Poem in printable PDF format
Dairt sonn dá
seoladh go Tadhg
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 78]
Gofraidh (mac
Briain) Mac an Bhaird .cct.
1 Dairt sonn dá
seoladh go Tadhg
crithir
bhruithneach breacht neamhgharg;
a sblannc dí ag
deaghail re a sreing
ní dleaghair gan
í d’fhaichill.
2 Réim ag
fágbháil a fiodhbhaic
leis an óinsigh
n-eisionnraic
mionn soighde le
bhfromhthar fuil
do thollfadh
oirdne iobhair.
3 Tar Tadhg n-Óg
ní dul di-se
’s ní dol do
Thadhg thairis-se
’s í dá hinneal
re headh air
gidh eadh ní
cinneadh cogaidh.
4 Gidh soighneach
siansa [ó] a haoibhill
i ndáil meic Í
mhórBhaoighill
ní hí dairt as
doilghe neimh
ar tí oidhre Airt
Aoinfhir.
5 Soighead go
sighnibh toile
is í d’arm na
hionmhuine
dá chongbháil dá
chor fa ghreim
damh dá
fhaghbháil lem intinn.
6 Cúipid aobhdha
an amais ghrib
dí tárraidh sinn
an soighid;
soighdeoir na
hannsa is í an bhean
an t-arm-sa is dí
[do] dírgheadh.
7 Dá saordhacht
snoighe an chailbh-se
dá craobhraidh
[an] chorthair-se
ar eitibh caomha
an chuilbh ghlain
nach duirn daonda
do dheasaigh.
8 Dá fiodh cagais
don cholbh féin;
dá feidhm
ceardcha an ceann soiléir;
a snuadh ar
coinnlibh an chinn
go bhfoighrimh
druadh ón dílinn.
9 Cóir roinn a
glaice grádha
baindia an
bhreachta shíothchána
Cúip-hioda fa
déadla doirr
re dioda céadna Ó
gConoill.
10 A gá féin
foithne ar seise;
maith seanchas na
soighdei-se
sí i ngnás na
glaice dá bhfuil
cás a caithte ní
[cheasnaigh].
11 Dorlach do
dhairtibh seada
maoidhtear ar
chrios Cúipioda
le hamas gach
aoin dar bh’áil
mar rannas le
craoibh Cruacháin.
12 Trí soighde go
séan lámhaigh
ghabhas greim ar
leannánaibh
- cia díobh ar
nach dlighthear brath? -
ríomh a-dirthear
fan dorlach.
13 An chéaddairt
ag cur beadhgaidh
doighir nach dál
foirdheargaidh;
an dara dairt
’n-a deoidh soin
feoil is ailt ar
a hionchuibh.
14 Gidh treas
soighead na seirce
iomthús éarma a
hingheilte
dul don chrithir
go croidhe
i n-ithir na
hionmhuine.
15 Céadshoighead
chuirthe an bheadhgtha
sonna go seol
drithleannta
- ’s ní ba chailg
’s í ’n-a héanar -
ar tí Taidhg do
thaigéaradh.
16 Cusbóir re
gcaithfe mei-se
dá dheirbhshiair
na dairtei-se
an chuid oile don
ghlaic ghráidh
croidhe ren hait
a n-easráin.
17 Céile ar a
gcuinghidh leaba,
sgoláir do sgoil
Cúipeada,
gnúis dealbhdha
dá ndeachaidh cion,
eochair meanma na
maighdean.
18 Meanma ó
bhfuigheam guin fa ghuin
fa lár nach
léigfe ar ndeabhaidh,
rún nach daor
slighthe seirce,
drithle chaoin
dar gcoigilt-ne.
19 [Deighfhear]
re ndlighim robháidh,
Ua Baoighill meic
Buadhaghám,
tamhan a criaidh
Dálaigh dhil
fa liaigh álaidh
dar n-aithribh.
20 Mac Máire, mac
Taidhgmheic Taidhg,
ua Coinn Doire as
díol [a] mhairg
plannda cuir ó
bhraonghort Breagh
far fhuin
saordhacht mac Míleadh.
21 Ua Cuinn meic
Úna ó Ath Truim,
sbraic ionChuinn
re hucht bhforluinn
rún crobhluit ar
cóir troda,
súgh póir Cormaic
churadhda. D.S.
22 Mág Aonghusa
as úr maicne
cusbóir é dar
n-annsaicht-ne,
seangshlat as
saor mar phuba
ar aon is
deaghMhac Diarmuda. D.S
23 Mairghréag
inghean Méig Fhlannchaidh,
géis d’ealtain
Cuinn chobharthaigh,
is aire ar a
laighead linn
saighead toile fa
a tuairim.
24 Banua Ruairc
go roich ar mbáidh
slios do ghéig
Ithe ón Easbáin
tréad far mhín
mórchuing Banbha
géag d’órchoill
Ír Ollarbha.
25 [Déas] gan
ioth úire Gallda
foichne go bhfás
shaorchlannda
d’fhochan
Gaoidhil fa gheal sdair
bean len faoilidh
ar bhfioghair. Dairt.