Poem in printable PDF format
Dá ghabhladh
dhéag insan dán
[David Greene,
’Mac Bronn’, Éigse 5, 231-5]
Donnchadh Óg
Albannach cc.
1 Dá ghabhladh
dhéag insan dán,
ní coitcheann iad
re n-iomrádh;
do dhligheadh
dámh teacht tharsa
- seacht ngrádh
fhileadh oramsa.
2 An aor nó
moladh mac bronn?
mar nach biadh a
fhios agam,
ar n-innisin a
anma,
innisidh, a
ollamhna.
3 Ní dual máthair
ag mac bronn ;
fios a athar
fhuil agam
- annamh lat
leanabh mar soin -
bearar an mac gan
mháthair!
4 Trí ráithe
torrach a-tám,
táinig
m’ionbhaidh go h-iomlán;
trom taobh ón
fhoilcheas fhaladh
toircheas aor an
ollamhan.
5 Ag soin
aithnim, a ucht geal,
mac bronn an
ollaimh fhileadh,
nár an té
fhoilcheas an aoir
- is é an
toircheas an tathaoir.
6 [....] ar
ndéanamh mar bhíos bean;
dleaghar don
ollamh fhileadh
a mhac bronn do
bhreith gan fhios,
re cleith is trom
gach toircheas.
7 Uirscéal
bheanas ria bhríogh soin
- maol guala ag
nach bí bráthair -
do chuala ar
Chobhthach Chaol Bhreagh
an [codhnach] ó
thaobh Thailltean.
8 Lá éigin i
dtoigh Theamhrach
’na raibh
Cobhthach ceithearnach,
do ling ar lár a
chroidhe
grádh fill agus
fionghoile.
9 Do shearg a
fhuil is a fheoil
- ag soin adhbhar
an uirsceoil -
uime do lean
Cobhthach Caol
don [chodhnach,]
mear an macaomh.
10 Teagaid chuige
. . . i-le
maithleagha
Éireann uile
gearr do anadar
dá fhios,
níor lamhadar a
leighios.
11 “Truagh an
tinneas a-tá air”
do ráidh liaigh
don a leaghaibh,
“toircheas
fionghaile agus fill
gá ionghaire na
inntinn.”
12 “Biaidh marbh
muna marbhthar leis
a bhráthair, borb
an aitheis,”
an fisidh céadna
do chan,
réadla bhisigh
nár báthadh.
13 Do mharbh
Cobhthach [na gcleas ngoill]
a bhráthair féin
i bhfionghail;
ba fionghal nár
dligheadh de,
iongnadh an
sireadh sláinte!
14
Drochthoircheas Chobhthaigh Chaoil Bhreagh
’s mac bronn an
ollaimh fhileadh,
an dá thoircheas
do thogh mé
- oircheas a gcor
le chéile.
15 Ag fadódh
is-toigh fám thuinn
a-tá an aor, gion
go n-abruim;
ní foilcheas an
taobh is-toigh
toircheas na
n-aor is abaidh.
16 Ní bhiad gá
cheilt, sáthach sin;
tighearna uasal
éigin,
don toircheas is
é as athair,
is mé fhoilcheas
a anachain.
17 Scaoilfead
uime m’éigean de,
an toircheas a-tá
im bruinne;
léigfead fúibh
toircheas na troch
dúin ní hoircheas
a fholach.
18 Ní choigeól
Gaoidheal nó Gall,
is mairg
theigéamhas tharam;
nathair neimhe
daoibh an dán,
teine ’na haoir
do hadádh.