firstLine"; ?>

622. Damhaidh duinn coir a chleirche $
Length: very long 51qq
Certainty: 1
Period:
  1. 14th mid
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. defence of poetry
Manuscripts:
  1. NLI G992 Nugent MS c. 1577
  2. Mayn. C81 O’Curry transcr. of G992 etc.
Prints:
  1. transl. Eigse xiv, 92
Tracts:
  1. Yes
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. Function of poetry
  3. Antagonism between church and poets
  4. use of legal terms
  5. citation of historical precedents
  6. craftsmen
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde (NLI G992)
Poet Surnames:
  1. MacConmidhe
Patron Christian Names:
  1. Diarmaid mac Toirdhealbhaigh mhic Thaidhg
Patron Surnames:
  1. O Briain d. 1364
Apologue Subclasses:
  1. CuChulainn maintains all poets in Ire. for year
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Damhaidh dúind cóir, a chléirche


[Brian Ó Cuív, ‘An appeal on behalf of the profession of poetry’, Éigse 14, 87-106]


Giolla Brighde Mac Con Midhe .cc.


1 Damhaidh dúind cóir, a chléirche,

bhur dtagra as tuar móirthéighthe;

sgola Éireand d’athchar as

faghthar an léigheand labhras.


2 Ní labhrand leabhar san Róimh

band íslighthe ar ar n-onóir;

an céim léighind do labhair

a nÉirind féin fuarabhair.


3 Sgrios ar gceirde as cúis sgíssi;

nír luaidh léigheann Pairísi

bang oirne dob áil do chur;

doimhne iná an cháir do-chuabhair.


4 Breath Shaltrach caoimhe Caisil

dá dtucca[m s]an tagraisin,

a aomhachdain an áil libh

a ráidh cáomhShaltair Chaisil?


5 Riar éigeas as sé an seanadh -

do-ghebham so a seinleabhar -

as léigheand leabhar mbriondach

seanadh Éireand d’aithearrach.


6 Ar gcuidne ag cleirchibh Éireand

nírbh é sin an seinléigheand;

tucc an léigheand nuasso a-nois

duasa Éireand don eaglois.


7 Do chuid féin achd gu bfhaghbha

ná luidh ar aois n-ealadhna;

mar nach áil lat luidhe ort

ná bac do dhuine a dhaonnacht.


8 A chléirigh, cidh cia mholas

dúil Íosa ní hanfhoras;

ní ar an moladh dó dleaghar,

mó as omhan ar n-éiliughadh.


9 Ciodh ná budh maith le Mac nDé

dá ndearnmáois - diadha an fínné:

ní thicc túr anmholadh as -

adhmoladh na ndúl dealbhas?


10 Maith le saoraibh sliochd a lámh

d’adhmoladh ar n-úaim dheaghclár,

ar gcur chrandghal gcaol nó chloch

nó ar n-amladh bhrugh saor seasbhach.


11 An fear dhathuigheas dheilbh gcroind

moladh dó dealbh go hálaind;

do mhíonáilligh gu léir lais

an íomháighin séimh solais.


12 An dealg óir cidh é mholtair

níamhas ceard tré chumhochdaibh

as don cheard as mó as moladh

an dealg dó do dhathughadh.


13 Duit bheanas bríodh an mholta

dhealbhthar don droing hshaodhalta;

do dhúil níor fhachain fholadh

dúinn, a Athair, t’adhmoladh.


14 Uasal an t-adhbhar molta:

táinic Día a ndeilbh hshaodhalta,

truaill hshaodhalta fá a ghnúis ngil;

cúis dhaonnachda do dháoinibh.


15 A Chríosd, ciodh fá bhúdh omhan

fear an oinigh d’adhmoladh

ón ló bhudh baodhal é d’fhior

aoradh an té nach tuillfeadh?


16 Fear nach dlighfeadh dán molta -

breath fhíre ’s as ionganta -

dócha a loghadh, a Dhé, damh,

dá molar é ná aoradh.


17 Muna dú an mhaith d[o mho]ladh

ní dú an fhéle d’ardughadh;

biaidh gach flaith robhochd, fá-ríor;

budh comholc maith as míghníomh.


18 Iongnadh nach d’iarraidh nimhe

sochroidheachd as soichlighe;

as mó as droichshlidhe suas sin

doichlighe as cruas a gcléirchibh.


19 Luchd gráidh gan ghrádh dá n-anmuin

éirgheas dona healadhnaibh;

atá an crábhadh seacha sin;

bádhadh eatha agas einigh.


20 Fada lé fíorluchd gcrábhaidh

druim re héicsi n-úaránaigh;

gníomh druim ré seinshlighthibh soin

tré chuing neimhdhlighthigh neartmhair.


21 Bang oirne ní fhédaid so

do bhreith éinleabhair aca;

cóir an ceart do leanmhuin lind

go seachd leabhraibh an léighinn.


22 An léigheand labhraid cléirigh

’s ar n-ealadha fhírchéilligh,

cé a-dera síad ind d’obadh,

dá lind iad a héntobar.


23 Filidheacht fodhlaim na suadh;

gabhlán di an éicsi fhiondfhúar -

loighe ar dhaghdhán ní deighiochd -

gabhlán oile an fhilidheachd.


24 An éicsi d’iomad a sroth

ní fédfuithear a folach;

as bas re buinde roimhear,

glas uirre níor horduigheadh.


