firstLine"; ?>

597. Da ghradh treigfead Maol Mordha $
Length: long 39qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. BL Add 40,766 Fermanagh late 17th c.
Prints:
  1. text Carney, Poems on O’Rs, no xxv
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. eulogy of patron’s personal appearance
  3. patron’s irresistible attractions for women
  4. poet as patron’s spouse or lover
  5. church’s immunity observed by patron
  6. Classical allusions
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh BL Add40,766
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa (?)
Patron Christian Names:
  1. Maolmhordha [?mac Maolmhordha] m Sheain
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh d. 1617
Apologue Subclasses:
  1. Cornelia blames herself for husbands woes
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Dá ghrádh tréigfead Maol Mórdha


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 25]


Eochaidh Ó hEodhasa .cc.


1 Dá ghrádh tréigfead Maol Mórdha -

gá dulc dhá dhreich niamhórdha

gan díchiol annsa don fhior! -

ní míchion dhamh-sa a dhéiniomh.

2 Atá d’fhágbháluibh orm-sa

óm chinneamhuin chodarsna

an té is carthanach fám cheann

nach marthanach é acht aithghearr.

3 Cia an compán do char misi,

cia an tighearna tairisi

nach bhfuair mé comhchrádh fá [a] cheann

is tochrádh é gan fhuigheall.

4 Is é a bhuidhe is beirthe dhún,

níor léig Dia [doirbh an claochlúdh!]

neach dhíobh mur dhaighsheise dhamh

dhá mbíodh taireise um thiomchal.

5 Eoghain Mhacha dár mhó ar ccion,

í Chonuill Chruachan Lighion,

í Cholla Oirghiall ro-m-ór,

dronga is coimhdhian dar cclaochlódh.

6 Do chuireas romham fó-ríor

gach flaith, gach adhbhar airdríogh,

gach caomhthach dár chartha leam,

baoghlach nach marfa a maireann.

7 Deacuir leam-sa a los a ghráidh

teagmháil re mac meic Seaáin;

an té charuim ’s é a olc,

ní thaghuim é re hannsocht.

8 D’éis cáich dobadh cúis ghábhaidh

[teinn doigh deilg an atháluidh]

dá mbeith sinn a ccás cumhadh

dhá bhás linn do luathughadh.

9 Ná faghuim focal ciníl

ná muirn ó mhac Caitilín;

a mhaoin ná dearlaigeadh dhamh.

dearmaideadh aoibh ream amhar.

10 Na tógbhadh riom-sa a rosg mall,

na déanadh urán oram;

dom chomhuirle dhá dhreich dhuinn

bheith go rodhuilghe romhuinn.

11 Déanadh dealg dá dhreich mhálla,

mo chara, mo chompána;

do dhol, a dhreaguin Leamhna,

eaguil cor na cinneamhna.

12 Ní grádhuighthe dhúinn bu-dheasd,

im dhiaidh ó tá an toirmeasg,

buaidhreadh ban críochMhuighe Cuinn;

míochroidhe dhamh dhá ndearnuinn.

13 Ní thiubhra mh’aire d’aoinfhear

d’uaislibh fhola fhionnGhaoidheal;

a mharthuin dún madh doiligh

mo rún carthuin comhoidhigh.

14 Bean Phoimp Máighe fá mó buadh,

Corn-élia d’aitheasg rothruagh,

as an chosnaimh an tan táir

do chan cosmhuil mo chomhráidh.

15 Dá rígh do roinn an chruine,

Poimp Máighe na mórchuire,

rún croidheamhuil fá cliath n-áigh,

’s an triath soineamhuil Sesáir.

16 Lasuidh a luisne dhíomsuigh

uabhar an dá airdríogh-soin;

adhbhal a hucht na ronna

ar hadhnadh d’ulc eatorra.

17 Fir dhomhuin ó ur go hur

tionóluid [trom an pudhar!]

dá bhrígh go haonmhaigh n-ágha

san ttír ttaobhghlain tTeasálda.

18 D’uabhar na n-airdríogh n-amhra

cuirthear an cath cathardha

dár díoghbhadh tré uille an áir

ríoghradh na cruinne a ccéadáir.

