firstLine"; ?>

620. Damh fein choiglim an Chathair $
Length: very long 54 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. House mp
Manuscripts:
  1. RIA 998 (23/F/21) Vellum 16th cent.
Prints:
  1. text Carney PB no. viii
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. Envoi to another patron
  3. envoi to saint John Evangelist
  4. imagery for patron
  5. comparison with all others
  6. patron’s feasts
  7. liberality to poets
  8. pledging verse out of every poem
  9. Historical comparisons
  10. house
Poet Christian Names:
  1. Giolla Iosa (RIA 998)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Teaboid mc Piaruis mhc Eamuinn
Patron Surnames:
  1. Butler
Apologue Subclasses:
  1. Mac Coise & Mac Liag quarrel at feast
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Damh féin choiglim an Chathuir


[Carney, James: Poems on the Butlers: of Ormond, Cahir, and Dunboyne (A.D. 1400-1650), Dublin, 1945, poem 8]


Giolla Íosa Ó Dálaigh .cc.


1 Damh féin choiglim an Chathuir

d’éis fhéchdha gach énachaidh

dá bhfuil bhá Fhiadh bhfinnte bhFloinn;

gan triall innte ní fhóbruim.


2 Fáth fá ccoiglim an Chathair

tar Chrích móir Cuinn Chédchathuigh,

gé a-tá sinn ar tí an tighe,

gura linn í dh’áiridhe.


3 Tearc a nÉirinn acht sí soin,

ráth daoineach Dúna hIasguigh,

brugh do ghnáth as saorbhláith slios,

aonráith a gcách do choigleas.


4 Níor choigleas d’Ulltaibh uile

ráth brughadh nó bhanchuire;

níor choigleas orra d’fhuil Néill

nó a dtuir chorra nó a ccaisléin.


5 Ní fhuil a Muigh mhóir Meadhbha

ag tánaisde, ag tighearna -

bíodh ag cách uathaibh a fhios -

ráth um Chruachain do choiglios.


6 Gidh iomdha a Laighnibh go léir

nír choiglios dúnadh díbh-séin,

fonn armghlan na n-óigfhear bhfial,

cóigeadh glanbhan na nGailian.


7 Ní fhuil fós a muigh Mumhan

ráth budh cóir do chuartughadh -

mo sgél daoibh an uair-se ar fhad -

gan laoidh uaim-se nó adhmad.


8 Ní tharla ó Thoraigh a-dtuaidh

go Tuinn Cliodhna an fhóid ionnfhuair,

dá bhfuil ar fheadh Achaidh Chuinn,

treabh acht an Chathair chogluim.


9 Mar choiglid cách a gcuid óir

nó a seóid bhuaidh nó a ccuirn chomhóil

ráth an fhir dá ttogruim toil,

mar sin chogluim an Chathuir.


10 Bíd daoine ag coigill a gcruidh

fá mar choiglim-se an Chathuir,

ráth do ghnáth dá ngiall gach fear,

do bhiadh ag cách dá caitheamh.


11 Do-chluinim nach coiglid cách

múr fíonmhur na bhfleadh n-iongnáth,

brugh bláith gan éra olluimh,

sgéla cáich do chualamair.


12 Cathair dhaoineach Dúna hIasg,

teaghdhais taoibhgheal na dtirmriasg,

ó tá dá ráth tar Fhiadh nAirt

ní bhiam do chách dá cogailt.


13 Ní choigeól, ní choiglid cách

múr nósmhar na nós neamhghnáth;

teisd ríomhúir ní hiongnadh air,

fionnbhrugh fhíonDúin an Iasguigh.


14 Dá ccoiglinn ní choiglionn féin,

cúirt í nach tuilleann toibhéim,

ráth nach dearna chreich ccáinte,

a heich bhreaghdha, a bótháinte.


15 A cuirn bhuadha chloch cceanguil,

a seóid uaisle, a hóirearruidh,

ráith an fhir ris nach gnáth geall

mar sin ar chách ní choigleann.


16 Ní choigeól ní as sia ná soin,

bead mar chách ris an cCathair,

ráth na ndeighfhear nár mhoidh móid,

ní cheileabh thoir ar Teabóid.


17 Dámadh cóir cathuir oile

dá bhfuil bhá Iath nIúghoine

do ríoghraidh mhóir Achaidh Airt

cóir an Chathair do chogailt.


18 Brugh as mó fíon as filidh,

brugh ’na chló ní cuirfidhir,

brugh sídhghreaghach na sreabh seang,

teagh fínfhleadhach na bhfithcheall.


19 Brugh as mó duas do dheóraidh,

craobh eóluis gach aineóluigh,

an brugh braitgheal séimh síthe,

aittreabh do chléir choigcríche.


20 Brugh as mó mná agus macraidh,

brugh mar fhionnbhrugh Ábhartuigh,

brugh fíonmhur ’na só gach sean,

ríoghbhrugh as cló do Chaiseal.


21 Lán do lannuibh, lán d’eachuibh,

lán an lios do lúireachaibh,

lán do chriosdal chaor mbuaidhe

an t-iosdadh saor sliosuaine.


22 Lán d’fhíon a ccuachuibh ceanguil,

lán d’armuibh ar aidhleannuibh;

lán do bhantracht bhionnbhláth bhan

an t-ardphort iongnáth uasal.


23 Lán do laochraidh lúthmhuir mhir,

lán d’ollamhnuibh as d’éigsibh;

lomlán d’iollradh craobh gcorcra

an fionnbhrugh saor somholta.


24 Teisd a maca samhla sin

tugadh lé Mac Liag Luimnigh

ar adhbhaidh móir Chinn Coradh

ré linn óil an ollamhan.


