Poem in printable PDF format
Dána an turas
trialltar sonn
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 2]
Eoghan Ruadh Mac
an Bhaird cc.
1 Dána an turas
trialltar sonn,
fada atá ag tocht
’na thimcholl,
geall re hoighidh
an eachtra,
doiligh earr na
huaisleachta.
2 Le leathtrom
cogaidh Chráoi Fhloinn
do mealladh mac
Uí Dhomhnoill,
ag triall ré
haigneadh n-anba
i ccaidreabh
fhían n-eachtranda.
3 Dána an chúis
do chuir roimhe,
gá ttám acht tug
Rudhroighe
aighidh ar an
lucht ros ling,
lér airigh d’ulc
’na oirchill.
4 Deacair aghaidh
orra soin,
iomdha ar a
cheann cúis bhaoghail,
lucht
cruadhaighthe caingneadh réidh,
gruamaighthe
airrdhean n-aigmhéil.
5 Atáid re a ucht
a n-Áth Clíath
óig ar ar
himreadh mídhíach,
mór
ngoimhfhéchsin ré a ghnúis ngloin,
cúis roidhéisdin
a rochtoin.
6 Iomdha cúis
imnidh aca,
iomdha mairg mhná
deórata,
iomdha leacht as
a lossoin,
diongna a theacht
ón turus-soin.
7 Na róid ina
roicheadh soin
go ttrásda a
ttreallmhaibh cogaidh,
taidlidh go
síothchánna sonn
fíochnámha
aingidh eachtronn.
8 Taisbéntor sunn
seal oile
gnúis uathmhar na
hamhsoine
’na dreich
raighil sháordha sháimh,
’na haighidh
mháordha mhacáimh.
9 Gibé an tráth
sa theagmhus dó,
iomdha foireann
fuair anró,
do tháirthéghadh
a thocht sin
ag fáithléghadh
olc idir.
10 Atáid, narab
díth dhosan,
croidhe a
chomthach foghlasan
ag léim
d’orghráin na heachtra,
budh céim
d’foghbháil aigeanta.
11 Iomdha ag
uaislibh Insi Breagh,
ag mnáibh, ag
macoibh fileadh,
ré léghadh leóin
as a los,
meóir dá ttéghadh
fan turos.
12 Gidh eadh
measaid óig Eamhna,
do dhruim toice a
ttighearna,
an turussa fa
ttéigh mé,
’na chéim urusa
aige.
13 Foghla
gráineamhla an ghille
ni chuimhnigh
cath Duibhlinne,
lé fonn a
siothoighthe soin
fa fhonn
bfíochfhoirbhthe bFionntoin.
14 A ndearna
orra, as é a shuim,
maithtear do mhac
Uí Dhomhnaill,
gur thaiséntor
tocht ’na cceann,
aisécthar olc na
hÉireann.
15 Tugadh leó a
bfioch sa bformad,
ar rún ceannsa ar
cháonchomhrag,
fuath a-roile, a
rún cogaidh,
ar rún toile
tugadair.
16 Tiad gnúisi
giolladh ndorrdha
reimhe a
reachtoibh searcamhla,
meanma
goimheamhla Gall ndúr
le a bharr
soidhealbhdha ag síothlúdh.
17 Móide a
rofháilte roimhe
go bfuair síad
síodh Rudhraighe,
an gartoirear far
ghlé Conn,
nar haltoigheadh
é ag eachtronn.
18 Ón tráth fa
ttáinig ’na cceann
fear ionaidh
airdríogh Éireann,
brigh ’na
ccéimiondaibh ní chuir,
sídh Éirionnaigh
ní híarthuir.
19 Leis an
ngealladh gealltar lais,
lé humhla meic
meic Maghnais,
do reactha rún
gacha fir,
do feactha glún
gach Gáoidhil.
20 Faigsin
codhnaigh Chlann Dálaigh
i nÁth Clíath a
ccomhdhálaibh
dáil cháomhanta
do chrích Ghall,
aonshompla síth
na sáorchlann.
21 Gibé tráth tí
’na fhrithing,
mór ccúis
n-égnaigh d’oirichill
ag Rudhraighe, ga
dulc dhó?
le a lucht
furnaidhe is fado.
22 Mór ríoghan um
Ráith Logha
tarla do nós
Nualadha
fan ccéim
do-chluinsi ’na ceann
a bpéin tuirsi
’na timcheall.
23 Fuaras lé a
los a shiobhail,
ó’s doilghe na
déidhionaigh,
nach smuain an
t-imneadh oile
fuair inghean ar
nAodhaine.