firstLine"; ?>

624. Daoine saora siol Colla $
Length: very long 57qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. RIA90 (24/P/12) O Clerigh school 17th c
  3. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  4. RIA no 5 (23/D/4) 17th c. Munster
  5. NLS Adv. 72/1/44 17th c.
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 9
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. qualities of patron’s character
  3. nobility of patron’s ancestry
  4. imagery for kingship
  5. king’s officers
  6. tribute (cios, cain)
  7. Hostages
  8. Submission, tuarastal, coimirce
  9. use of legal terms
  10. coinnmheadh (guesting, billetting)
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. CuChonnacht mac ConConnacht
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1589
Apologue Subclasses:
  1. The privileges of Siol gColla
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Daoine saora síol gColla


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 9]


1 Daoine saora síol gColla,

onchoin leasa Liathdroma;

doimh na ríghealbha ó ráth Chuinn,

bláth na fíneamhna a Fréamhuinn.


2 Manannáin iarthair Eórpa,

síol glan i gcriaidh chineólta;

laoich mhéarchorra ó mhallBhóinn Bhreagh,

féathlonna glanshlóigh Gaoidheal.


3 Foireann chalaidh Chláir na bhFionn,

clann Israhél na hÉirionn;

beag dtarbha righe re a rath

gabhla Thi­ghe na Teamhrach.


4 Crithre bruithne a beól cheardcha,

tonna doimhne díleanta;

roibheithre catha do chor,

clacha toinighthe an talmhon.


5 Geine sochair sluaigh Bhanbha,

dreagain lonna lasamhna;

tearc ann ionntamhail na bhfear

d’iompadhaibh Ghall nó Ghaoidheal.


6 Ní chualamar reampa riamh,

clann Cholla a críochaibh Oirghiall,

clann ’na n-aghaidh budh ionchuir,

nó a samhail ann d’Éirionnchuibh.


7 Ní fríoth, ní fuighthear go bráth -

gá dás bheith orra ag iomráth?

na daghUlaidh ó Bhóinn Bhreagh

baramhail dóibh fa dheireadh.


8 Ní fhuil d’éinsgéal orra soin,

síol gColla, cinéal Eachoidh,

acht sealbh Éireann díobh do dhol,

do bhríogh céimeann na gcuradh.


9 Do léigsead díobh dá ndeóin féin

síol uaibhreach Eachaidh Doimléin

ríoghacht mhoighe fochnaigh Fáil

ar shochraibh oile d’fhagháil.


10 Atá riamh ó ré na sean

sochair nach éidir d’áireamh

ag trí hOirghiallaibh fhóid Bhreagh

- tar cóig goirmfhiadhaibh Gaoidheal.


11 Le rígh Oirghiall, ’sní hé amháin,

guala ríogh Éireann d’fhaghbháil,

measa leam é dá hiarraidh -

an té dob fhearr d’Oirghiallaibh.


12 Feadh a chuilg ’sa chruibh leabhair

uaidh síos gusna saoirfhearaibh,

ag rígh dhaoineach clann gColla,

’sgan aoinneach ann eatorra.


13 Trian eineaclainn, trian tabhaigh,

trian cána Chláir Fhearadhaigh,

re a roinn eatorra don fhior,

do chloinn deaghColla dlighthior.


14 Dlighthear dhóibhséin - dia do mhodh -

ó thá samhain go samhrodh

ar chlár Theathbha ó thoigh go teagh

a n-eachra a gcoin do choinnmheadh.


15 Rí Teamhrach an treas bliadhain

ní fhuil aige ar Oirghiallaibh -

’sdá luaidheadh é ní fhuigheadh -

acht sluaigheadh sé seachtmhuineadh.


16 Giodh sin féin d’fhiachaibh orra -

síol ríoghamhail réadhCholla -

ní chuir fear ceangail a gcuir

ar feadh earraigh nó fhoghmhuir.


17 An crodh théid ó dhuine dhíobh

ó thig sé ar sluagh an airdríogh,

bídh d’eacht ar flaithbhile Fáil

a sheacht n-aithghine d’fha­gháil.


