firstLine"; ?>

596. Da ghradh do fhagbhas Eirinn $
Length: middling 29qq
Certainty: 5
Period:
  1. 14th ult.
Areas:
  1. Elsewhere
Classes:
  1. personal
Manuscripts:
  1. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. NLS Adv. 72/1/44 17th c.
  3. RIA 744(A/v/2) Dillon Duanaire late 17 c
  4. RIA 6 (23/I/40) c. 1700 Co. Offaly
  5. RIA303 (23/L/37) John Stack 1706-9
Prints:
  1. transl. Dan na mBr. Mionur no. 2
Motifs:
  1. Envoi to saint (BVM)
  2. Friar
  3. exile
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Camchosach (RIA6)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh ( An Camchosach,RIA303)
Apologue Subclasses:
  1. St Louis of Toulouse OFM son Kg of Sicily
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

D’Á ghrádh do fhágbhus Éirinn


[Mhág Craith, Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem 2]


Peregrinatio ob amorem Christi


Tadhg Camchosach Ó Dálaigh .cct.


1 D’Á ghrádh do fhágbhus Éirinn

im bhráthair bhocht bheigléighinn

gér dheacair fonn fádghlas Fáil

’s an drong do fhágbhas d’fhágbháil.


2 Do fhágbhas Éirinn na ríogh

ar ghrádh Dé ’s ní do dhimbríogh;

ní d’algas fhiadha budh fearr,

do fhágbhas fhian Éireann.


3 Maoith chroidhe, gér chéim diadha,

tocht i dtíribh imchiana

ón fheadhuin gár hoileadh ionn,

deadhuil re hoirear nÉirionn.


4 Rugas - dob fheirde mh’eachtra -

céim i n-aghaidh mh’aigeanta,

tar an muir ngairgmhir ngábhaidh,

óm chairdibh, óm chompánaibh.


5 Gurab tarbha damhsa is dáibh -

mo mháthair, mh’athair, d’fhágbháil

’s a n-aicme ar-aon, leath ar leath,

an mhaicne gér chaor chairdeach.


6 Ní aibeoruinn - indis dóibh,

mo lucht cumtha agos comhóil -

a n-abruim gémadh ionráidh

muna abruinn d’eisiomláir.


7 Ní hé gurab aithreach leam

ceileabhradh do chrích Éireann;

ní ar son toirrsi dom tholladh,

na roinn-si do-rónamar.


8 Do-fhidir Dia gá dá a fhios

aithreach a fhad gur thréigios,

d’fhagháil onóra budh fearr,

roshlógha is anáir Éireann.


9 Doilgheas gár ndaoinibh bochta

do-chuala - cúis daonochta -

tre n-ar ndol fa chuing gcrábhaidh,

druim do chor rem chompánaibh.


10 Dámadh misi an macaomh óg,

aonmhac tighearna thuasód,

san fhód bhunaidh i mbíodh mé,

do budh cubhaidh tríom tuirsi -


11 Leanabh nar leanbuidhe gníomh,

mac ríogh ná aonmhac airdríogh;

ní chuala a chomhaois budh fearr -

Lobhaois, an cuana cneisseang.


12 San ord bhocht ’nar bearradh mé,

táinig i dtús a aoise

- sgél fa doilghe uair aile -

oighre sluaigh na Siosaile.


13 Tig an t-airdrí d’fhios an mheic,

ar sgaoileadh an sgeoil oirdheirc -

an sduagh fa calma cridhe,

go sluagh n-armdha n-éidighe.


14 Dá athair, airdrígh an tslóigh,

fiarfuighis fáth a thionóil

an glaiceabhar caomh cabhsaidh,

maicleanamh naomh neamharsaidh.


15 “Gan neach do fhúighfinn ar mh’éis

agam, a ghruadh mar gheilghéis,

acht tú a-mháin, a mheic ghrádhaigh;

gleic ní cáir re compánaibh.”


16 “Má deire gurab dearbh lat -

ní rach uaid,” ar an t-ógmhac,

“go mbé, a ghég na dtoirbheart dtrom,

bhar n-oighreacht iar n-ég agom.


17 “An t-athair tar éis an mhic

isé mhaireas go meinic;

ní deimhin linn ná latsa

sinn ’nár n-eighir agatsa.


18 “Ar oighreacht, nach fuil a fios,

tréigion Dé - ní dáil oirchios;

ná luaidh ní acht madh ní casmhuil;

ná smuain, a rí, an riaghal-sain.”


19 Tuigis an t-athair gurbh fhíor

- claochláidhis croidhe an airdríogh -

an tseanmóir gan bhuain re baois

do luaidh an leanbhóir, Lobhaois.


20 “Mar is fearr foillsighthear dheit,

déna,” ar athair an óigmheic,

“a laogh do chráidh mo chroidhe,

do dháil, a chraobh chumhroidhe.”


21 An mac ’na mhacaomh fhaoilteach

’s an t-athair go hégcaointeach -

tug an mac, cúl dá chéile,

’s an tslat gan túr dtoibhéime.


22 Do ráidh le a mhnaoi mbuilidh mbinn,

“do mheasg mé a mhionca smuainim

gan fhear dár síol ná dár sliochd

ná bean, más fhíor, ’nar n-oighreachd.”


23 An ríoghan go rath gcéille

ag freagra dá feirchéile:

“mo chroidhe ’na thuinn tuirse,

do dhruim ghoimhe an ghalair-se.”


24 Nír iongnadh gur fháth tuirsi

leith re loisi an tsaoghuil-si

- chraobhshlat nar choimsi gníomh -

toirse um aonmhac an airdríogh.


25 Ua boicht agus bocht féine

ciodh fa budh cúis deirbhéile?

ciodh fa budh cás cré ar an bhfear

nó cidh bé bás do bheireadh?


26 Ní dhár gcommóradh choidhche

ré a ghnúis naoidhe neamhfhoirbhthe

acht sgél naomh do labhradh linn

ar an saor mbarrghlan mbéilbhinn.


27 Mór rí féin - fochain ratha -

mór mac ríogh is rofhlatha

rug ar chuing nar chuing fhallsa,

tug druim ris an domhan-sa.


28 Do fhágbhas fhine Ghaoidheal,

ar Chríosd - ’s ní dá chomhmaoidheamh -

daoine lér bh’álgas lámh linn;

d’Á ghrádh do fhágbhas Éirinn.


29 Do ghrádh Mhuire agus a Meic,

do fhágbhas Éirinn oirdheirc -

earla claon an chuirp óghdha,

craobh dhealbhdha an fhuilt fhorórdha. D’Á GHRÁDH DO FHÁG