firstLine"; ?>

630. Deacair comhaireamh a chreach $
Length: very long 105qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA645(24/B/27) Ios. O Longain 1848-50
Prints:
  1. transl. de hOir, N. Munst. Stud. ed. E. Rynne, 507
Motifs:
  1. caithreim
  2. harrying
  3. plundering
Patron Christian Names:
  1. Donnchadh mac Taidhg [Ruaidh] & mac Oileain
Patron Surnames:
  1. O Ceallachain d. 1578
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Deacair comhaireamh a chreach

[RIA 645 (24/B/27), 266]

[An English translation of the poem is written on the facing leaves of the MS]

[Deibhidhe, Dán Díreach]

Blogh do Chaithréim Donnchaidh meic Ta[i]dhg Ruaidh [Uí Cheallacháin] annso síos


1 Deac(h)air comhaireamh a chreach

O Ceallachán céimairmheach

a-ta róin ríomh a shiubhal

gníomh as coir do chuimhniúghadh.

2 D’iomad a chreach os a chenn

ni cosmhuil uile a n-áireamh

dul ’na seilbh do dhénamh dhamh

feidhm ’na dheghaidh is docar.

3 Níor ghar a n-aireamh uile

creacha Coise Carrthuighe

mor mbo gan cheilt ’na chreachaibh

da mbreith do ó Dheiseachaibh.

4 Do chuir Muigh Dile air dith cruidh

(i)’s Oilen Muireoige ar mad(h)uin

Ard Ferta do airg go sal

ón Aird Creachta go Casan.

5 Do creachadh leis léna mhór

Coill na Tuirech le a thrómshlógh

Sron Chaillige do chreach sin

maille re a chreich do [chosain?]

6 Béal Átha an Cháolaigh do chreach

Coirce an(n) Bhuidhe cuaird airmheach

berta Dhonnchaidh as diobh sin

gach gniomh ordhreic do arduig[h].

7 Baile Í Baoi gan chródh do chuir

do chreach Caislean an Grásuig

Ros Meic Eoghain do airg thiar

gan bheóguin do airg Aird[...].

8 Sluagh meic Oilen is ard blagh

tar Siuir soir mar do-chuadar

laoich fan gcradh nar dhrodh dannair

mar lámh toir a tto[......].

9 Cill Teighnein do loiscidh leis [268]

gniomh is mor é re aithris

sí a bhfoilmhe mar chách do chuir

Rath ó nGuibhne do dhíthigh.

10 Go Sliabh na mBan bFhionn do ar ndul

sluagh Donncha[i]dh dána an siubal

o dhruing mur do chreach gach cuan

creach a gach druag[.......].

11 Creach mhor o Lios Rúanach rug

ní cosmhuil damh a dhearmad

Cill Forghlan gan chrodh do chuir

comlom da gcur le chreachaibh.

12 Cairgin na Serrach mar s[o]in

Domhnach Mór uaidh gan aonbhuin [leg. -bhoin]

creacha bó ar a bre[i]th do chuir

da mbreith do ó na Dumchuibh.

13 Tar éis creachta críche Gall

’na gcró catha ’na thimcheall

cáor shluagh o Eallaimh do oil

go n-eanguibh sróill re slóghaibh.

14 Coill na Manach ga mo blagh

Magh Caisil do chreach Donnchadh

is Tuath Rois an uair eile

re chois ua[i]dh go n-arg[...].

15 Crodh Cuanach ’na cheann do chuir

d’eis an Aghasdar d’arguin

creacha Oireacht uair mur sin

le roinneart uadh da n-arguin(n).

16 Drom Caoin ’na labánach leis

Drom Bainne biaidh da aithreis

Ráth an Bharraigh is dá bhlagh

sgáth re nGallaib ui g[.....].

17 Creach Lesa Laoich do (do) dhénamh

is creach Chróich an Phuirséaluigh

(i)s Dún Déide re sal mur so

ní rad breige na mbath[....] [leg. na briathra?].

18 Cos Mhaoil Chéirde as deimhin do

do chreach agus Cloch Gleannó

Ceann Sáile do chreach ’san chéim

taille na gcreach a chathreim.

