firstLine"; ?>

609. Da roinn chomhthroma ar chrich Neill $
Length: very long c. 49qq
Certainty: 1
Period:
  1. 14th ult.
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G992 Nugent MS c. 1577
  2. Book of O’Conor Don 1631
  3. RIA1 (23/D/14) 17th c. Co. Offaly?
  4. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  5. NLS Adv72/1/44 17th c.
Prints:
  1. transl. Aithd. Dana no. 16
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. prophecies of a ruler
  3. High-kingship of Ireland
  4. Historical comparisons
Poet Christian Names:
  1. sname only
  2. Eoghan (G992, RIA1, Adv.72/1/44, RIA744)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird (BOCD) : (“Tadhg Og? RIA2)
  2. MacCraith
Patron Christian Names:
  1. Niall mac Neill mhic Aodha
Patron Surnames:
  1. O Neill d. 1403
Apologue Subclasses:
  1. Cath Ghairidhe:Mac Roth descr. host 770
  2. Cath Muighe Leana: Ire. divided Conn & M
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Dá roinn chomhthroma an chrích Néill


[McKenna, L.:Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 16]


Eoghan Mhag Craith (?) cct


1 Dá roinn chomhthroma an chrích Néill

ní chuala díogha díbhséin,

magh ina míne tonna

ríghe dá chladh gcomhronna.


2 Ní measda riu roinn eile;

a-tá ó thús aimsire

dá cheartroinn ar chuan bhFódla

ón dual eachtroinn d’fhurfhógra.


3 Mairid ar sheanFhódla ó shoin,

méaruidh go deireadh domhoin

dá roinn orra ar a n-antair

gan phoing orra d’iomarcaidh.


4 Do roinn an caithmhílidh Conn

idir fhiodhbhaidh is fhearonn

an breacmhagh fíonmhar ar fad

is ríoghMhogh neartmhar Nuadhad.


5 Tugsad éigse uair oile

roinn cheart ar chrích Laoghaire,

fonn úr as ar ionchuir geall

múr do thiomchuil an Táilgheann.


6 An tír i dtráth a ronna

do fhéachadar eatorra

is buga duas fhear n-Éireann

cruas a gcean ’s a gcaithréimeann.


7 Roinn óna hoirrdhearc Ulaidh

tugsadh ar chrích gConchubhair,

fuinn leathna ar nach lamhair cion

i n-aghaidh cheathra gcóigeadh.


8 Is eadh do chuirsead ’n-a gceann

ceithre hollchóigidh Éireann,

clár fóidshean gealabhlach glan

cóigeadh ealadhnach Uladh.


9 Gi bé riocht i raibhe an fonn

do measadh gur mheadh chomhthrom

Éirionnaigh agus Ulaidh

ó chéimionnaibh Chonchubhair;


10 Ní lia laoch don leath oile,

ní lia ól ná aonaighe;

lia don fhóir oirrdheirc Ultaigh

ag toirbheirt óir d’iomarcaidh.


11 Gach geall fhuaradar Ulaidh,

gach seanuirrim suasamhuin,

rachaidh geall ar deaghbhladh dháibh,

fearr a n-eangnamh a fhagháil;


12 Do bhí i dtairngire a theacht soin,

táinig rí don fhréimh Ultaigh,

do bhean d’fhóir Gaoidheal a ngeall

fear rer sgaoileadh óir Éireann.


13 A-tá ag muinntir mhic Neasa

laochraidh do lucht choimhmeasa;

a-tá thuaidh i n-iath Uladh

triath do-chuaidh tar Chonchubhar;


14 As ghnáthaighid geall do chur

as mhaoidhid macradh Uladh

mac Néill agus Mná Midhe

slat réidh a-tá i dtairngire.


15 Nír shuidh samhail Néill Í Néill

do rígh i n-Eamhain fhóidréidh,

port ar ar shealbhaigh cairt Chuinn,

nó i dTeamhraigh Airt dá n-abruinn.


16 Éanlocht a earla chladhaigh

a fhad a-tá thallamhain;

béim acht an t-aoinbhéim ní fhuil

ar Ó shaoirNéill réidh Fhrasaigh.


17 Ná bíodh gan bheith ’n-a gaire

ráth Bóinne bean Laoghaire;

ní táthuighthear go dtí soin

máthairthreabh Dhá Thí Teamhair.


18 Ná fágbhadh fód gan iarraidh

do dhúthaigh Néill Naoighiallaigh;

leasg d’Ó dhaighNéill céim ’n-a gceann

réidh agus aimhréidh Éireann.


19 Ná hanadh fós go bhféagha

a diamhra ’s a droibhéala;

ionghaireadh - cá hinmhe as fhearr? -

siobhlaigheadh imle Éireann.


20 Luaghaill an leomhain bhuidhe

le a fhoraois ga hionghuire

déanta do Niall im chró gCuinn

tar a mbiadh dhó dá dhoghruing.


21 Nach lamhthar ar a lorg soin

léim na foraoise fásaigh

is eadh do-ní an leomhan lonn

seoladh fa thrí ’n-a tiomcholl.


22 A chonfadh as, caor theineadh

rí na n-uile n-ainmhidheadh

ní léir colg mar a cholg soin;

céim ar a lorg ní lamhthair.


