Poem in printable PDF format
Deacair comhall
don chumhaidh
[Anne O’Sullivan
and Pádraig Ó Riain, Poems on the Marcher Lords from a
sixteenth-century Tipperary manuscript, Irish Texts Society 53,
1987; no. 4]
[Elegy for Philip
Hackett or Ballysheehan]
1
Decair comhall don chumhaidh,
mór fhásas
dá hurchradhaibh;
nech dí a-réigin
nach rachadh,
ní héidir í
d’imachar.
2 Fulang m’urchra
ní héidir
gach laí ar uaigh
an Aicéidigh;
tug soin don
chraidhe cobhair
a foil d’aire ar
m’osnadhaibh.
3 Barr ar a
chumha do chur,
dúinn nírbh
fhuláir mar ollamh;
a mhoirn
dom bhreith do-beiredh,
a bheith
oirn ní airighedh.
4 D’éis a bháis
dámadh beo sinn,
marthain ’na
dhiaidh ní dhlighfind;
táebh re brón dá
mbé in cridhe,
ní lór é mar
aithrighe.
5 Adhbhar mo
dheor do dhonnadh,
tásg Filip mar
fuaramar;
dá sgélaibh mar
do sguir sinn,
do mhuidh
dar ndéraibh díghinn.
6 Mé gach
énlá ag caí chraidhe
ar uaigh
deighfhir ar n-ainme;
biaidh ar son gan
dul di,
a chumha gan dol
dín-ni.
7 D’éis
Philip ní fearrdi mé!
súil ar áeinní dá
aíbhne
ní bhí go silledh
na súl;
ní nár cinnedh do
chláechlúdh.
8 An feadh do
bhí ’na bhethaidh
tug damh muirn
tar Muimhnechaibh;
an té dá tugas mo
thoil
is é rugas do
roghain.
9 Do lín brón na
dúili de,
uisgi, talamh is
teine;
do thuig
mé ar sgaíledh a sgél
gur caínedh é
agan aiér.
10 Mac Áine nár
eitigh sgoil,
adér reis rádh
gach eolaigh;
“cobhair dom
uillind ar t’fhert
luighim oraibh i
n-áeinfhecht.
11 Tic le truime
do phudhair
toirsi ar
chách fa chédchumhaidh;
ben ar t’uaigh
gan chabhair caí
anaidh re huain
an athlaí.
12 Nír fhéd mé do
mhuin chraidhe
cosg áenlá dot
eolchaire;
do bhí ar
m’úidh bhar n-uagh d’fhéghadh
dúinn gér
thruagh in taighéradh.
13 Nír shaílidar
gasraidh Ghall
go faghthaí in
uair-sin t’élang;
truagh a’ choir a
ratháith ribh
do ghoin
d’fhagháil i n-aisgidh.
14 Craidhe tar
ais nír fhéd mé
ód
fheart-sa, a oidhre Áine;
ar súil
do-chuaidh do chobhair,
dúinn ar th’uaigh
ag anamhuin.”
15 An brón dar
sáebhadh fa sech,
narab
ingnadh le háeinnech;
ní chuirim féin é
i n-ingnadh,
mé dom chéill ar
cheilebhradh.
16 Im
chraidhe co ndechar di
méraidh a chumha
coidhchi;
“a fhir do
choisg dá chumhaidh
gan toisg ó
thigh tángabhair.”
17 Anmhuin air is
éigin damh
ó thugas, truagh
in cogadh,
neart ní
fhoil ar an éigin,
mo thoil d’fheart
an Aicéidigh.
18 D’éis a
bhaile ’na mbídh sinn,
ceol eile in uair
do-chluinim,
suirghe
rem dheoir do dhonnadh
cuimhne an cheoil
do-chualamar.
19 An
chliar do clecht ina thigh
a’ techt dá fhis
ar uainibh;
’ma techt don
sgoil d’uaigh Fhilip
a toil uaidh ní
aithrighit.
20 Guais oirn-ne
ní raibhe riamh
go
marbhadh meic mheic Uilliam;
ar ndáil
áeinfhir i ngort Ghall
Gáeidhil ag tocht
’nar tiomchall.