19 Gleann Corbraidhe do chreach [sin] [270]

ó ttug mór chreach air maidin

tug ó Thuínn Chlíodhna do chródh

gan bhuing diomda do Dhonnchadh.

20 Le truime a chreach fa cheim lan

do bhí a mBealach na gCrosán

go midin [leg. madan?] gidh eadh do an

gan tegh (?) tar bagur biodhbhadh.

21 O Dhun Úrlann taobh re tuinn

do chreach sé síos go Sionuinn

sliocht a fhoghla ó muir go muir

comhla do chuir re creach[aibh?].

22 O Ceallachain na gcolg sean

clann Uilliam leis do lingedh

ní thug síodh ’na ághaidh uaidh

crioch gur aghain an athuair.

23 Ar foslongport faoi do chuir

d’éis na gcreach dho do dhénamh

agaidh a gcathir Chinn Lis

linn is fachain da aithris.

24 Musgraidhe Cuirc do chreach soin

tar eis Eatharlach d’foghail

sith gan uaim ana aghaidh

a bfhrith uaidh ’na n-easbudhaidh [leg. -aibh?].

25 SeanRathan [i]san tír thoir

is I(o)bh Faigthe uadh d’argoin

da mbeth [word missing] ar a fheaguin

do chreach Baile an Bhisdéluid[h].

26 Baile an tseanChaislean roim righ

do chreach-sin da Choill Mabín

Coill Clúana do chreach mur sin

a-steach uadha do fholmhuigh.

27 Mar cuis diomdha ar Dhonnchadh sin

tri creacha Cairge an Unnraidh

Cluain Dallain ’na ccenn do chuir

is Ceall Ghallain uadh d’arguin.

28 Ní bfhuill aonbhaile as derbh dhuinn

náchair chreach do chloinn Ghibúinn

ní beag liom a ndaileamh dhe

ní bhem da n-áireamh [uile?].

29 Baile Meic Patraig (ro) thoisg the [272]

ar gcreachad[h] Cathrach Druinge

Magh Chroine do chreach gan bhoin

gár chóire creach da chreachaibh.

30 Dun Guillen gan chrodh do chuir

Baile Í Ghlaisin le a ghasra[idh]

sliocht a fhóghla ar fedh an fhuinn

tarla gur leam[.......... ...].

31 Baile ideir da Abhainn

creacha mionca ar mhionMhanainn

an Chloch Liaith do lomadh leis

as orrad d[....................].

32 [...ig] ó cheann go ceann

do chreach-san mor chuaird aithghéarr

sul fríth ám ar fhaire a gceann

g[..............................].

33 [..... ... ] creach marr sin

do chreachag leis Lis Fingin

da sgéaluibh a mbeth gan bhoin

sa nd[...............................].

34 Do airg sé ní dheachaidh de

Caimthir is Cois Bhríde

mac Thaidhg an gach tír ale

díobh gur airg gach aonbhaile.

35 An Seangharrdha fa toisg the

do chreach agus an Churr Bheithe

Insi Í Chuin[n] do chreach (mar) sin

da leath an fhuin[n] gur fhásaigh.

36 Creach do Chorca Bhig do bhean

Ath Fhada uadh(a) do hairgeadh

Át[h] an Chairn do chreach ’na cheann

ní creach gan ainm da n-áireamh.

37 [...] gcreacha do dheanamh do

Cúil Ceap is Caithir Móna

sliocht a rúin orra do an

Cúil Ó gCorra do chreachadh.

38 [Cill] Chua do chreach mar sin

Cill Uachtair Muighe air maidin

Ceall Tulach do budh tuar cruidh

go romhuch uadh dá hárguin.

39 Nior chumhdach da gcreachaibh sin [274]

ar ndul dóibh fa Dhruim Finghin

le tóir do cailleadh a gcrodh

dóibh níor dhaingen air Dhonnchadh.

40 Do loisg Donnchadh ní dal sguir

Baile na Marta ar maidin

do-chua[i]dh go moch da mu(a)sgladh

an Chloch fuair a forlosgadh.

