firstLine"; ?>

604. Da neall oinig san aird tuaidh $
Length: long 34 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
  2. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp & wp
Manuscripts:
  1. RIA 475 (24/P/25) L. Cl. Suibhne 16th c..
Motifs:
  1. irresistible attractions for women
  2. comparison with all others
  3. hospitality to poets
  4. too honourable to be in danger of satire
  5. spartan life of warriors 230 prowess in war
  6. war with English 231 caithreim not to be told
  7. Fertility in reign of true ruler
  8. prophecying by clouds
  9. female occupation: embroidery
  10. importation of wine in ships
Poet Christian Names:
  1. Aonghus Dorcha (RIA475)
Poet Surnames:
  1. O Maoilghirigh
Patron Christian Names:
  1. Domhnall mc Toirdh. mhc Ruaidhri & Grainne
Patron Surnames:
  1. MacSuibhne Fanad (fl. c. 1570-d. 1619)
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Dá néall oinigh san aird tuaidh

[RIA 475 (24/p/25) (= Leabhar Chlainne Suibhne) 76v, p. 146]

O Maolgirig [in different hand]

Aongus Dorca cecinit

[Rannaíocht Mhór, Dán Díreach]


1 [D]a nell oinig san aird tuaidh

an t-oinech thall tar gac tir

tuc clechdad[h] nar dhú don daim

a clú caigh bentar a brigh.

2 Dob fiu diol Domnaill don chleir

nac frith gan dograinn ar dháil

cliar dob eolaig[h] sa trian tuaidh

do-chuaid[h] riar mar deor[aidh] daib.

3 Siol Suibne ar codal os chuan

mogal nac suirgeac re síodh

sgios ar shíol Echaid[h] on agh

le a ndechaid[h] dam díobh gan díol.

4 Bro fhionnban da tánaig tnuidh

’na timchal go tanaig nóin

croinn áille ar fheghain san uaim

Grainne ’ga n-uaim dh’énaib óir.

5 Gan triall aici sa trian [ tir] thuaidh

ni ar n-aisgid[h] do bi an be[i]ms

dailter riar o Domnall dáibh

le a congbann daim ’na fiadh fe[i]n.

6 Tus fledhe dailter don daim

ni run celte fhainne n-oir

do bí a úain o fhine Néll

file gan reir a n-uair óil.

7 Triall soir acc Gallaib[h] on ghliaidh

tar moir mar gabair a nge[i]ll

clár Cuinn do thanaigh le a thuaigh

Danair ag uaim a fuinn fen.

8 Sreb chuisne re ar bfaoilid[h] Fionn

a bruighin na caoilshleag[h] corr

suil do thogaib an tegh crann

obair Ghall do ben da bonn.

9 Nir clecht sin cumhga re cleir

ar Ulltaib[h] do bi do bhuaidh

ge theid riar fa a ndeithfir daibh

berthir ar daim sa trian tuaidh.

10 Do fillead[h] Grainne ar-ais uaidh

as gaile tar ais nar fhegh

do gab sí tiomchal on traigh

sál nac bi ag imchar á en.

11 Fian Fhanad fa obair aoil

dob adhbhar oibre da[?] fe[i]n

an riocht a fuil diorma dúin

suil righna do chuir a cé[i]ll.

12 Go bfuair ben fholaid[h] o fior

an tsearc (?) a crothaib[h] ’ga car

do-chí an taraid[h] suil tí as-tegh

gur adhain ben da mbí a mbrugh.

13 Ar ibh d’fhion ar colbha cuain

a fhoghlaid[h] da dhiol is doigh

ingnad[h] a shaoire o shiol Nell

an fion fen ’sa dhaoire doibh.

14 Guais toebadh daime ’na diaigh

do Grainne ni boegal be[i]m

ni hedir gan ghuin a grúaidh

uair égin ’sa gcuir le clé[i]r.

