Poem in printable PDF format
Damh féin do
choigleas Oilill
[McKenna, L.:
The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 31]
Tomás Ó hUiginn
.cc.
1 Damh féin do
choigleas Oilill,
gá bhfios nach
oirchill mhaoine
ní theagbhann
cnuic ná sléibhte
dá chéile is
teagmhuid daoine.
2 Giodh táid an
t-ord dá bhfuilim,
mar do-chluinim,
dá chaitheamh,
cia a-deir nach
meisi as bhuaine?
geal gach nuaidhe
nach bhfaicthear.
3 Ní léire luas
ná moille,
fáth mo thoile
gan choimhling;
níor chuireas cúl
re a chleachtadh
ar son gur
sheachnas Oilill.
4 Dá mbeind re
críonnacht éda
damh féin ag
déanamh ciste
uaisle éirghe ná
leagadh
fo dheireadh
sheasfas mise.
5 An seanfhocal
ní fédthar
do bheith brégach
an tansa.
do-chí súil ní
nach sillionn
más fíor
grinnioll na hannsa.
6 Mac Cormnic
aigneadh aireach
- fear le
taithmheach an fhíorrath -
a beith agam ná
ceileadh;
as gnáth deireadh
ag díoghruis.
7 Ag saoithibh
dealbhtha ar n-oige
gé tá ’n-a
choigle an tráthsa
a leigean dóibh
as ionmhall
acht go
ndiongnann sealbh sásadh.
8 Más oircheas an
cion táirthear
ar dhán nó ar
áineas bhfáthrúin
dúinn ní féidir
gan dortadh
éigin nochtadh
don nádúir.
9 Oirill Ó
hEaghra ar shaoidheacht
breo re
sgaoileadh na bhfoichleas
ar gus ar
aipcheacht seanta;
dual gach ealta
mar oiltear.
10 A cceann gach
oirbheirt iomláin
tús m’iomráidh
do-bhér dósan
mar aon is sgaith
ar cceirde;
feirrde gach
maith a móradh.
11 Ar fhéile, ar
iocht, ar eangnamh,
ar rath dearbhtha
gan bhaoghal,
tuigidh Oirill an
uairse
gur buaine bladh
ná saoghal.
12 Ní beag nod do
na heolchaibh;
más deoraidh mé
coimhling;
giodh eadh
mh’annsa ní haisling
as damh féin
chaiglim Oilill.