Poem in printable PDF format
Daingean connradh
fa chairt ríogh
[Lambert
MacKenna, ‘Some Irish Bardic poems’, Studies 38 (1949),
463-7]
Our Salvation
Brian Caoch Ó
Dálaigh cc.
1 Daingean
connradh fa chairt ríogh;
cairt ar
cconnraidh ar ar ccúl;
nár má do sénadh
an síodh
is lámh ríogh dá
dénamh dhúnn.
2 Síoth ó shoin
do daingneadh dúinn
dá shnaidhmeadh i
ccrois do-chuaidh;
do sgríobh fa
chartaigh san chígh
síodh trír ar
nach antair uainn.
3 Ni fríoth
conair roimhe riamh
nó gur cosgradh
croidhe an ríogh;
mairg fine nar
gheabh an gaol;
raon ’na chridhe
cneadh ’na chíogh.
4 Dar n-arthrach
dob fhírbheach eoil
ríghbhean nach
gabhthar a géill;
slighe chaol na
habhla ón óigh
tarrla róinn ina
raon réidh.
5 Créad fa mbiadh
cumhal ’na chneidh
dar bhfurtacht do
thriall ó thoil;
do fhoiligh a
ghrásd a ghuin
nach fuil [acht]
tásg oidhigh air.
6 A n-uair an
chluiche do chaill
a nguais don uile
do fhill;
do fhoiligh
chánaigh an chroinn
fa choim n-álaidh
troighigh tinn.
7 Rí nimhe gur
dhuine dhínn
cluiche ar a
chineadh do-chuaidh;
táinic dar siair
coimhdhe ar ccláir
a ndiaidh an áir
fhoirne fhuair.
8 Ret fhíoch
dámadh éidear srian
ní híoc
do-ghébhthar am ghníomh;
na luaidh ceart
am fhoghlaibh uam;
ní dual foghlaidh
fa reacht ríogh.
9 Líon ar inneal
d’fhuil an taoibh
dá chineadh gur
chuir a cciaigh
ar sheilg gan
tilleadh a ttír
go hinneal lín
deirg ’na dhiaigh.
10 Ar ccreach gan
tóir roimhe riamh
re hóigh gur
roinnis do rún;
an teach thuas
réidhighe róm
ógh suas as
dréimire dhún.
11 Líon einigh ar
inbhear ngráidh
let eighir do
hinnleadh róinn;
sreabh thobuir ar
ccabhra ón chígh
dob adhbha lín
mhogail mhóir.
12 Tig filleadh a
fhíocha d’óigh,
a fhine ag
díorghadh ’na diaigh,
bean le saorthar
na sé sluaigh;
ní haonchradh
fuair sé ler siair.
13 Gidh trom
éraic fhola ríogh
togra ní
lémhthair san Luan;
mairg fuil do
doirteadh dar ndíon
guin an ríogh ní
hoiltear uainn.
14 Fleadh
reacthar ar chunnradh cuain,
turbhadh as
deacair fa a dáil;
cuirfe ar
aoinfheadhain sé slóigh,
cóir do
mhaoidheabhair mé a-mháin.
15 Buime ler
caomhnadh a clann
Muire ghá
gaoltaibh a ngioll;
ar muir mhóir ní
leontar a long
a-nonn le hóigh
seoltar sionn.
16 Ná leanadh ar
dhearadh dúinn,
do cheadaigh
ceangal an tsídh;
gabhadh cách ’na
bhfoltaibh [phéin]:
gnáth géill ag
rochtain go rígh.
17 Dá leanadh a
chor a ccrois
nó lot an bheara
’na bhais
luadh cóire ná
léigidh leis;
ni héidir feis
óighe ar ais.
18 Ná saoil
dearadh aoinfhir uaibh
gan daoine ní
dleaghar rígh
ní thig tú gan
mhuinntir mhóir
ná cluintir cóir
fa [................].
19 Dob fhiu a
n-aontomha nar an
ar siur ghá
haonrogha d’fhior
[..........................................]
bean re ndearna
chloinn gan chion.
20 Guais nach
sgarfa cách red chóir
- an lán mara ní
budh mín -
leanfaidh tú an
failgheas go fréimh;
réidh gach
aighneas go crú in chígh.
21 Cóir fhalaigh
ní hoircheas uainn
nó go n-adhmaigh
a fhoilcheas rúin;
breath échta ná
óighidh féin
réir a érca as
doiligh dhúinn.
22 Leanb Muire
gan chuimhne a chrú
’s gan chuimhne
luighe fan lia
cealgthar é
d’fhoicheardaibh mná
gibé lá as
doichealgaidh Dia.
23 Neimh an
chíogha cuirfe a ccéill
budh duiligh do
dhíoghail Luain;
deacair taomadh
mara mhóir,
fa chóir t’fhola
as baoghal buain.
24 Fiu t’fhuilsi
ar ccomhdha mur chloinn;
gá truime torchar
mar thuinn?
sleagh dar
ccobhair san chíogh thinn
as líon ar linn
thoraidh truim.
25 Íoc a fhala
dleaghair dúinn,
agra ’s na
bearaibh ní brígh;
cuid érca ag
cineadh as cóir
dá sireadh cóir
chréachta an chígh.
26 Cóig chridhe
gur dhathais dúnn
t’fhine fa Athair
dob fhuar;
tú a gcronn do
gonadh dod ghaol;
braon trom don
toradh as tuar.
27 Dar ndíon do
doirteadh an fhuil,
t’fhioch nó gur
snoigheadh mar sin;
[’sna] saoir
[aga] seilg a-muigh
do shnoigh
t’fheirg don taoibh as-tigh.
28 Dob é an
t-oineach ’na am féin
dá oigheadh a
ccrann do-chuaidh;
as fear móreinigh
nar mhaoidh
cneadh taoibh dar
bhfóiridhin fuair.
29 Fuair Muire
deacair dar ndíon
ní seachna muirir
a mian;
bean ag cuireadh
na sé slógh
ní mór lé
buidhean dá mbiadh.
30 Cosg t’fhaladh
más éidir [dhúinn]
ní éisdfe re
m’agra Luain;
ná luaidh mur
urraidh mé a-mháin
red cháir ’s nach
urraidh sé sluaigh.
31 Guais t’fhola
tar chách do chuir,
ní tráth dar
locadh ód fhleidh
le mnaoi an tighe
taobh don tigh;
ná sir slighe
chaol fad chneidh.
32 Dot fhuilsi do
dáileadh dúnn
tuile dá ttáinic
ar ndíon;
cuiridh muir
toradh a dtrágh
ár t’fholadh do
chuir an chíogh.
33 Nach clann
tamhain sinn dar siair?
do adaimh do rinn
a rúin;
roinn mháthar ar
chloinn as cóir;
fa chóir ccroinn
gé dtáthar dhúinn?
34 Tú ar
bhearaibh dar ngrádh dod ghuin
do chách níor
[seamadh ó sein];
lot na habhla do
fhóir t’fhuil,
luibh a cabhra as
cóir re cneidh.
35 Neimh a
ngonaibh t’oighre uann
rem fholaidh nír
fheirrde srian;
tig dhínn gur
corcradh an chíogh
ar shíodh gontar
na rígh riamh.
36 Do chabhair le
ghrás a ghaol
don fhalaidh ar
bhfás a frémh;
gidh mór an cás
cleith ar ngníomh
síodh fa bhreith
na ngrás do-ghén.