Poem in printable PDF format
Dá roighnibh
chreideas clann Néill
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 37]
Domhnall Ó
Dáloigh .cc.
1 Da roighnibh
chreides clann Néill,
foirne le
mbeirthior barr cáigh;
laoich ullmha ar
nach berar búaidh,
fuair an umhla
dleghar dáibh.
2 Iomdha rogha ar
ar fhás uadh,
a dtogha ní nár
do Níall;
aicme nach léir
díoghuin díobh
síol Néill ós na
ríoghaibh riamh.
3 Beag an
t-iongnadh reic a rúin
don leic, ’s a
tiomna ar gach tír;
ní hé as labhra
don Lia Fáil
cia dana cáir
adhbha Ír.
4 Laoich armtha
bha ua na mBrían,
ní fuar leis an
mBanbha a mbádh;
geata umhal don
reacht ríogh,
do chleacht díon
Uladh a n-ágh.
5 Re feadh
taistil Tolcha an Trír
na comhtha i
n-aisgidh ní fhúair;
sí aige ’s gan í
’na láimh
cáin an tí dob
fhaide uaidh.
6 Malairt datha
uaidhe ar úr
an t-achadh gur
nuaidhe a níamh;
téid Art re a
ágaibh i n-ágh,
ní bán do
fhágaibh gart gliadh.
7 Re a dhlús
tiaghair ar fhud n-áigh,
an riaghail da
cur ó chiaigh,
do bhean ceas
naoidhean d’íbh Néill
nárbh fhes
d’fhéin Gaoidhiol i ngliaidh.
8 Cuingidh Eamhna
is éadrom suan
go nderna in gach
énfhonn eól;
dob fhiú a obair
fa ghart glíadh,
nár iarr Art ré
gcodoil ceól.
9 Mac Seaáin
nírbh iarrtha a iocht
ré ngleoágh go
ngiallfa an smacht,
’san rian nár
hoireadh re a ucht
i ngurt gliadh
dob oiremh Art.
10 Da gheis gan
chongmháil a chruidh;
do bheir don
tromdháimh a dtail;
gan bronnadh ní
bhí ’na thigh
acht ní nach sir
ollamh air.
11 Na cethra na
bleidhe bhúaidh
do gheibhthior ’s
a n-eachra ót fhéin;
gibi heile dháile
dhóibh
fáinne óir ní
cheile ar chléir.
12 Macruidh Line
ad chenn i gcúan
dream leis nach
sirthear an síodh;
ar dtabhairt cána
a gort gliadh
t’fhían go dána
ort um fhíon.
13 Géill uaisle
beroir go Bóinn,
a ndechaidh do
chuairte i gcéin;
go dtáinig sibh
go fiadh bhFáil
giall i láimh
gach fhir dot fhéin.
14 Léige leision
sín i seól
in gach tír go
dtéighi i dtrágh -
géill an fhuinn
Ulltoigh ná hiarr -
giall id luing
luchtmhuir sa lán.
15 Fiú luadhail
bhur faghla féin
th’uamhan go
dtarla ar gach tír
go brath adhbhadh
oile róibh
nír chóir adhnadh
Toighe an Trír.
16 A thochta at
aghaidh ar áth
comha do
thabhaigh ar thriath;
’na leith féin do
cuireadh críoch
go bhfríoth let
fhéin fuighiol fíach.
17 Ní le cách na
leaptha i luigh,
a gclechtadh do
ghnáth do gheibh;
tar éis lighe ní
lór libh
ar ibh slógh Line
do fhleidh.
18 A mheic Áine
ód techta i dtír
da dtáille dob
eglach úaibh;
dot omhan nír
dhúinte dháibh
cúirte cáigh ar
chomhar gcúain.
19 Gá beag dod
ghairm san réim ríogh?
do chéim tar a
n-ainm ná hiarr;
bheith it Ort
Aoinfher dob ál
ar lár Gaoidheal
fa ghort gliadh.