18 Bó ar fhichid do gach aoinfhear

ó rígh fhosaidh fhionnGhaoidheal

ón tsluaighsin ag triall dá dtoigh

riar do uaisligh ó hEachoidh.


­19 Tríocha colg - ní comha bheag -

tríocha brat, deich n-eich fhichead,

tríocha géirreann sídh iar soin,

ó rígh Éireann d’ó Eachaidh.


­20 Tar crois airdríogh Inse Fáil

dlighidh ciontaigh do chongbháil

ríoghraidh chiallaidh Chláir Eithne

bliadhain tar cáir gcoimeirche.


21 Dá gcuirthi coirthe ’na gceann

is eadh bhíos d’airdrígh Éireann

luighe an chiontaigh in gach coir

do chiontaibh fhuile hEachoidh.


22 Adeirid eólaigh fhóid Bhreagh

nách fuil ag rígh Guirt Ghaoidheal

d’anáir acht géill ar ghiallaibh

d’fhagháil ón fhéin Oirghiallaigh.


23 Síol gColla na gcolg slisgheal -

dlighthear bhós dá mbráighdibhsean

bheith ag crúdh chomhairle cáigh

rún a n-orfhuighle d’fhagháil.


24 Gan bhais dtana, gan tracht mbuinn

i slabhradh nó i n-idh iaruinn;

gan chneas bhfir i gcarcair chlach

don mhacraidh ó thigh Teamhrach.


25 Ní dleaghar iarnach orra,

bráighde sleachta saorCholla,

acht bheith fa réir do chead cháigh,

ní beag a ngéill do ghabháil.


26 Earradh flatha leis gach bhfear

ó rígh Theamhrach ag tilleadh

le hOirghiallaibh na bhfleadh bhfionn

tar troimghiallaibh fhear nÉirionn.


27 Ór dhóibh ar dhornchlaibh a lann,

ór ar chiomhsaibh a gcathbharr;

bráighde an tslóigh ó bhraonráith Bhreagh -

do chaolshnáith óir a n-eirreadh.


28 Oirghialla is uime adearair

riú do ghnáth tar Gaoidhealaibh

ór corcra is glais dá ngiallaibh

ag tochta ar ais d’Oirghiallaibh.


29 Ní bhí leó a urdail acht d’ór,

ó rígh Éireann ag iompódh,

cinn a bhfagha, suaine a sleagh,

nó truaille tana a dtroigheadh.


30 Le síol gColla na gcorn sliom

coimhéirghe ó fhearaibh Éireann -

laoich ren soidhéinmhe síodh ban -

coimhéirghe dhíobh ní dleaghar.


31 Gan chor láimhe i labhar óir -

ó rígh Éireann uair d’onóir -

ní niamhthar bhós bas ná bonn

ar tós as nó go n-ionnlonn.


32 Ní dual thrá i dTeamhraigh na ngiall

ionnladh re n-airdrígh Oirghiall,

nó cor fir oile i n-adhbhaidh

roimhe a dtigh an tionnabhraidh.


33 Ní dhlighfeadh airdrí fhuinn Bhreagh

suidhe go suidheadh seisean,

ná éirghe ó fhindigh don fhior

míl­idh Éirne go n-éirghiodh.


34 Trian Uladh, oilltrian Connacht,

do réir mar tá an tórannacht,

do chuid ronna ó ríoghaibh Fáil

ag fíonfhuil Cholla i gcéadáir.


35 Éirne is Fionn, Bóinn is Banna,

’sgach tír dá dtá eatorra -

fuinn chnódhonna i ngealann grian -

tóranna d’fhearann Oirghiall.


36 Tairnig sochair síol gColla;

ní chuimhnigh cath Liathdroma

ní dá bhfuil uathaibh re headh

amuigh ar Thuathaibh Tailtean.


