firstLine"; ?>

607. Da rann deg mo dhuthracht d’Aodh $
Length: short 12qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th mid
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G348 S. O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne Ms 1726 <1622 ex
  3. NLI G23 Aodh O Dalaigh 1727-9
  4. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no. 6
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. comparison of patron with own family
  3. poet invoking blessing
  4. patron’s liberality to poets
  5. church’s immunity observed by patron
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh (Harvard O’Byrne Ms)
Poet Surnames:
  1. O Muirgheasa
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Seaain
Patron Surnames:
  1. O Broin d. 1579
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Dá rann déag mo dhúthracht d’Aodh


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 6]


Donnchadh Ó Muirghiosa .cc.


1 Dá rann dég mo dhúthracht d’Aodh,

gnúisfhial nár mheabhraigh míothaom;

ní rann d’Aodh acht ragha roinn,

an lann tana shaor shéghainn.

2 Bérad go hAodh m’aisgidh rann,

craobh chumhra nár chreach tearmann;

tiocfa leam cnuas na craoibhe,

budh duas do cheann cumaoine.

3 Is é an moladh oighri as fhearr

bhias choidhche ar fhearuibh Éireann;

scél a n-aghaidh eóil nách fuil,

maraidh go deóidh an domhuin.

4 Ní dhlighfeadh duine dom cheird

feadh molta an bhaisghil bhéildeirg

nár aor éinfhior am fholta,

d’Aodh gan déiniomh dúthrachta.

5 Gach maith dá méd ris do rádh

d’fhior adhmolta ní hiomnár;

craobh as tégar ’na toradh,

níor fédadh Aodh d’anmholadh.

6 Mar tá a chroidhe fá n-ar gceann,

ord fileadh innsi hÉireann,

go mbiadh cridhe an Choimdheadh d’Aodh,

an bile boinngheal baschaomh.

7 Congbhadh Aodh, an t-ésga lán,

teine na huaisle ar adádh;

beannacht uaim-si ar an ngéig ngloin

nár léig an uaisle a n-éguibh.

8 Slighthe teineadh Fóid Fuinidh

nách dóigh d’éigsibh ionnsoighidh,

na dronga ag Aodh nachar an,

cá raon orra nár hiadhadh?

9 Mac Seaáin, searc na bhfileadh,

ar mbrath rúin a ríghcineadh;

dénamh dháibh ’na éanar air

is dénamh ar thráigh thorthaigh.

10 Oinioch Aodha is é do-bheir

a ttéid ortha d’ainm oinigh,

is oinioch fréimhe Broin bháin

a bhfoil don fhéile ar admháil.

11 Gnáth aonchrann ag éirghe ós fiodh,

ciodh oirdheirc laochraidh Laighion,

craobh darab cnuas a moladh,

Aodh suas agá sárughadh.

12 Ag dréim ré deightheisd gach fir

atá Aodh ó aois leinibh;

acht dá fhréimh a ttaobh teasda

dréim re hAodh do b'éigcneasda.