19 Claoidhis César, ’sé a shuim,

sluagh Poimp na bpobal bhfortuill;

téarna gan onáir ón ár

’s téarma a chonáigh ar cclaochládh.

20 Do-chí chuice fá cheas bróin

Poimp Máighe ar maidhm a mhórshlóigh

a bhainchéile, bean an ríogh,

dár leagh d’aithmhéile is d’imshníomh.

21 “Saoth liom [ro-m-líon do thuirsi]

do chlaochlódh ’sna crothuibh-si,

is é an saoghal sin,” ar sí,

“sibh at aonar, a airdrí.”

22 “Gidh eadh, is orm-sa ’s dlighthe

iomaithbhear an aimsighthe;

do threise do bhí ar an bhioth

acht meisi,” ar sí, “nach sóinmhioch.”

23 “Marcas Cras mo chéidfhear dil,

treas uaithne talmhan toinnghil,

nior bhuan,” ar an fholtchas úr,

“a bhuadh tré olcas mh’fhortún.”

24 “Thusa a Phoimp [feart is truaighe]

do chaoi re headh aonuaire

re ceinéal dar chroite dhuid,

dom neimhshéan toice tánuig.”

25 “An toice go ttigeadh ria,

truagh lem chroidhe,” ar Corn-elia,

“os dom bhéasaibh ar bhean rum

gan Césair mur fhear agam.”

26 Ar a haisde is aghtha dhamh

brath leannáin dom lucht diomdhadh;

ní ba hé ar ccaomhthach ó Cuinn

’s nach saoghlach an té thoghuim.

27 Gibé ar a mbeinn ag brath uilc

budh lór linn tráth dhá thrasguirt

a charthuin mur leannán linn,

deambádh nach athraigh m’inntinn.

28 Dá ttuguinn [mur nach ttug mé]

sgaith m’annsa d’onchoin Bréifne

a n-anphudhar dhó ná digh

a ccló armchuradh Oiligh.

29 Cúis baoghuil gi-bé a-dearuir

nach ccreidionn an chinneamhuin;

ma tám nach do thaobh toile

gan grádh dár Maol Mórdhai-ne.

30 Tar gach turbhaidh thiocfas de

guais liom go léigfe an croidhe

fios fíor-rúin ar méine a mach

do chéile líoghMhúir Lughdhach.

31 Bhénus, baindia na toile,

guais go ngoinfe ar meanmuin-ne

le baothghrádh don taoibh as-tigh,

don chraoibh ó aobhChlár Fheimhin.

32 Do thaisbéin ar tí ar meallta

clár gairthe an ghruaidh shoineanta

’s an dreich modhnáir séimh subhaigh

go méin shoghráidh shíodhamhuil.

33 Baoghal go mbréagfaid misi

a thoirbhearta tairise,

a ghlór aobhdha, a aigneadh sáimh,

caidreamh maordha mo mhacáimh.

34 Guais go ttaireonga teisd cáigh

m’aigneadh-sa ar mhac mhic Seaáin,

taisdeal bláithlearg mbeanndubh mBreagh,

mealladh fáithcheard na bhfileadh.

35 Éigne geal a grian sreibhe,

braon do bhalsuim ainglidhe,

cosg daorchomhadh, díoghbhadh locht,

naomhthoradh bríoghmhur beannocht.

36 Lóchrann aicme Aodha Finn,

airgtheoir nár fhalmhuigh airdchill,

dearg fán ghégacla glúin cleath,

éndalta búidh na mBréifneach.

37 Éidioghadh cosnaimh chonáigh,

guin nach éidir d’iongabháil,

lámh shnadhmtha saorchlár na sean,

baothghrádh anma na n-inghean.

38 Cuiléan na ríoghna ó Ros Cré,

sás trialla le teacht moichré,

oba daorchomhadh dá dheoin,

saothrughadh coda a chineoil.

39 A Mhaol Mhórdha, a mhic ghrádhaigh,

a aithghin an Ioldánuigh,

an rí coimhdhe trénar chlá

ná tí an Coimdhe dá chéddha.