37 Dá madh ionnus é d’iarraidh,

ní iarraid na hOirghiallaigh

na fiacha do dligheadh dáibh

ó chineadh Fhiacha d’fhaghbháil.


38 Ní díoth cumhacht ná cuimhne

atá ar macraidh Mhodhuirne,

sochair géag mbarrghlan mBanbha, -

créad adhbhar a n-anamhna?


39 Iomdha a gcliaithbhearna catha,

iomdha a n-adhbhair ardflatha,

sluagh mór míonmhuighe Maighean -

lór líonmhuire a laochraidheadh.


40 Gan iad féin le a chéile ag cor -

adéarthaoi gurb é is adhbhor

do thrí sluaghaibh Cláir Chodhail

a gcáir uadhaibh d’anomhain.


41 Maith an fáth do theacht re a dtreóir,

síol Eachach déadla Doimleóin -

síol gColla ’na dtrí treanaibh

rí orra ar gach éinfheadhain.


42 Rí ar shíol Mathghamhna ó Mhuigh Rath

rí ar shíol Maine mheic Eachach

rí ar Mhanchachaibh na bhfeadh bhfiar

do ghlanchathaibh fhear nOirghiall.


43 Éagóir atáid na trí rígh

ar shíol gColla, is cúis dimbrígh;

bheith ar sgáth n-aonduine is fhearr

d’aoghuire ag cách go coitcheann.


44 Maith do ghéabhdaois clann Cholla,

’na dtrí cathaibh cudroma -

fian tolcha braonuighe Breagh -

aonduine ortha d’oirdneadh.


45 Dúthaigh dhíleas chlann gColla -

tugaid na trí ríodhronga

ríghe an chláir ghoirmghrianaigh gil

ar láimh Oirghiallaigh éigin.


46 Créad nách creidid clann Eachach

do rígh cródha cheirtbhreathach,

nách biadh céim d’iomarcaidh air

ag fréimh iongantaigh Fhiachaidh.


47 Trí saorchatha síol gColla

toghaid éinrígh eatorra,

do réir ghaoise agus ghliocais,

do réir aoise is oirdhriocais.


48 Gá dás dóibh gan dol ’na ucht -

Cú Chonnacht mhac Con Chonnacht?

géag shaoracla Thighe an Trír

bile caomhanta a chiníl.


49 Aonmhaor tabhaigh na dtrí gcath

rí firéanta Fear Manach;

troigh mhálla acht ag rochtain reann,

námha d’olcaibh na hÉireann.


50 Cú Chonnacht Óg Mhág Uidhir

sgiath fhosgaidh dá fhoghluidhibh,

sinsear síol gColla Dá Chríoch

orra a síodh, orra a n-eisíoth.


51 Éinlíog lóghmhar Leithe Cuinn,

eighre Duinn mhóir mheic Domhnuill;

fear nár mheall duille an domhain,

buime is fhearr don ealodhain.


52 Comhairleach cogaidh chláir Bhreagh,

ceann síothchána sluaigh Gaoidheal;

rí is fhéithle ag finnfhearaibh Fáil,

cinneamhain bréithre Bearcháin.


53 Bhar dtrí catha, ucht re hucht,

teagaid i ndáil Chon Chonnacht;

slóigh mhóra mhaicne hEachach,

aicme cródha ceirtbhreathach.


54 Is í is meanma ag mac Siobhán,

ar dteacht na dtrí ríthionál,

dol do choimhfhéaghain Chláir Néill,

foighéanaidh dáibh is doiséin.


55 Mac Con Chonnacht mheic mheic Briain

aitheónaidh fear a finnChliaigh

’na cheinnbhile os cionn bhur gcath,

a dheirbhfine fhionn Eachach.


56 Ó thus go deireadh domhain

ní fhuighthi, ní fhuarabhair

rí is fhlathamhla iná an rí riamh,

a thrí hathardha Oirghiall.


57 Mac Siobhán is Con Chonnacht -

cia an rí is có­ir ’na chonchlannacht?

rún rér dheiligh a dhocra,

glún deiridh na daonnachda.