25 Sgola Banbha do bhasccadh

nír mhol Pádraic príomhasbal;

don naomhasbal do budh náir

a naomhadsan go neamhcháir.


26 A-deir gan druim re duasaibh

Beatha Fhindéin fhíoruasail;

naoimh Éireand romhuind dá rádh

léigheand Coluim as Ciarán.


27 A chléirigh chuireas do chuing

ar chách ainfhéle d’fhoghlaim,

ar shaorchloind ’s ar mhac modhadh

nír lat aonchuing d’ordughadh.


28 Do chéidbhriseadh na cuinge

cía ar tús éirgheas againde?

Dleaghar tús an fheadhma d’fhior

a ndlús bhearna dá briseadh.


29 Gluais romhaind, bris an mbearnaidh,

a mheic thaoibhghil Thoirrdhealbhuigh,

tú an céidfhear ren cóir labhra,

fóir éigean na healadhna.


30 Déna an cédbhrondamh ré gcách;

bean don tshluagh uile a n-ursgáth;

brath do léim gach ionaidh ibh,

mionaidh féin cath ar chléirchibh.


31 Atá an éicsi a nInis Fháil

mar lind mbuig bhíos ar gabháil;

léic-si don mhóirlind a-mach,

an éicsi ghlóirbhind ghabhlach.


32 A Dhiarmaid mheic hsháoir hShadhbha,

coisccidh chíaigh na healadhna;

tuar gnáoi dod ríoghphobal réidh,

búdh dlaoi d’fhíorthobar eiséin.


33 An onóir chédna ar ar gceird

foráil-si, a bhondbháin bhéildeirg;

a n-ollaimh ar fhéin Máidhe

condaimh féin go bhforáile.


34 Nír chóra do Choin Chulaind

a gcondmháil - céim do-fhulaing -

uair nár inshiobhail an dream,

a bfhuair d’fhileadhaibh Éireand.


35 Cuairt dár díbreadh dámha Fáil

d’éis a n-uaradar d’onáir -

athchur slán dúinn ó gach droing -

go lár mhúir chathChon gCulainn.


36 Sgola chláir Éireand uaine

ó’d-chluin Cú na Craobhruaidhe,

as a n-aighthe d’éntaoibh air

fán bfhaighthi ngéagclaoin ngrianuigh,


37 “Tiagham san leirg mbraonaigh mbáin,”

ar Cú Culaind, “’na gcomhdháil

suil tí an tromdhámh san tealaigh”

- dob í an chomhdhál chairdeamhail.


38 Bearar leis don lios chupach

an dámh aigmhéil iarratach;

fa mhian Chon gcalma gCuluind

tarla an sgol dian do-fhulaing.


39 Ar gceileabhradh don chléir thruim

ar madain do Choin Chulaind

connmháil re bliadhain do-bhir

don tromdháimh chliaraigh cheirdigh.


40 Éirghis Cú Culaind calma

do chách fán aois n-ealadhna;

na dámha gan fhreagra a-rís

d’eagla a lámha do léigdís.


41 Mar do-rinde Cú Culaind

furtachd na ndámh ndo-fhulaing

caithfe a réir d’aithne in gach fhunn

nó caithfe féin a bfhulang.


42 Dá bfhaicead flaithe Banbha

tú d’fhurtacht na healadhna,

don eneachchuing ní éir fear

don fhéin gheimhealtruim Ghaoidheal,


43 Coindéabhthar cuing na bhfhileadh;

athróchthar an t-aindligheadh;

faoilidh le gach saorchloind sin

Gaoidhil fá aonchuing n-einigh.


44 Don dán, a Dhiarmuid Í Bhrían,

tú mhoisgéolus a mhóirchiaigh;

beanfa a chealtair dhíchill de,

a ghealtuir hshíthsheing hShiúire.


45 Cuairt ele uaisléochas sionn

ruccais d’fhios fhileadh nÉireann

dá bfhuile gan oilbhéim uaidh

dá gcoimhréir uile a n-éanuair.


46 Cóir don éicsi, a mheic meic Taidhg,

do chur im cheand gach énmhaircc

d’fhiodhbhaidh bhláith bhionnfhoclaigh bhuig,

iomarcaigh cáich dá gcaraid.


47 ’Mun éicsi d’fhurtachd latsa

méabhaidh agad mholatsa

don tshruithlind ghobhlánaigh ghloin

ghuithbhind thromdhámhaigh thobraidh.


48 Budh minic, a mheic Shaidhbhe,

chugat trénar gcobhair-ne

dán deaghcnuasaaigh do ghlór ghrind,

slógh d’eachdhuasuibh dá n-oirchill.


49 A Í Bhriain nár báidheadh neart,

tú thoghmaoid-ne dar dtoirreacht,

do thuair-si do thogha damh

uaisle t’fhola go hÁdhamh.


50 Ná damh ar chomhrádh gcléirigh,

a mheic Mhuiris mhóirchéilligh;

sgath ar nglóir mar ghealltair duid

fóir an dteandtaidh a dtámaid.


51 Ná damh, a Mheic calma Chon,

ceart do chléirchibh fár gcosnamh;

lámh lér lámhaibh as dleacht duid,

ceart do dhámhaibh ní dhamhaid. Damhaidh .d.c.