23 An leomhan - is lór do ghaois -

mar sin fheithios a fhoraois

gan bhaoghlughadh re a ré riamh;

d’aonmhunadh é agus óigNiall.


24 Niall mac Néill do-ní amhlaidh

re Fódla nguirm ngealabhlaigh;

triall inleomhain gun fhéinnidh

imdheobhaidh fiadh finnÉibhir.


25 Lorg leomhain leasa Oiligh

tórann tar nach tiocfoidhir,

’n-a fhál gan aondorus air

um chlár gcraobhsholus gCobhthaigh.


26 Triallfaidh ó táthar ’n-a ghioll

oidhre Néill na naoi ngéibhionn

d’fhios Teamhrach bothbhuige Breagh

sochruide mheanmnach Míleadh.


27 A-táid ar tí theachta a dtuaidh

ar gcruinniughadh san chraobhruaidh

slóigh ullmha neamhthacha neirt,

mearchatha tromdha an tuaisgirt.


28 Lasfaid a lanna greanta

ardóchuid a n-aigeanta;

an mhearghasraidh as mhó seadh

ceannlasfaidh a cró coirrshleagh.


29 Táinig a hEamhain innsigh

slóigh eile ar an innillsin

- fa dána a dtreoir i dtrodaibh -

i ndeoidh Thána thángodair.


30 Gabhais Meadhbh fa mór croidhe

lá catha is clann Rudhraidhe;

gealltar d’áiridhe an iorghuil

im Gáiridhe nglainiobhraigh.


31 Re hucht mhuinntire Meadhbha

tiomsoighid sluagh seinEamhna

dronga fa doilghe i ndeabhaidh

buidhne thromdha a dtuaidheamhain.


32 Cuiris Meadhbh d’fhéachain Ultach

mac Roth i riocht iongantach;

an sluagh ar n-a dhéaghain dó

le sgéalaibh uadh do iompó.


33 Don teachtaire ó tháinig soin

bean Oilealla do fhiafroigh

na curaidh ag tocht san troid

Ulaidh cá gort i ngabhaid.


34 “A Sleamhain Midhe” ar Mac Roth

“dochiusa, a inghean Eachach,

cródha feadhmonna na bhfear

meardhronga móra Míleadh.”


35 “Tabhair mar do togbhadh dhaid

a dtuarasgbháil mar theagaid

slóigh Chonchobhair druim ar druim

’n-a mbróin chonfadhaigh chugainn.”


36 “I dtús cháich do-chonnaic mé

sleagha dá silid crithre

cuilg ghormghlasa go ngalaibh

donnbhasa ima ndorncharaibh.”


37 “Do-chonnac bhós ’n-a mbrollach

bró sgeanmdha sgiath réalltonnach,

bruit sróil dathta ma ndrongaibh,

slata óir ’n-a n-ursannaibh.”


38 “Dom aithne ní fhuil duine

aca gan as órdhuidhe

’s gan téagar óir ar a fhult

budh dóigh do bhréagadh bantracht.”


39 “A Fhearghais mhóir Mhic Rosa

innis ainm na feadhnasa

do hinnleadh do chur na gcath

san mugh” ar inghean Eachach.


40 “Teaghlach mhic Fhachtna Fháthaigh,

lucht an earraidh ionghnáthaigh,

fíorbhun na faghla” ar Fearghas,

“ríoghradh chalma cloidheamhghlas.”


41 “Sochraide Eamhna uaine,

coimhthionól na Craobhruaidhe,

na dreagain ó Dhún Dealga,

eagail dún a ndíbhearga.”


42 “Ní shaoilfe mise,’ ar mac Róigh

“gé tú ag tuireamh a dtionóil

a gcomhchalma d’fhaisgin d’fhior

rothghabhla gaisgidh Gaoidhiol.”


43 Seolfuidhear le Niall a-nois

- bréagnóchthar briathra Fhearghois -

a samhail nó sluaigh as fhearr

d’fhoghail agus d’uaim Éireann.


44 An chéadtoisg cia nach cualaidh,

mó áiriomh a n-athshluaghaidh

do-ní réalda cinidh Cuinn

sa slighidh chéadna chuguinn.


44 (a) Gearr an chairde cuirthear air;

do-ghéana Niall a-nallain

go ráith súlchair Nuadhan Neacht

sluaghadh le múchtair mícheart.


45 Líontar leo Tlachtgha is Taillte,

is magh Uisnigh abhainnte,

’s an port ’n-ar sháith Tuathal teagh,

is ráith Cruachan is Caisiol.


46 Líonfaidh Ó Néill Nás Laighean;

fada ón tráth do tarngaireadh,

tug i n-Almhain éad ar Fhionn

géag do tharngair an Táilgheann.


47 Craobh ón tír do thaisdil Dia,

leag a hoirthior na hInnia,

caor dhearg a hiarthar Eorpa,

niamhthar le ceard gcineolta.


48 Marcach thíre na dTrí dTonn,

maraidhe mara Lochlann,

lámh thréan fa thoil gach dhuine,

do léagh ar sgoil Sgathuighe.


49 Oidhre Néill mhóir mhic Aodha,

gnúis dhíoghainn mar dhonnchaora,

biaidh do roinn fhaghla aga

a dtarla ag cloinn Chearmada. Dá roinn.