firstLine"; ?>

598. Da lamh sinte le sioth nDe $
Length: long 40qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 744(A/v/2) c18th c. addition
Motifs:
  1. imagery for God’s grace (ship)
  2. role of BVM
  3. the Five Wounds
  4. Judgment Day
  5. Sea-voyage
Poet Christian Names:
  1. Niall Mor (later insertion in RIA 744)
Poet Surnames:
  1. MacMuireadhaigh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Dá láimh sínte le síoth nDé

[RIA 744 (A/v/2), ‘Dillon Duanaire’, 61a]

Niall mor Mac Mhuirich

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Dá láimh sínte le síoth nDé

Día féin ’ga bhfuil ar bhfine

an síoth nar snadhmadh mur soin

a chrioch as adhbhur uamh[ain?].

2 Cúig cridhe do chaill a bhfuil

a n-íoc chean ch[lai]nne hÁdhuimh

ni lean sé ar chách na cridhe

ni hé as fhath dá oirbhire.

3 Tar tuinn diomdha Dé nimhe

da ttí am na hoirbhire

iomchruidh long ar seathur sionn

ni trom d’eathur a fhoir[eann].

4 D’fhuil Ádhaimh anba an pudhur

Rí d’oighidh dá n-anaghal

mór do fhóir ég a hoighir

go fóill nár fhéd d’fóiridhin.

5 Ní hé a-mháin ar fhear da fhuil

fáth diomdhágh Dé ’nar nde[ghaidh]

na máoidh fearg ar fhear n-áluidh

far bhean cealg ar ca[mánaibh?].

6 Beith a ndúnadh Dé athur

beith a-muidh ar mearachadh

eaguil liom lá na togha

a-tá um chionn an chomhrogha.

7 Oighre Dé ar ndáil a fhola

a luing na sé sochuidhe

go grinneal chúain an chíogha

do-chuaidh d’filledh m’eissíodha.

8 Do mhaith sé coill na cána

dúinn ar dhénamh síothchána

ni hé an cion far réidhigh ruinn

a-niodh do eirigh eadruinn.

9 Teaghdhuis rathmur Ríogh nimhe

teagh na náoi n-ord n-ainglidh[e]

nior cumadh adhbha ar nAthur

tarrla ullamh d’ordachadh.

10 ’Nar ccoinne a cathruigh nimhe

tig chuguinn ar cheilidhe

ní ar mearughadh do bhí a bhos

rí ar ndealughadh re a du[thchas?].

11 Cenn ar ttérma suil tí as-tteach

guidhim Críosd f[a c.........]

ní lá grása do ghuidhe

an lá-sa a-tá a ttarrnguire.

12 Do chleacht síad séna a lochta

síol Ádhuimh niormh ionmholta

ní hé agrus ina fhuil

an té admhus a fholuidh.

13 Eaguil damh san lá-sa an Lúain

a ttráth tionóil an tromshl[ua]igh

cuid do bhrígh mh’égcóra air

go mbím éddána ar mh’ath(u)air.

14 [......ca?]irt o chlar nimhe [61b]

dar ccaomhna ar chúis oirbhire

[....g?]e don taoph as-ttoigh

mo ghaol gér fhada ó m’athuir.

15 [...]tear don oigh anba an toil

da ttrían ccionta chlann nÁdhuimh

[ga?] bean éinfhir riamh roimpe

nar réidhigh trían tioghluigthe.

16 [D]o búain ghiall a glas biodbhadh

dáil a chrú as ní neimhiongnadh

t[....]d féin fúair a oighidh

acht géill uaidh a n-íarnuighiph.

17 [ ......] dar mac oighre th’athur

do ghaph chloinn gan chiontachadh

as bean í don uile fhear

Muire acht an tí lér toirrghedh.

18 [F?]leadh ghrás do dháileaphuir dhúinn

sinn dar ndeóin úaithe ag iompúdh

[.........] cuiredh linn as ar laimh

cuiredh is inn dá fhagháil.