21 Dá
mhinca do thiucfadh dá thigh
do
mhoitheóchadh uadha ar éigin;
ar lia mo
sheise shuidhim,
cia meise ó nach
mothaighidh?
22 Mairg trén
nach tabhair dá aídh
bláth na hóigi ó
nach intaíbh;
fa-rír, ní móidi
mharas
óigi in rígh ’ga
rabhadhas.
23 Dámadh
ingnadh ní fa nimh
do
mhírbhuilibh Dé dhúiligh;
dom ingantaibh
gan é ann
is ré imarcaidh
agum.
24 Anmhuin uirre
ó nóin go nóin,
gé fuair ollamh
mar anóir,
tearc fear fuair,
ach ar éigin,
a sheal d’uaigh
in Aicéidigh.
25 Fágaid fa úir
Chaisil Chuirc,
dé
Domhnaigh, in t-óg ordhraic;
ni
dhlighidh gan déir nDomhnaigh
féil
Fhilib re ollamhnaibh.
26 ’Na linn
bhróin is-tigh fam thuinn
deora fola go
ferainn;
tic dím in dearc
dá dhonnadh
feart in rígh ’gá
robhamar.
27 Meath do
chnuas na crand toraidh
do-ní in úir
ainnamhuil(?);
bláth
Bhanbha ag dul i nduibhe
a’ cur anmha im
eolchaire.
28 Druim do chur
reisin cumhaidh
ní héidir dá
ollamhuin;
cliar gach
laí go feart Filib,
reacht na caí ní
chuimhnighid.
29 Mac Pádraigín
na peall sróill,
a bhás do
ísligh m’anóir;
rachaidh
sé ar dháerthuirsi damh;
dob é
áenchuisli mh’anman.
30 Ar chúl
do-chuaidh ar menma
ar clos táisg mo
thigherna;
treisi meisi a-né
ná a-niodh,
an té bhus treisi
tuigeadh.
31 A
bhladh ar Fhilip ós aird
’s a’ t-Iarla re
hucht Fhidhaird;
gur an ar áth in
bhaile
nír ghabh
roimh cách corraighe.
32 Baile na
Cloichi, is céim áigh,
do losgadh, le
géig nGabhráin;
tic maídhemh a
dhíth damh-sa,
sgaíledh dá
fhích oram-sa.
33 Rug Pilip re
techt dá thigh,
do shluagh
romhór in Róistigh,
mac rígh fa dána
i ndeaghágh,
brágha do Shíl
tShúilleabhán.
34 A
chuimhne dín-ne do dhligh,
lá
marbhtha mheic Mheic Shíthigh;
fuair do
bhladh in tachair tug
gurbh achain damh
a dhearmad.
35 Gé do
mhadhmaigh i measg tiar
gallóglaigh Aicme
Uilliam,
do bhí a
chrú fa chuing chogaidh,
gur thuill clú
ara chomhragaibh.
36 Pilip Acaéid
an airm chuirr,
lá troda Cille
Cumhaill,
ar mbeith dóibh i
n-éigin ann
céidfhir do
fhóir ar Émann.
37 ’Do
chródhacht do-chuaidh ós aird
lá eile i
n-ursain Fidhaird;
do lig cách re
aire ort,
áth in
bhaile do bhárdocht’.
38 Ar
Philip a-tá i ngach tír,
lá
deabhtha Dhúna Chairín,
go tug maidhm
rígh le ruagaibh,
dar lín d’ainm an
imruagaidh.
39 Baile in
Ghronta, fa táem te,
Baile Uadag, uair
eile;
mór fer dar
cuiredh i céill
tuiremh a
chen ’na chaithréim.
40 Mór in
chuimhne a chur i suim,
a
chródhacht re cois Émainn;
domh ach gidh
éigin dá éis,
sgor ní héidir dá
fhaisnéis.
41 Ar bhen
do bhuaibh dá fhaghlaibh,
dob fhada
i n-énmharbhnaidh;
dá cumainn mo
chuimhne féin,
duilghe a cumaim
dá chaithréim.
42 Gach
ainbhreath dá rugas riamh,
ó nach mair mac
meic Uilliam,
fiú ar moirn-ne
do bhreith bhroide,
do bhreith
oirn-ne is usaide. D-e-a-c-air- c-o-mhall.