41 Do-rine se siubhail te

foslongphort feadh dha oidhche

a nDrom Fhada is ann do shuig

adhbhar aga ara fhoghluibh.

42 [...]isdigh Ó bhFearghusa faoi

do chreach-sin d’foghail aonláoi

mná fer ag bual a mbasa

ar sluagh feadh O bhFergusa.

43 AoibhMagh Coille le cheile

do chreach ger chúis aithmhéile

níor cosmhuil cur ’na chuinne

dul fo horsuin nEochuille.

44 Oighre oiléan na dtreas dte

do chreach Ciarruídhe Chorcuídhes

s(h)luagh sin fa tréan a dtrodaibh

le sén da dtigh tangadar.

45 Ro dhíthigh Donncadh ma(i)r sin

Baile Mhudain ar madin

bith aige a n-aghaidh a chen(n)

fada a fhoghail da haireamh.

46 Do crech Oilean Innsi Duines

tug leis líon a láochra[i]dh[e]

easbadh do-choidh ar a gcrodh

mur do chreach-sin [leg. -san] brúaigh Bhanndon.

47 [Crio]c Clairin do chreach go muir

Cill Tinche is é do fholmhaigh

a fhioch mur do aghain air

c[rí]och gan fhaghail níor fhágaibh.

48 Creach mhor don mhuintir do bhean

Inis Chaoin do chreach se[i]se[a]n

an bhean dubh do chuir gan chrodh

ní bhfuil ar ndul do Dhonchadh.

49 Cineal Aodha nirbh fáth sguir [276]

Cineil mBéice uile d’arguin

Gleann an Cruim do chreach mur sin

ar mbuing da chreach do Chorcadh.

50 O Ceallachain na dtreas dte

a dtimchill chreach Ó gCairbre

bro laoch fá dána(dh) a ndeabhaidh

gaoth ágha ’na n-eitheduibh.

51 [F]earrna na soitheach mur sin

sluagh mic Oilein do fholmhaigh

tárla mor n-edala ann

slogh nar eadána a n-aonbhall.

52 [Ra]itír Í Chearbhuil do creach

ar n-arguin Insi Geimleach

nior bheith gan bhearnadh da gcródh

mur chreith [leg. chreich?] Bhernadh na mBráthar.

53 [Ra]th O gCiabhadh do airg ann

creach throm ó Thuaith na nDroman

I(o)bh Laoghaire biodh ’na bla[i]dh

díobh gach aonbaile d’arguin.

54 [A]g ro creach on Chaislen Mhor

mac rí fa truime tinol

riom cean(n) do chuir ar mh’aire

ar bhen(n) do Mhuigh Mhuisgruidhe.

55 Glean Fleisge do bheir gan bhoin

Musgraidhe Luachra leis d’argoins

an Ghabháil Cham do chrech sin

do bharr na gcreach do chruin[n]ig[h].

56 ...[e] n-áireamh ní anfadh mé

m(h)einic do chreach Cois Mháighe

creach do gach baile do bhen

da mbedh mh’aire ar a n-aireamh.

57 [...] dobharchon diothmhar dhe

is Cois Chalaidh na Feirse

a bhreith ar bhúaibh ’ga bhfághail

do chreach ua[i]dh(a) go hursanuibh.

58 [ ...] cuirinidhe do chreach sin

Ceall Anntighearna do fhalmhaighs

creach Enaigh ’na gceann do chuir

do-bherair geall da ngniomhuibh.

59 [ ...] an Dísirt ar ndul do [278]

mur chreachaibh Cuala is Ochto

mac Oilean a n-uair na gcean(n)

an t-oiléan úadh do hargeadh.

60 [ ...] da n-áireamh uile

creacha criche Chiarruidhe

an chríoch do chuir as a cruth

a bhfuil da dtíth [leg. dhíoth?] re Donncadh.

61 [Ris]derd Paeir buan a bhladh

is maith f[h]uair é re marbhadh

do bhí do chonfadh áigh air

nar doigh Doncha(i)dh ’na deaghaidh.

62 [ ...] Urmhumhan árd an sdair

mur chách ní mór nar maidhmadh

do ghaibh sé siobhal roimhe

is é a n-ionnad iargoile.