20 Ní fhuil do
dhiomdha ’na dhiaidh
nach dtiobhra fa
thoil do mhaoir;
fillidh bráighe
’na brugh féin
ar ndul fa réir
dháimhe dhaoibh.
21 Seachnaidh fer
dot omhan iad
tairthe na
bhfeadh leat do lúb;
ceann sluaigh ót
omhan nír fhég
an séd ar chonair
fuair fúd.
22 Ioth i
dtalmhuin, tes i sín,
an mhallmhuir gan
techt i dtráigh;
do ghoid na sgoth
ón Trian túaidh
moch do chúaidh
grian ina gáibh.
23 Réd shilleadh
gnáth sleuchtuid síad,
na géga fa bhláth
go mbíod;
má tharla crann
folamh fúd,
do lúb call do
thoradh thríod.
24 Ní mó
torrchairthe sreabh seng
tromthairthe
feadh cenn i gcionn;
congmhoidh grian
an mhuir go mall
gur chuir barr le
Fiadh na bhFionn.
25 An chnú
chumhdaigh, an idh óir,
do bhir as na
tulchoibh thúaidh;
ar bhfaicsin lerg
Locha Laoigh
nír mhaoín le
cerd clocha cuaigh.
26 Ní badh amhra
leis gach laoi
a bheith mur
tharla ar a tí;
más é as fer do
thealaigh Té
ní bhen sé acht i
ndeabhaidh dhí.
27 Sgaoilid
fáidhe fios a rúin
mur shlios gacha
tráighe thúaidh
gibé ionadh i mbí
Bóinn
sí dha chóir ar
siobhal slúaigh.
28 Gur dhearbhsan
iad in gach eing
tíad i
ndeabhthadh druim ar druim,
tug rogha don té
do thoill,
sé ag roinn na
comha ar íbh gCuinn.
29 Dob uamhon
dénamh ’na ndiaidh
mur fheuchoid i
n-uathadh slóigh;
ag cur anma ar
fhine Néill
a fhile féin
tarla ar thóir.
30 Tig loinnreadh
’na leacain ghil,
d’eatal do
foighreadh na fail,
beg díol a
ghruaidhe do ghoil,
ní loigh síon da
fhuaire air.
31 Trían Conghoil
mur thiltior túaidh
congmhaidh gan
tileadh gach tír;
a bheith roimhe
san ráith mhóir
nír dhóigh le
fáith Toighe an Trír.
32 Sirthe cródha
cloinne Néill
i gcoinne tóra ar
gach taoibh,
líon catha ón
chonair do chuaidh
re homhoin
sluaigh Lacha Laoigh.
33 Lámh le
sgaoiltior seoid na sen,
gach aoinfher ’na
ndeoidh ag dul;
muna ní le cléir
a chrodh
ar a dtol féin do
bhí a bhrugh.
34 Gan ghuais
gcréachta ortha uaidh
comhtha ní
gheubha ré nglíaidh;
mór an tslighe
dleaghair dhóibh
fóir Line i
ndeabhaidh na dhíaidh. Da roighnibh
35 A ndáilfe as
deigheolus dí,
do cheimneochadh
Gráinne gnaoi
riar tola ar a
breith dá mbé,
sé re Leith Mogha
don mhnaoi.
36 Ní cheil
iolmhaoine da n-úair,
ní hionmhaoíte a
mbeith gan bhéim,
da dreich dhuinn,
do bhrígh a báigh
le mnáibh síl
gCuinn agus gCéin.
37 Maicne Colla
fa a cruth sliom,
aicme in gach
rolla rug barr;
rún
feadhmfhosaidh fa bhfuil conn,
tonn don fhuil
Eadhrasoin ann.
38 Do riaghladh
modha na mná
ní hiarrtha
moladh as mó,
gar eithne dha
chéile is cnú
clú a fréimhe
reimpe dá ró. Da roighnibh