15 Ní ghabhand an dámh fa deóigh

do ghnath acht taghall a túaidh

cliar do thaghall a fuinn fen

o fhreim Chuinn ni faghann d’úain.

16 Siol Suibne fa a ndaoire dhóibh

ni máoite a cuimne ag an chle[i]r

riar fa a dtanaig don trian tuaidh

fuair an chliar a Fana[i]d fe[i]n.

17 Mac Toirrdhealbaig nar thoill be[i]m

na Goill go hoirbernad[h] uaidh

tuir criadh a cumhga do-choidh

do burba an tshloigh on trian tuaidh.

18 Teid sgela a testa in gach tir

enben nach meisde re mnaibh

ni do mnaib na taoibe a tuaidh

lerb ail gan buain daoire a daim.

19 Lann ’na laim le mblodhar balg

ni slan on obar an t-ord

da láoidhedh ar cóir na gcelg

do derg broin cháoilshleag[h] is cholg.

20 Foghmar narb ogal let fe[i]n

bronnadh a ndonnbhrat don daim

d’eis dealaichcthe dhuit re cle[i]r

bruit ag be[i]n meraighthe a mnaibh.

21 Tabairt umhla a ndeabaid[h] dháoibh

cundrad[h] ar nac benta be[i]m

do sbairn troda a gcaladh cuain

branar suain fhoda dot fhe[i]n.

22 Tir fhaglad[h] fa fhiaghail uaib

damna do diamhair gac ráoin

a gcrioch falamh nir dhith doib

ma sith re fóir Dhanar daoibh.

23 Decair a dhenaim ad diaigh

gac ensdair at engaibh sróil

ealta gan etil san úaim

benta uaib go n-etibh óir.

24 A úa Ruaidri od ré[i]m áigh

do núagris teid ar gac t(ír)áoibh

ni fhóir nech od ghoin a ngliaidh

da mbeath liaigh sa[n] toigh re thaoib.

25 Do bladh gan toebad[h] a-ta

acht an aoinbhen do thogh thú

gar beug [leg. beag?] sin do mholadh mná

ma ta sib ’na comhar chlú.

26 Sib ag brosdad[h] ar bhroin loech

gan doigh ad chomhar ag cach

ni an sibh re haslach h’fhiach

sgíath lib ’na hasnac on áth.

27 Toir acc teacht[a] o tholuigh gliad[h] (?)

mar eltain romhaib sa róen

niba gort fálag gort gliadh

fian Fhánad tort ar gach toebh.

28 Fiodhbaid ’na choinne do chromm

gan iomchur a chloinne a call

soeb go faghthar torad[h] tromm

’s gan blodad[h] long d’anfad[h] ard.

29 Geall ’ga blaid[h] (?) ar belaibh caigh

a bladh ’sna cémibh do-choidh

siol Ne[i]ll fa duassaib do daim

ce[i]m go traigh chnuasaig[h] is coir.

30 Enfher ’na dhailemh ag daim

nar ghnathaig[h] ar ecsib uain

la s[a]óire nir chuir ar chlé[i]r

tar fhuil Ne[i]ll na t[a]óibhe thúaidh.

31 An brugh dao[i]nech do clecht ceol

flegh mar d(o)aoinibh ina dhún

tar muir go faghar an fíon

síodh Danar do cuir ar cúl.

32 Breath ingnad[h] daime ’na dhiaigh

ar Grainne ’na dhiomdha is dóigh

créd fa mbiadh daoire sa[n] daim

acc triall o mnaib dao[i]re [dóibh].

33 Is cuid oigrechta o fuil Nell

na toirbearta tucc do dhaim

aoinfer rempa sa[n] taoib thúaidh

nar maoidh buain a nd[eacra dáibh?]

34 Tir do bi fa dáoire ndamh

an tir ga haoidhe nar fhegh

is gort tuair ar dtochd na cliar

an trian tuaidh do nochd da néll. Da nell...