63 [ ...] Briain is da blagh

do chuir seisean ar siubhal

síol mBria[i]n re haoinfhear níor fhan

do maoidhedh ’na ndiaig Donnchadh.

64 A-ttuaig iona ruaigh dhes

a mBealach Osbéid uaithne

fríth le toir fa cheann a gcruigh

gurbh fearr dóibh [.........].

65 [..............................]

ruag ar Mhuiris mac Tomáis

sgeal gan cheilt is daoire dhoibh

eich is daoine na nd[.........].

66 [..................... ...] glas

an t-iarla is é ’na Shemus

le neart sluagh do lathair leis

a-táthar ua[.............. ...].

67 Cródh Mhusgraídhe beg da bhlágh

do b(h)eanadh dhe le Donnchadh

beim san gcrodh gur doilghe dho

ar mbreith ar oighre an iarla.

68 Magh Dhonnchaidh dá n-airmhinn air

sgéal ordhraic é fan [....... ...]

cuid dá bhlagh é í(o)s da fhalaigh

do gha(i)bh se [...................].

69 Magh Carrthaigh Mór ga mo blagh [280]

cuid da chlú a chur ar siobh[al]

a eich i(o)san deabhaidh dhe

beanaidh ar mbreith a bhuaidhe.

70 Ocht n-eich deag do dhiogras sguir

do bhean do mhac meic Dhonnchaidh

ní mór nar maidhmadh se sin

’sgan é dana[................... ...].

71 Eogan mac Taidhg b(h)eag da bhuaidh

do mhairbh a measg a mhorshlua[i]gh

re trean orthaibh san ionad

sen Donnchaidh da de[imhnioghadh?].

72 Do bhí a mbun Bhaile an Cholaigh

le a shluag siubh(a)lach seanamhail

Ó Caoimh airna bhreith a mbroid

gur sgaoil ó bhe[i]th ’na bhra[gha]id(h)

73 Sean Ciarraidhech cuid da sdair

a ghabhail de ní dheachaidh

marbhadh a bhuighne as bert áigh

ní terc cuimhne ara chonmháil.

74 Brugh Mheic an Chaim do chreach sin

Ceall Lúirighe Lios Tuathail

ní rachadh acht sluagh mur sin

fan Achadh Mór ar maiden [leg. -in].

75 Baile Í Chaolaigh a c(h)rodh do chuirs

Learg Ó tTorna do dhíthigha

do-níd a sgar síthe ar siúbhals

cródh críche do chruinniughadh.

76 Tug Ceall Fhiachna a n-easbaidh cruidh

Ceall Fhloinn is é do fhásaigh

beart fa-dera damhna guil

Garrdha an Fhedha do fholmhuigh.

77 Crodh Dubhátha an lá-sin leis

(i)s ocht n-eich deg ó mhac Muiris

tug sé a n-ionnad d’foghails

gurb é an siobhal séanamhail.

78 O Fhiannaid ar an dtaobh thiar

go Dubhath do airg d’áonrian

meraidh go brath ana bhlaith [leg. bhladh?]

fa[th] a deana[i]mh do Dhonnchadh.

79 Ath Te agus Senbhoith mar sin [282]

do chreach is Cnoc an Iubhair

líon cen do-choigh fa oireacht

nar bhean toir ’sa dtoraídheacht.

80 An Choill Mhor m(h)einic do chreach

ní bhiam uirthe go háirmeach

iomad a mbuair dha mbreith leis

gach uair mur chreith [leg. chreich?] ón Chl[...].

81 Rug Donnchadh mas doil[i]g dhóibh

creach ó coilltibh O Liabáin

níor lean tóir da aithle air

da aithne dhóibh ina ndeghaidh.

82 Drom Árd ’sa[n] Cheapach da chreach

Baile an Garrdha ’san Ghráinseach

brath air a mbuaibh mur tharla

go Cluain Cath a cumarda.

83 Raith na Saor do lomadh leis

Ceall na Fioghnoige fagbhu[i]s

terc dhibh nachar chuir gan chrodh

a bfhuil don tir ’na timcheal.

