firstLine"; ?>

625. Daor ceannuighthear clu gaisgeadh $
Length: long 37qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult.
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G348 S. O Fearghail 1895
  2. Harvard O’Byrne MS 1726 from 1622 ex
  3. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no. 25
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. patron’s irresistible attractions for women
  3. Material rewards for poetry
  4. patron’s liberality to poets
  5. Patron’s prowess in battle
  6. cattle-raiding (creach)
  7. war with the Foreigners
  8. fertility in reign of just prince
Poet Christian Names:
  1. Fearghal mac Lughaidh Harvard O’Byrne Ms
Poet Surnames:
  1. MacEochadha
Patron Christian Names:
  1. Fiachaidh mac Aodha mhic Sheaain
Patron Surnames:
  1. O Broin
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Daor ceannuighthear clú gaisgeadh


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 25]


Fearghal mhac Lughaidh Mhic Eochadha .cc.


1 Daor ceannuighthear clú gaisgeadh;

mór ngrian a ttreas tomhaistear;

tearc ar chlú gaisgidh ’na ghar,

an chlú a n-aisgidh ní aghar.

2 Daor ceannchar an clú do-gheibh

mac Aodha is oirdhearc n-áireimh;

do-rinne an gleódh rian reimhe

fá sheól gliadh dá ghuailleidhe.

3 Tar éis fhaghla na n-oirior,

daingion so nár sáruigheadh;

fál nuaishleagh fá fhiodh do fhigh,

cion na buaileadh ní beirthir.

4 A ndeóidh Fhiachaidh an airm chuirr

mar gluaistear leó líon comhloinn,

rochtain cuain do chrú Cobhthaigh,

ag buain clú do chonnorthaibh.

5 A ndíol a mbí d’adhbhar air

ní anann adhbhar Fiachaidh;

fríoth a lógh do chomhthaibh cáigh

ór ar dornchlaibh nách díoghbháil.

6 Laoich cleachtus comhall a gcor

fá Fhiachaidh na n-écht námhad;

téid scola am réir a-roile,

a gcora ar fhéin Almhoine.

7 Fada bhíd gan tocht dá ttoigh,

táin féinneadh nách trom ttathoimh;

feadh a dénmha dod dhamhraidh,

a ttérma ar teagh ttionnabhraidh.

8 Sgiatha dín, a dhreach fhaoilidh,

fríoth leis uaibh dot iolmhaoinibh;

díon ar dhonnadh do ghruaidh ghil

do-chuaidh d’ollamh dot fháinnibh.

9 Ar ndáil gach aoinneith eile

d’ua Seaáin, searc maighdine,

do dhiúlt cáinte an omna air,

comhdha dáilte ’na dhéraibh.

10 Rugsad breith ar bhronnadh cáigh,

dénamh ort, a ua Seaáin;

má théid scol don chonair cor,

ní do dhol toraibh tiaghor.

11 Sé as omhan orra soin

nách fuighid a bhfeidhm d’fhéchain;

ní éir tóir acht tóir fhileadh

dot fhéin am chóir gcoillidheadh.

12 Seachnaid cách a mbeirn bhaoghluigh

tú, a Fhiacha an airm rionnfhaobhruigh

ní fear don chonair do-cháidh

do-gheabh toraibh san teagmháil.

13 Leigthior leat ’na chion an crodh;

ní hí an fhoghail nách íocthar;

caitior cluain each na bhfileadh

le buaidh creach do choillidheadh.

14 Do bharr ar in mbrón oile

ag caoi fhola h’eólchaire,

ag caoi h’écht cé do bhí bean,

do chrécht do bhí dá buaidhreadh.

15 A mheic Aodha an aignidh mhir,

ní théid h’áladh a n-aisgidh;

dod ghoin an tann fá tteagar

ní fhoil ann acht airleagadh.

16 Anaidh gach ógbhaidh eile

ré féil foghla dh’áiridhe;

deacair sin is liobhra an laoi,

bhar ndiomdha libh dá leantaoi.

17 Gabhthar leó don chonair cor,

ní hí an eagla gan adhbhor;

anfuidh cnuas croinn na sligheadh

thuas ó chloinn do choillidheadh.

