra.

27 Do deich n-aithenta oram

a-ta mé da míchomhall

rún mo chridhe mur ad-chí

a ccúl an tighe a-ttáithí.

28 Da mbeirthea enúair oirne

na leig úait ar n-anaim-ne

tar am rún agus an ann [116b]

tar fum agus tár tharum.

29 Bí romham a Rí nemhdha

bí am timcheal a Thighearna

na dealaigh a Rí riom-sa

bí um dheaghaidh dom dhídion-sa.

30 Cuir a ccionta as mo cridhe

tabhair oram aithrighe

gan a ttecht san clí chédna

a Rí na bfeart bfirénda.

31 Cuig peacuidh nó [a] sé no [a] secht

a Mhuire Ógh a n-éinfheacht

sáimh leam mur tú da ttegar

tú um chenn do chuireadur. Da chuireadh...