25 Brian Bórumha, bláth na sgol,

do-rinne feis Chinn Coradh -

fear méirsheang lé mbearair buaidh -

d’fhearuibh Éireann ar énuair.


26 An t-am fárbh ionchaithmhe an fhleadh

curthar le Brian, barr Gaoidheal,

fios ar shluagh Éireann uile,

sduagh mhéirsheang na macruidhe.


27 Ríoghraidh Connacht na ccolg sean

is laoich láimhdhearga Laighean,

fir riamh fá buige im bronnadh,

a dtriall chuige ad-chualamur.


28 Airdrí Uladh na dtreas dte

is rí mórdhuasach Midhe,

freagruid Brian go Ceann cCoradh,

dream do iarr a n-adhmoladh.


29 Cruinnighid an-iar ’s an-oir

go mac Cinnéidigh cobhsaidh -

slat shéimhsheang ó Bhóinn bhiligh -

slóigh Éireann ar éinshlighidh.


30 Táinig ollamh an taoibh thuaidh

gu Brian re cois an chathshluaigh,

Mac Coise agus cliar Ó gCuinn,

trian a loise ní labhruim.


31 Do bhí ollamh an taoibh theas

Mac Liag, oide na n-éigeas,

ina shuidhe a gCeann Coradh,

ceann uidhe na n-ollamhan.


32 Do suidheadh, cian bhus cumhain,

fir Éireann go hiomchubhaidh,

sluaigh mhóra fá Bhrian Banbha,

an fial cródha cathardha.


33 Tar éis a suidhighthe sin

dáiltear fíon orra ar uairibh,

dáiltear cuirm dóibh ’na dheaghaidh,

muirn an óil ar fhileadhuibh.


34 Do bhí ar aire a ttarla as-tigh

Mac Coise is Mac Liag Luimnigh;

dias dár chóir comhdháil gach cruidh,

a ccóir comhráidh do-chuaduir.


35 “A Mheic Coise, an cumhain libh

d’fhaigsin,” ar Mac Liag Luimnigh,

“teach mar a theach riamh roimhe

nó neach mar Bhrian Bóroimhe?”


36 “Do chonnaic mé,” ar Mac Coisi,

“adhbha nach í an teaghdhais-si

budh mó meadhair, budh mó ól,

budh mó a ndeabhuidh do dheaghshlógh.”


37 “Cia an fear gá bhfaca tusa -

ag éin-neach ní fhaca-sa -

teach mar an ardbhrugh bhfial bhfionn

a bhfiadh Alban nó Éireann?”


38 “Ag Maoil-Sheachluinn nár mhuidh mhionn,

an feadh fá hairdrí Éireann,

do bhí teagh mar Cheann cCoradh

nó teagh dob fhearr ordughadh.”


39 Rádh Meic Coisi ód chualuidh sin

do lonnuigh Mac Liag Luimnigh,

gurbh adhbha ghorm a ghruaidh ghlan;

tarla dorn uaidh don ollamh.


40 Ní leanabh ní as sia ná sin

Mac Coisi is Mac Liag Luimnigh,

cóir tocht tar céill a ccomhráidh,

gu n-éir olc dá n-iomarbháidh.


41 Ní cosmhail sinne mar sin

re Mac Liag, leannán Luimnigh;

an tslat ghéiggeal fhionn iodhan,

ní héidear ionn d’éilioghadh.


42 Rádh gach shein is gach fhir óig,

teisd na Cathrach teach Teabóid,

ní dá chleith ar chlár Mumhan,

a slán bheith dom brégnughadh.


43 Ní bhiadh geall ag bruidhin Briain,

ná ag Maoil-Eachluinn ó fhinnChliaigh,

neach amhra nár mhoidh a mhóid,

dá mbeath Banbha ar toil Teabóid.


44 Sgél ’s a chomhartha ré a chois

a n-abair mé ar mac Piaruis,

ní dual ar n-éilioghadh ann,

an sduagh shéimhiodhan shúlmhall.


45 Mac Coisi dá gcluineadh mé,

nó Mac Liag don leith eile,

slata do iarr gach ionadh,

ní bhiadh aca mh’éilioghadh.


46 Beirthear ar fheadh Críche Cuinn

le mac Piaruis, ua Émuinn,

breath shaor nach lé a bháidh bhearar;

ní cáir d’aon a héilioghadh.


47 Ní hiongnadh breath do bhreith lais,

do bhreathnuigh mé mac Piaruis,

sduagh oirnidhe umhal fhial,

coillbhile Mhumhan Maicniadh.


48 Ris féin as beirthe a bhuidhe,

clú air ag gach énduine,

an tsaorshlat do choill chiníl,

do thoill aonmhac Aibhilín.


49 Fear ré a mbí gach file ag feis,

dá mbeinn choidhche ag teacht taireis -

tearc neach as cneasda ’na chuing -

leath a theasda ní thiobhruinn.


50 A Eóin Bruinne bí ar mo sgél

a ló ar measda do Mhíchél,

cóir fán ttaobh thinn ós iomdha

saor sinn ó gach éindiomdha. D.A.


51 Máire Ciomhsóg, cruth faoilidh,

clú dhá bhfuair ní hionmhaoidhimh,

ní hé a-mháin a modha sin,

cáir a togha as a tréidhibh.


52 Gé meinic mholtur Máire

do réir iúil gach éndáimhe,

mó ná moladh dhi dleaghair,

do toghadh í ar airdheanaibh.


53 Maith an rogha rug gu hóg

Máire chruithfhinngheal Ciosóg;

a réidhe fá riar d’fhilidh

mian na féile foillsigheidh.


54 Dlighidh Ó Caoimh cíos a shean

d’fhagháil tar chách óm chineadh,

ó tharla ag crobhuing clann cCaoimh

rann oruinn an gach énlaoidh.