18 Tar éis chean do chur romhuibh

cách locach fád leanamhain;

gé déradh gurab dóigh sibh,

tóir lét fhéghadh ní fhuirigh.

19 Gealladh oruibh, a fholt fhann,

nach fada fuair a chomhall;

do gheall tú an crodh do choimhdhe;

do bhlogh do chlú an chomhairghe.

20 Cúirte Danar ar díoth cruidh,

ní hé amháin uaibh a n-easbhaidh;

mar chraoibh ar gcor a toraidh

tor ar a thaoibh tugabhair.

21 Duit, a Fhiacha an airm leabhair,

do bhí a chlódh a gcinneamhain;

fada buaidh n-iomaidh ar fhear

go buain iomaibh san éigean.

22 Sleagh dot omnuibh fá n-uair sibh

gleó athaigh a n-uaimh éigin,

bláth croinn ós coill a fhoghadh;

ní gnáth coill fá chomhthoradh.

23 Tugthar h’inntleacht, a ghnúis ghlan,

d’iarruidh troda a ttír biodhbhadh;

do shúil lé héirghe ar t’fhaluidh,

éimhdhe lúidh dá leanamhain.

24 Cabhair gliadh gairm a anma,

mac Aodha an airm iolardha;

léigthear cion fá ttarla tóir

d’fhior a anma ’na onóir.

24 Ná maoidheadh tír a dhíoth dí,

tig cabhair le clódh síne;

cuiridh turbhadh adhnadh air,

cungnamh faghladh san bhfearthain.

25 Sé ó Fhiacha a ndíoth daoine,

beag dá mbiadh air d’égcaoine,

bean dá fhaire munar an,

gan fhear a mbaile biodhbhadh.

26 Raghnalluigh na gcrann gcorcra,

fríoth leó luach a ndúsachta;

a bhfuil díobh ar dhíoth codail,

bíoth a ndíol a ndearnodair.

27 Líon gliadh nach cuirthear fá chuing

timchiol Fhiachaidh d’fhuil Raghnuill;

ná maoidh crodh ag faghluidh fós,

ní scor d’fhaghluibh a iomthós.

28 Iomdha fáidh ’na fochair soin

atá ag tuar anma d’Fhiachaidh;

cuirfidh muir a ttráigh toirthe

ó [a] bhfuil ’na dháigh dearluighthe.

29 Fríoth umhla ar uathadh feadhna

lé damh ré na ríghealbha;

fuilngidh dáibh iomarcuidh air

d’fhionnachtain cáigh a gcliathaibh.

30 A gcrích Gall ní gluaistior cion,

mac Aodha, nách air líthior;

do-níd cách fhaghla ar-oile

ar scáth fhaghla í Iúghaine.

31 Ní thig liaigh d’fhios a n-othar

ar son cneadh do chneasughadh,

luibh gach aoinchneidhe ag bróin bhan

dá saoilfeidhe ar fhóir Almhan.

32 Ní fhuil ’ga bhfoghuil féil scuir,

a mbí a ttreas timchiol Fiachaidh;

righin bhfoghla fuil Chonla,

tuir gan chomhla a comhardha.

33 Sínid teasda a bhfialbhan féin

ré clú na ndeighfhear nduaisréidh;

seóid uathaibh le dáimh ag dul,

do mhnáibh ó tTuathail tárthar.

34 Ní thuillfe Róis béim dá mbladh,

clann Tuathail na tteasd líonmhar;

ní lé cradh mná gan mharthoin

an bhladh a-tá ar Thuathalchoibh.

35 A clú ar tús go scaoilfeadh scol

dá mnáibh iomthnúith ní hiongnadh;

tús molta ag gach mnaoi daighfhir,

a gnaoi rompa reacfoidhir.

36 Ní bhean díobh comhdháil a cruidh

seóid Róise an uair nách iarthair,

an scol gan riar ní ragha

ar son go n-iar asgadha.

37 Lámh úr do chinn ar chríochuibh,

a lúdh in gach feidhm féchaidh;

lámh nách cruaidh acht a gcliathuibh,

lámh Fhiachaidh fuair a féchain.