84 I(o)bh Connaill mur do chreach sin

sliocht a dhithe a ndíaigh Donnchaidh

níor mhaith an doigh déanamh air

tóir da fheghuin do adhaimh.

85 Dun Cip arna creachadh dho

Caithir Easa Ath Daro

do chreach Croma mur an mBrugh

a breith orra níorbh annamh.

86 Tulach Orbhaidhe an fhóid te

Ath Níd is Buaile Bhaile

Tulach O Bhín [leg. Bhinn?] blagh gan bhéim

linn da car ana caithreim.

87 Gan aonbhaile do dhul de

gan creachadh do Chos Mháighe

tir biodhbhadh do chu[i]r gan crodh

níor sgu[i]r diomdadh do dea[namh?].

88 Creach an Duibheannain díobh so

ó Bhrugh Rígh rug trí chreacha

fa Raith Chano(i)nn do-chuaidh sin

is rolom uaidh do fhag[aibh?].

89 Mac Ríain (?) sa Dromain dos [284]

do chreach agus Cnoc Samhna

Dún Crot is buille ar a bhlagh

is Cnoc Luinge do lomadh.

90 Do creach O Ceallachain s[o]in

is Builgidin an Bhosga[i]dh

creach Aine le a gcreich do chuir

ar mbreith bháire(dh) ar a bhiodhbhaibh.

91 O Cill Mho Cheallóg do bhean

creach is córa do mháoidheamh

dar linne fa bhlagh gan bhéim

cradh na Cille ’na chaithréim.

92 [...] an Ruighleigh beag do bhlagh

do chreach is Carruig Sidthaig

mac Taidg i(o)s [gan?] aire air

Baile an Aird no gur fholmhaig.

93 [. ..] Shiurdain ’na gceann do chuir

is an t-Oispidéil d’arguin

gan luagh agha da n-easbaidh

an sluagh [................... ...].

94 Do c(h)reachadh leis-sin Loch Guir

an Conntaoi as cuid da sgéalaibh

a ndeóig a ghniomh ar Ghaillaimh

di[................................ ...].

95 [Caithir] Gobain gniomh aighs

is creach Chaisleán Ó Liatháin

Rath Chormaic do chreach mar sin

as creach ordraic [...............].

96 [...................................... ]

Cill Daighnín dó airna harguin

tóir ag ceileabhradh da [.....]

[....................................].

97 [Creach?] Thigh an tSeiscinn teas tug

creach bó is baile Bhódug

an Choill Mhór gan chrodh do chuir

nior lor gan chor ’na chárt(h)u[i]g[h].

98 [ ...t] an Bharraigh toisg the

crioch Bharrach do airg uile

[............] go mall a-muigh

gan oilean ann nar fholmhaigh.

99 Baile an Curraigh do chreach dhíobh [286]

Dun Céidil is Cill Cuirchin

creach do Léim Lára do bhean

do budh céim dána a dhéanamh.

100 Baile [na?] Cloiche as derbh dho

do loisg é a gceann a creachta

[......] thuinne as a crodh do chur

a luime ar ndul o Dhonnchadh.

101 [Ní?] cosmhuil nachar creach sin

Ceall na Mallach uair éigin

[sc]uain air a chreachaibh níor chuir

go ndeachaidh uaidh air aireamh.

102 [G]arda a gcaisleanaibh do chuir

ar comair chloinne an Bharraigh

[slu]agh Dhonncha[i]dh ann re n-aghaidh

mall orthaibh ag anamhain.

103 [Baile] an Chaisleán do chreach sin

Barraigh ann agus Roisdigh

[a shl]uagh ar ndul go dorus

gan sgur uadh le hurúghas.

104 [Creach do] Ghleannamhain gníomh aigh

mor mbó ’s do Bhaile She[a]áin

Móin Ainmne as a cródh do chur

a bfhailme ar ndul ó Dhonnchadh.

105 [Baile] Atha hUbhla mar sin

Baile an Droichid do d’arguin

[do] cuir an chreach-s[a]in re rádh

easba[i]dh cruidh ar an gComan. Crioch...