Poem in printable PDF format
A fhir do-ní an t-éad
[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha, no. 94]
1 A fhir do-ní an t-éad,
binn an sgéal do chor;
ní tuilltear é uait,
is iongnadh gruaim ort.
2 Bean dhoidhealbhtha dhuairc
minic nach bhfuair gean;
gidh iongnadh leat é,
is leat féin do bhean!
3 A ghiolla na rún,
is ait dúinn do chor,
ag coimhéad do mhná, -
sin an fál gan ghort!
4 Aon do chéad do chách
atá slán mar taoi;
ní fáth eagla dhuit
teanga i bpluic fád mhnaoi.
5 Ná creid neach dá mair
ort dá brath go héag;
ná fágaibh-se an tír,
a fhir do-ní an t-éad!