19 [M]ac Dé go dáil a fhola

níor (nó fhoir) dhion na sé sochuidhe

[f?]úair san Áoine um cheann a ccean

gur fhearr daoine gan dénamh.

20 [...] derguis na cúig cridhe

dar ndíon do dhruim ionmhuine

mó ina a bhfuil díot ’na dhuine

do mhoidh thríot don trócuire.

21 [Dar?] mbreith ar an iul as fhearr

do sheachna ar n-anma ar ifreann

[ga?] slighidh do thill tusa

rinn go hinfhir eólusa.

22 [S]íol Adhuimh d’éisi a cceannuigh

niorbh é am an aithearruigh

[.....]r taradh chuain an chridhe

uaibh a ccaladh choillidhe.

23 [.........] inn aladh th’ochta

dod chloinn nior chúis ionmholta

[bar n-o?]ighre do [do]nnadh dhamh

bronnadh nar dhoilghe ar ndiúltadh.

24 [....eca?]duir o chlar nimhe

tig tu a Mheic na maighdine

[....]ur gheimhle ón oineac air

troigheach th’eighre níorbh ésguidh.

25 [La?] na fleidhe mur fuair soin

ni fhuair neach d’fine Ádhuimh

[........]sein do iph th’oighir

neim ’na dhigh ni dáilfidhir.

26 [.....oi]ph tuguis dar ccionn

dar n-anacal ar ifreann

[......] iomsuiph chrú an chroidhe

do thiomsuigh Tú an trócuire.

27 Dob áil linn gan teacht fad thoil [62a]

d’éis ar ccaphra ó cion Adhuimh

neach nár fhóir oighidh th’eighir

doilidh d’óigh a fhóiridhin.

28 Grás ar th’oighre íarthur linn

ar t’ucht-sa a inghean Íaichim

na gabh obadh ó t’oighir

glan tobur ó a thathuighidh.

29 As é do mhac-sa a Mhuire

athuir na sé sochuidhe

suil do-roighne ní fa nimh

do bhí t’oighre ’na oighir.

30 Do éirigh d’éisi a beanta

oighre Dé ar ndías chruithneachta

búain déisi na ttrí ttoradh

rí dá éisi ar n-ardughadh.

31 Ní mór linn on leanb ochta

ar mbreith fan digh ndíaghdhochta

ní breith ríogh ón chneidh chroidhe

díol a bhfleidh nac féchfu[i]dhe.

32 Eaguil dóiph gan teacht fa a thoil

síol Ébha ar éisi a ccoguidh

bheith ar síoth Dé fa dheiredh

as é a chríoch go ccaithfidear.

33 Oire nar iomchuir duine

ar mhac ochta óghMhuire

tarrla an Rí fan chruinne a ccronn

’s do bhí uirre da haltrom.

34 Ar eachtra ó Airdrí nimhe

mur tám as túar oirbhire

mé soidhearuigh on toigh thall

toil don oileamhuin agam.

35 Ní leigther dhóibh dénamh súain

a n-am measruighthe an mhórshluaigh

toirrchim a n-am na hechtra

mall an oirchill imtheachta.

36 Lór dhamh a ndernus do chion

gus an am-sa ó áois náoidhean

gan techt ar ghonuiph ríogh rinn

mo dhíol d’foluidh um oirchill.

37 Ni mór dhó a n-íoc a áluidh

síol Adhuimh ar éntánuidh

don té nach tiobhradh da thoigh

dob iongnadh é da oighidh.

38 Fola Críosd gér chláon an sdair

ar chloinn anuaibhrigh Adhuimh

ina rann as doiligh dul

clann ar n-oighidh an athur.

39 Dáil a fhola tar cheann ccáigh

ni heaguil linn lá an tionáil

gona a-bhos ni hé as omhan

acht mé a-nos dá núadhughadh.

40 Ní heól dúinn do dhruim lochta

iúl díreach na díaghdhachta

ar fhéch sinn d’eólus fhoghla

sheólus inn or n-athurdha. Dá láimh...